<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0279</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Buiséad ginearálta CEF an Aontais (an 9ú, an 10ú agus an 11ú)</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0110/2024 -  Rapóirtéir:Joachim Kuhs)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2022 (2023/2183(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na ráitis airgeadais agus do na cuntais ioncaim agus caiteachais don naoú, don deichiú agus don aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2022 (COM(2023)0392 – C9‑0302/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhaisnéis airgeadais maidir leis na Cistí Eorpacha Forbraíochta (COM(2023)0392),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an naoú, ag an deichiú agus ag an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2022, mar aon leis na freagraí ón gCoimisiún<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/103, 4.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/109, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na moltaí ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir leis an urscaoileadh atá le tabhairt don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme oibríochtaí na gCistí Eorpacha Forbraíochta don bhliain airgeadais 2022 (05889/2024 – C9‑0123/2024, 05891/2024 – C9‑0122/2024, 05892/2024 – C9‑0124/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2023)0384),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou (Beinin) an 23 Meitheamh 2000<FOOTNOTE><FIELD> IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.</FIELD></FOOTNOTE> agus a leasaíodh in Ouagadougou (Buircíne Fasó) an 22 Meitheamh 2010<FOOTNOTE><FIELD> IO L 287, 4.11.2010, lch. 3.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (‘an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 344, 19.12.2013, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach, lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 355, 7.10.2021, lch. 6.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 33 de Chomhaontú Inmheánach an 20 Nollaig 1995 idir ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, maidir le maoiniú agus riar scéim cabhrach an Chomhphobail faoin Dara Prótacal Airgeadais a ghabhann le ceathrú Coinbhinsiún ACC-CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 156, 29.5.1998, lch. 108.</FIELD></FOOTNOTE>.
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 32 de Chomhaontú Inmheánach an 18 Meán Fómhair 2000 idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, maidir le Maoiniú agus Riar Scéim Cabhrach an Chomhphobail faoin bPrótacal Airgeadais a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou (Beinin) an 23 Meitheamh 2000 agus maidir le leithroinnt cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair de Chonradh CE maidir leo<FOOTNOTE><FIELD> IO L 317, 15.12.2000, lch. 355.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 11 de Chomhaontú Inmheánach an 24 Meitheamh agus an 26 Meitheamh 2013 idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, ar mhaoiniú scéim cabhrach an Aontais Eorpaigh faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus ar leithroinnt cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair de CFAE maidir leo<FOOTNOTE><FIELD> IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 CFAE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 74 de Rialachán Airgeadais an 16 Meitheamh 1998 is infheidhme maidir le comhar airgeadais forbraíochta faoi cheathrú Coinbhinsiún ACC-CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 191, 7.7.1998, lch. 53.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 119 de Rialachán Airgeadais an 27 Márta 2003 is infheidhme maidir leis an 9ú Ciste Eorpach Forbraíochta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 83, 1.4.2003, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 215/2008 ón gComhairle an 18 Feabhra 2008 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir leis an 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 78, 19.3.2008, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2015/323 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 58, 3.3.2015, lch. 17.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 44 de Chinneadh (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323<FOOTNOTE><FIELD> IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 99 agus don tríú fleasc de Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta ,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0110/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag deonú urscaoileadh don Choimisiún i leith chur chun feidhme bhuiséad an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún anseo thíos;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><DECISION><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 maidir le cuntais an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2022 a dhúnadh (2023/2183(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na ráitis airgeadais agus do na cuntais ioncaim agus caiteachais don naoú, don deichiú agus don aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2022 (COM(2023)0392 – C9‑0302/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don fhaisnéis airgeadais maidir leis na Cistí Eorpacha Forbraíochta (COM(2023)0392),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCúirt Iniúchóirí maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an naoú, ag an deichiú agus ag an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2022, mar aon leis na freagraí ón gCoimisiún<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/103, 4.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/109, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na moltaí ón gComhairle an 22 Feabhra 2024 maidir le hurscaoileadh atá le tabhairt don Choimisiún i ndáil le cur chun feidhme oibríochtaí na gCistí Eorpacha Forbraíochta don bhliain airgeadais 2022 (05889/2024 – C9‑0123/2024, 05891/2024 – C9‑0122/2024, 05892/2024 – C9‑0124/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an obair leantach ar urscaoileadh don bhliain airgeadais 2021 (COM(2023)384),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou (Beinin) an 23 Meitheamh 2000<FOOTNOTE><FIELD> IO L 317, 15.12.2000, lch. 3.</FIELD></FOOTNOTE> agus a leasaíodh in Ouagadougou (Buircíne Fasó) an 22 Meitheamh 2010<FOOTNOTE><FIELD> IO L 287, 4.11.2010, lch. 3.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (‘an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear’)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 344, 19.12.2013, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chinneadh (AE) 2021/1764 ón gComhairle an 5 Deireadh Fómhair 2021 maidir le Comhlachas na dTíortha agus na gCríoch Thar Lear leis an Aontas Eorpach, lena n-áirítear caidreamh idir an tAontas Eorpach de pháirt, agus an Ghraonlainn agus Ríocht na Danmhairge den pháirt eile (an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn)<FOOTNOTE><FIELD> IO L 355, 7.10.2021, lch. 6.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 33 de Chomhaontú Inmheánach an 20 Nollaig 1995 idir ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, maidir le maoiniú agus riar scéim cabhrach an Chomhphobail faoin Dara Prótacal Airgeadais a ghabhann le ceathrú Coinbhinsiún ACC-CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 156, 29.5.1998, lch. 108.</FIELD></FOOTNOTE>.
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 32 de Chomhaontú Inmheánach an 18 Meán Fómhair 2000 idir Ionadaithe Rialtais na mBallstát, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, maidir le Maoiniú agus Riar Scéim Cabhrach an Chomhphobail faoin bPrótacal Airgeadais a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta idir comhaltaí Ghrúpa Stát na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin, de pháirt amháin, agus an Comhphobal Eorpach agus a Bhallstáit, den pháirt eile, arna shíniú in Cotonou (Beinin) an 23 Meitheamh 2000 agus maidir le leithroinnt cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair de Chonradh CE maidir leo<FOOTNOTE><FIELD> IO L 317, 15.12.2000, lch. 355.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 11 de Chomhaontú Inmheánach an 24 Meitheamh agus an 26 Meitheamh 2013 idir Ionadaithe Rialtais Bhallstáit an Aontais Eorpaigh, ag teacht le chéile dóibh sa Chomhairle, ar mhaoiniú scéim cabhrach an Aontais Eorpaigh faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil don tréimhse 2014 go 2020, i gcomhréir le Comhaontú Comhpháirtíochta ACC-AE, agus ar leithroinnt cúnaimh airgeadais do na Tíortha agus na Críocha Thar Lear a bhfuil feidhm ag Cuid a Ceathair de CFAE maidir leo<FOOTNOTE><FIELD> IO L 210, 6.8.2013, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 319 CFAE,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 74 de Rialachán Airgeadais an 16 Meitheamh 1998 is infheidhme maidir le comhar airgeadais forbraíochta faoi cheathrú Coinbhinsiún ACC-CE<FOOTNOTE><FIELD> IO L 191, 7.7.1998, lch. 53.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 119 de Rialachán Airgeadais an 27 Márta 2003 is infheidhme maidir leis an 9ú Ciste Eorpach Forbraíochta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 83, 1.4.2003, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 50 de Rialachán (CE) Uimh. 215/2008 ón gComhairle an 18 Feabhra 2008 maidir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir leis an 10ú Ciste Eorpach Forbraíochta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 78, 19.3.2008, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2015/323 ón gComhairle an 2 Márta 2015 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta<FOOTNOTE><FIELD> IO L 58, 3.3.2015, lch. 17.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 44 de Chinneadh (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag, agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323<FOOTNOTE><FIELD> IO L 307, 3.12.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 99 agus don tríú fleasc de Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta ,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0110/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas dhúnadh chuntais an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2022;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an gCúirt Iniúchóirí agus chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta, agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>3.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ina bhfuil barúlacha atá in gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i leith chur chun feidhme bhuiséad an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2022 (2023/2183(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad an naoú, an deichiú agus an aonú Ciste Eorpach Forbraíochta déag don bhliain airgeadais 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 35/2018 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa:
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 99 agus don tríú fleasc de Riail 100 agus d’Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta ,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0110/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfeidhmíonn comhar an Aontais um fhorbairt, dá dtagraítear in Airteagail 208 go 211 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, i gcomhthéacs domhanda, arna shainiú i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe (‘Clár Oibre 2030’) agus sna Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) lena mbaineann;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go bhfuil caidreamh comhair ag an Aontas le líon mór tíortha atá i mbéal forbartha agus é mar phríomhchuspóir aige forbairt eacnamaíoch, shóisialta agus chomhshaoil a chur chun cinn, agus é mar phríomhaidhm an bhochtaineacht a laghdú agus a dhíothú go fadtéarmach trí chabhair um fhorbairt agus cúnamh teicniúil a sholáthar do thíortha is tairbhithe;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, ó 1959 agus go dtí 2020, gur sholáthair na Cistí Eorpacha Forbraíochta (CEFanna) cabhair le haghaidh comhar um fhorbairt do na tíortha atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) agus do na tíortha agus críocha thar lear (OCTanna); de bhrí gur chomhaontú comhpháirtíochta é an creat lenar rialaíodh caidreamh an Aontais le tíortha ACC agus leis na tíortha agus críocha thar lear a síníodh in Cotonou (‘Comhaontú Cotonou’) ar an 23 Meitheamh 2000 le haghaidh tréimhse 20 bliain agus ar cuireadh síneadh sealadach leis dhiaidh sin; de bhrí gur síníodh Comhaontú Samó an 15 Samhain 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí gur shroich an t-aonú CEF déag a chéim dheiridh de réir mar a tháinig a chlásal éagtha i bhfeidhm an 31 Nollaig 2020; de bhrí, áfach, go síneofar conarthaí sonracha le haghaidh comhaontuithe maoiniúcháin atá ann cheana go dtí an 31 Nollaig 2023, agus go leanfar de chur chun feidhme na dtionscadal leanúnach arna gcistiú ag CEF go dtí go gcuirfear i gcrích iad go críochnaitheach;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, le haghaidh CAI 2021-2027, go bhfuil an chabhair le haghaidh comhar um fhorbairt do na tíortha atá mar chuid de Ghrúpa na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) comhtháite san Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta - An Eoraip Dhomhanda (‘NDICI-An Eoraip Dhomhanda’) agus go bhfuil an chabhair le haghaidh comhar um fhorbairt do na tíortha agus críocha thar lear ionchorpraithe sa Chinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear, lena n-áirítear an Ghraonlainn;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí nár ionchorpraíodh an naoú, an deichiú agus an aonú CEF déag i mbuiséad ginearálta an Aontais agus go leanfar dá gcur chun feidhme agus de thuairisciú a dhéanamh orthu ar leithligh go dtí go ndúnfar iad;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gurb í an Ard-Stiúrthóireacht um Chomhpháirtíochtaí Idirnáisiúnta (AS INTPA) sa Choimisiún a bhainistíonn na CEFanna den chuid is mó agus go bhfuil sciar beag (5 %) de chaiteachas 2022 ar CEFanna á bhainistiú ag Ard-Stiúrthóireacht na Cosanta Sibhialta Eorpaí agus na nOibríochtaí Eorpacha um Chabhair Dhaonnúil (AS ECHO);
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí go bhfuil an comhar um fhorbairt ag athrú ó shamhail níos traidisiúnta deontóirí-faighteoir i dtreo béim níos láidre a chur ar leasanna frithpháirteacha, lena gcumhdaítear ní hamháin earnálacha sóisialta ach infheistíocht inbhuanaithe, trádáil, agus forbairt earnálacha eacnamaíocha ard-bhreisluacha freisin, agus ar chomhpháirtíochtaí idirnáisiúnta chun dul i ngleic le dúshláin dhomhanda; de bhrí, de réir CFAE, ‘go mbeidh sé mar chuspóir príomhúil do bheartas an Aontais maidir leis an gcomhar um fhorbairt an bhochtaineacht a laghdú agus, san fhadtéarma, deireadh a chur léi ar fad’;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí, trí chur chuige Fhoireann na hEorpa, go n-oibríonn an tAontas i gcomhar leis na Ballstáit ar an láthair, le tairbhithe áitiúla agus leis na deontóirí eile chun tionchar follasach a imirt agus athrú ó bhonn a bhaint amach sna tíortha comhpháirtíochta;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cur chun feidhme an bhuiséid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>de bhrí gur léiríodh an cur chun feidhme airgeadais le haghaidh an 10ú agus 11ú CEF in 2022 (gealltanais aonair: EUR 853 mhilliún agus íocaíochtaí EUR 2 386 mhilliún) le Cinneadh (AE) 2022/1223 ón gComhairle EUR 600 milliún de chistí saortha ón 10ú agus 11ú CEF a athúsáid;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cur sonrú sa chinneadh ón gComhairle, trínar leithdháileadh EUR 600 milliún ó thionscadail shaortha faoin 10ú agus faoin 11ú CEF chun críche gníomhaíochtaí a théann i ngleic leis an ngéarchéim slándála bia agus turraing eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC) a mhaoiniú, tar éis chogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine; á chreidiúint, i bhfianaise staid uafásach eisceachtúil na slándála bia i dtíortha ACC, gur gá na cistí sin a chomhlánú le bearta iomchuí chun neamhspleáchas bia na bpobal áitiúil a fheabhsú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur rannchuidigh cur chun feidhme CEF in 2022 le feabhsuithe ar uisce agus sláintíocht, rochtain ar leictreachas, rochtain ar chúnamh dlíthiúil, slándáil bia agus cothú, cosaint an chomhshaoil, straitéisí chun an t-athrú aeráide a mhaolú agus éiceachórais nádúrtha, sláinte, oideachas, agus fiontraíocht/infhostaitheacht;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ionann CEF agus 33,2 % de phunann AS INTPA ó thaobh íocaíochtaí de in 2022, íocaíochtaí a bhí comhionann le EUR 2 452 mhilliún (i.e. 98,08 % den sprioc bhliantúil); ag tabhairt dá haire gurbh ionann íocaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) agus EUR 461 mhilliún; ag tabhairt faoi deara, ós rud é go raibh clásal éagtha an aonú CEF déag caite an 31 Nollaig 2020, nach raibh aon ghealltanas nua ann in 2022, cé is moite de ghealltanais na gcistí a eascraíonn as athúsáid chúlchiste an 10ú agus an 11ú CEF faoi Chinneadh (AE) 2022/1223 ón gComhairle, maidir leis na bearta speisialta le haghaidh fhreagairt an Aontais ar ghéarchéim na slándála bia agus ar an suaitheadh eacnamaíoch i dtíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC); ag tabhairt dá haire gurbh ionann íocaíochtaí BEI maidir le Saoráid Infheistíochta ACC agus EUR 400 milliún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfáth a thábhachtaí atá cur chuige Fhoireann na hEorpa maidir le héifeachtacht agus infheictheacht chúnamh an Aontais agus á cur in iúl gur geal léi an tionscnamh ón gCoimisiún chun an comhordú leis na Ballstáit a dhoimhniú agus chun an leas is fearr is féidir a bhaint as an saineolas atá acu cheana i dtíortha comhpháirtíochta, lena n-áiritheofar Eoraip níos láidre ar domhan; ag tabhairt dá haire gurb ann do Thionscnaimh réigiúnacha Fhoireann na hEorpa maidir le bealach imirce na Meánmhara Thiar, ina bhfuil ionadaithe ó AS NEAR agus AS INTPA araon ina ghrúpa bainistíochta lena n-áirithítear comhleanúnachas gníomhaíochta agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as acmhainní airgeadais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á chur i bhfios gur dúnadh 60 % de na conarthaí faoin 11ú CEF, agus gur cheart don Choimisiún dúnadh an 9ú CEF a thabhairt chun críche in 2024; ag tabhairt dá haire go ndearnadh dul chun cinn maidir le dúnadh an 10ú CEF le 95,2 % de na conarthaí dúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil iarrachtaí á ndéanamh ag AS INTPA chun sean-réamh-mhaoiniú a bhfuil sprioc 40 % acu, agus seanghealltanais nár caitheadh a bhfuil sprioc 35 % acu, a laghdú; ag tabhairt dá haire gur sháraigh AS INTPA an sprioc trí shean-réamh-mhaoiniú CEF a laghdú faoi 54,31 % agus faoi 52,51 % do sheanghealltanais CEF nár caitheadh agus ar fud a réimse freagrachta ina iomláine; ag tabhairt dá haire, maidir le gealltanais nár caitheadh, gur bhain sé amach an sprioc 35 % do CEFanna le 36,83 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag tabhairt dá haire, áfach, de réir na tuarascála ón gCúirt Iniúchóirí (‘an Chúirt’), nach gcuirtear san áireamh le eochairtháscaire feidhmíochta AS INTPA maidir le sean-réamh-mhaoiniú a laghdú líon na mblianta a bhfuil gach idirbheart réamh-mhaoiniúcháin fós oscailte ina leith, agus dá bhrí sin go measann an Chúirt nár léirigh baint amach an eochairtháscaire feidhmíochta sin na deacrachtaí a bhí ann maidir le hidirbhearta réamh-mhaoinithe níos sine a imréiteach, a raibh cuid acu ar oscailt le suas le 12 bhliain; ag cur sonrú sa fhreagra ón gCoimisiún maidir le seansonraisc oscailte agus seaníocaíochtaí réamh-mhaoinithe nár imréitíodh suas le 12 bhliain, go mbaineann formhór na seaníocaíochtaí réamh-mhaoinithe sin le cásanna dlíthíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thuairisciú a dhéanamh don Pharlaimint maidir leis na cásanna dlíthíochta sin, mar a rinneadh cheana féin tar éis mholadh Uimh. 2015/PAR/0463 ón bParlaimint; ag tabhairt dá haire, thairis sin, chun an sean-réamh-mhaoiniú a laghdú agus chun aghaidh a thabhairt ar aosú na sonrasc, go bhfuil rialuithe bliantúla curtha i bhfeidhm ag an gCoimisiún cheana féin, agus go ndearnadh 93 % d’íocaíochtaí CEF in am trátha in 2022, go bhfuil úsáid á baint aige as Deais Bhainistíochta Punainne (a tugadh cothrom le dáta i mí Dheireadh Fómhair 2023) lenar féidir leis an bhfoireann faireachán a dhéanamh ar aosú an réamh-mhaoinithe agus obair leantach a dhéanamh ar shonraisc atá i bhfad thar téarma, agus go bhfuil gníomhaíochtaí breise á ndéanamh aige, lena n-áirítear feachtais <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING>, seimineáir agus treoirlínte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur bhain AS INTPA a sprioc amach maidir le líon seanchonarthaí nach mó ná 13 % a bheith imithe in éag do CEF; ag tabhairt dá haire gur baineadh amach scór 10,56 % do CEF agus 8,39 % do bhuiséad ginearálta an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>á chur i bhfios gur shroich méid na ngealltanas gan íoc ó CEFanna 12,6 % nó EUR 8 250 milliún in 2022;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tionchar na ngníomhaíochtaí sna ráitis airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig laghdú EUR 239 milliún ar réamh-mhaoiniú den chuid is mó mar thoradh ar níos lú réamhíocaíochtaí a íocadh mar gheall ar an laghdú ar líon na gconarthaí a síníodh (EUR 2 118 milliún in 2021 i gcomparáid le EUR 853 mhilliún in 2022), agus, dá bhrí sin, gur tháinig méadú EUR 34 mhilliún ar airgead tirim agus ar choibhéisí airgid thirim mar thoradh ar an laghdú ar an réamh-mhaoiniú agus ar íocaíochtaí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh méadú táillí carntha den luach EUR 123 mhilliún ann de thoradh an mhéadaithe ar líon na gconarthaí oscailte ag deireadh na bliana nach ndearnadh aon éileamh costais a bhailíochtú ina leith faoi dheireadh na bliana agus, dá bhrí sin, gur ghá an caiteachas a mheas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur tháinig laghdú foriomlán EUR 74 mhilliún ar chostais oibriúcháin mar thoradh ar fhoirceannadh na gCistí Iontaobhais den chuid is mó, rud a d’fhág gur tháinig laghdú ar na ranníocaíochtaí is gá chun a gcostais a chumhdach, agus gur méadaíodh na costais a bhaineann le cabhair éigeandála ós rud é gur úsáideadh cistí saortha ón 10ú agus ón 11ú CEF chun éifeachtaí diúltacha an chogaidh san Úcráin a chomhrac;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur i bhfios go láidir, maidir le tionchar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas, gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid nach bhfuil aon tionchar airgeadais ann lena thuairisciú i gcuntais CEF 2022 agus go léiríonn cuntais CEF amhail an 31 Nollaig 2022 staid an phróisis chun tarraingt siar ar an dáta sin i gceart;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beachtas na gcuntas</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>ag tabhairt dá haire nárbh ionann buiséad an 9ú CEF (2000-2000) agus ach EUR 13,8 billiún, agus gur méadaíodh an 10ú CEF (2008-2013) nach mór faoi dhó go EUR 22,7 billiún, agus, leis an 11ú CEF, go soláthraítear méid mór de EUR 30,5 billiún, suim ar leithdháileadh EUR 29,1 billiún di ar thíortha ACC agus EUR 0,4 billiún di ar na tíortha agus críocha thar lear, agus EUR 1 bhilliún ar chostais riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur fhógair an Coimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2021 go gcuirfí deireadh leis an 8ú CEF; á chur i bhfios, i gcuntais bhliantúla CEF don bhliain airgeadais 2022, gur thug an Coimisiún le fios gur cuireadh gníomhaíochtaí uile an 8ú CEF i gcrích agus gur dúnadh na conarthaí agus na cinntí airgeadais uile i gcuntais CEF agus gur aistríodh na horduithe gnóthaithe oscailte a bhí fágtha chuig an 9ú CEF; ag tabhairt dá haire, áfach, go raibh an fhaisnéis airgeadais maidir leis an 8ú CEF fós le feiceáil sna cuntais, agus go raibh roinnt iarmhéideanna den 8ú CEF fós oscailte in 2022; ag tabhairt dá haire gur tharla dúnadh oibríochtúil an 8ú CEF mar a foráladh in 2021 agus go bhfuil dúnadh cuntasaíochta iomlán an 8ú CEF ar feitheamh mar gheall ar orduithe gnóthaithe leanúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur tháinig an Chúirt ar an gconclúid, sa tuarascáil bhliantúil uaithi maidir leis na gníomhaíochtaí arna gcistiú ag an naoú, ag an deichiú agus ag an aonú CEF déag don bhliain airgeadais 2022, go gcuirtear i láthair go cothrom, i ngach gné ábhartha, leis na cuntais don bhliain airgeadais dar críoch an 31 Nollaig 2022, staid airgeadais na CEFanna, torthaí a n-oibríochtaí, a sreafaí airgid agus na hathruithe ar a nglansócmhainní don bhliain dar críoch an dáta sin, i gcomhréir le forálacha Rialachán (AE) 2018/1877<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2018/1877 ón gComhairle an 26 Samhain 2018 maidir leis an rialachán airgeadais is infheidhme maidir leis an 11ú Ciste Eorpach Forbraíochta agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) 2015/323 (IO L 307, 3.12.2018, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle (‘Rialachán Airgeadais CEF’) agus leis na caighdeáin chuntasaíochta don tseirbhís phoiblí;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leis na cuntais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eisigh an Chúirt tuairim, ar dá réir atá an t-ioncam is bun leis na cuntais don bhliain dar chríoch an 31 Nollaig 2022 dlíthiúil agus rialta i ngach gné ábhartha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann cur chun feidhme Cistí Eorpacha Forbraíochta (CEFanna) le tíortha a bhfuil tionchair ghéaraitheacha an athraithe aeráide, chailliúint na bithéagsúlachta, neamhshlándáil an tsoláthair bia, agus atá lagaithe freisin mar thoradh ar phaindéim COVID, cogadh foghach gan chúis gan údar na Rúise san Úcráin, chomh maith le leibhéil fiachais atá ag ardú, géarchéimeanna agus coinbhleachtaí daonnúla, a chruthaíonn neamhionannas agus bochtaineacht atá ag dul i méid; á áitiú, dá bhrí sin, gur cheart do na tionscadail atá fágtha faoi CEFanna díriú ar chur chun feidhme na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a chur chun cinn; ag athdhearbhú gur dálaí bunúsacha don domhan iad an tslándáil, comhpháirtíochtaí comhthairbheacha, agus comhar idirnáisiúnta chun dul chun cinn a dhéanamh maidir leis na SDGanna i dtreo 2030 agus ina dhiaidh sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á athdhearbhú gur cúis bhuartha di an iliomad cúiseanna a d’fhéadfadh a bheith leis na tuairimí díobhálacha i ndiaidh a chéile ón gCúirt maidir le dlíthiúlacht agus rialtacht an chaiteachais toisc go bhfuil tionchar ábhartha ag earráidí ar an gcaiteachas arna ghlacadh sna cuntais don bhliain dar críoch an 31 Nollaig 2022; ag tabhairt dá haire ag an am céanna go bhfuil an gcomhthéacs ina ndéantar CEF a chur chun feidhme casta agus go bhfuil sé ag athrú go tapa agus go bhfuil riosca ag baint leis, agus go bhfuil éagsúlacht shuntasach ann ó thaobh scaipeadh geografach, eintitis cur chun feidhme agus tíortha comhpháirtíochta de agus ó thaobh modhanna seachadta cúnaimh de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt scrúdú ar shampla 140 idirbheart a bhí ionadaíoch ar an réimse iomlán caiteachais ó CEF d’fhonn iniúchóireacht a dhéanamh ar rialtacht na n-idirbheart; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh an sampla sin de 27 n-idirbheart a bhaineann leis an gCiste Iontaobhais Éigeandála don Afraic, 98 n-idirbheart arna n-údarú ag 20 toscaireacht de chuid an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> Beinin, an Bhotsuáin, Buircíne Fasó, Djibouti, an Aetóip, Fidsí, an Ghabúin, São Tomé agus Príncipe, Guine Bissau, Háítí, an Cósta Eabhair, an Libéir, Madagascar, an Mhaláiv, an Nigéir, an Tansáin, an Ghaimbia, Tóga, Uganda agus an tSiombáib.</FIELD></FOOTNOTE> agus 15 íocaíocht arna bhformheas ag ceanncheathrú an Choimisiúin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, go raibh earráidí in 57 (40,7 %) as an 140 idirbheart a scrúdaíodh, i gcomparáid le 54 (38,8 %) idirbheart in 2021 don líon céanna idirbheart; á chur i bhfáth, thairis sin, gur chainníochtaigh an Chúirt 48 earráid (43 earráid in 2021), ar ar a mbonn a mheas sí gurbh é 7,1 % an leibhéal earráide don bhliain airgeadais 2022 (4,6 % in 2021);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurbh ionann leibhéal measta na n-earráidí sa bhliain airgeadais 2022 agus 51 % do chaiteachas nár tabhaíodh (14,9 % in 2021), 24 % do chaiteachas neamh-incháilithe (38.6 % in 2021), 16 % do mhainneachtain thromchúiseach rialacha soláthair phoiblí a urramú (14,6 % in 2021), 7 % d’easpa doiciméad tacaíochta bunriachtanach (23,3 % in 2021) agus 2 % do chineálacha eile earráidí (8,6 % in 2021); ag cur sonrú sa fhreagra ón gCoimisiún go bhfuil formhór na n-earráidí a d’fhéadfaí a sheachaint ábhartha maidir le himréiteach iomarcach (caiteachas nár tabhaíodh), rud arb é is cúis leis tuairisciú airgeadais neamhleor arna sholáthar ag comhpháirtithe cur chun feidhme sa bhainistíocht indíreach agus nach ndéanann sé difear do chur chun feidhme na dtionscadal;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtugtar le fios i bhfreagra an Choimisiúin go bhfuil thart ar 50 % de na hearráidí suimithe mar thoradh ar imréiteach iomarcach in 2022, cleachtas ina n-áirítear caiteachas nár tabhaíodh sna cuntais mar chaiteachas arna thabhú, agus gur caiteachas sealadach iad dá bhrí sin, ós rud é nach mbeidh siad ann a thuilleadh tar éis na n-imréitigh deiridh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil iarrachtaí déanta ag an gCoimisiún chun gur fusa caiteachas arna thabhú a shainaithint agus á iarraidh ar an gCoimisiún an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoi éifeachtaí na ngníomhaíochtaí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir rialuithe <STRING ITALIC="on">ex-ante</STRING> AS INTPA cosc in 2022 ar mhéid iomlán EUR 167,94 milliún de chaiteachas neamh-incháilithe a íoc, arb ionann é agus 291 % den mhéid iomlán sonraiscthe agus os cionn an tagarmhairc arna shocrú ag AS INTPA don táscaire sin (2 %) agus os cionn thoradh 2021 thuasluaite (2,62 %); ag spreagadh an Choimisiúin chun tuilleadh feabhais a chur ar na córais rialaithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>	á chur in iúl gur cúis bhuartha dí go ndearna oifigeach údarúcháin náisiúnta CEF Bheinin conradh a dhámhachtain ar chuideachta chomhairliúcháin chun rannpháirtíocht na sochaí sibhialta sa tír a neartú, ar sárú tromchúiseach é ar na rialacha soláthair phoiblí; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gur bhain an Coiste Meastóireachta úsáid as a “cumhacht lánroghnach” chun modh ríomha a chur i bhfeidhm nach raibh doiciméadaithe go leordhóthanach sa nós imeachta, de réir an Choimisiúin; ag tabhairt dá haire go ndearna an Coimisiún gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na laigí a sainaithníodh sa Toscaireacht sin agus chun fadhbanna comhchosúla i dToscaireachtaí eile a sheachaint; ag tabhairt dá haire gurbh ionann an leibhéal earráide i dToscaireacht AE i mBeinin agus thart ar 30 % den earráid iomlán agus, mura gcuirfí san áireamh í, go mbeadh an earráid iomlán thart ar 4,7 % seachas 7,1 %; á mheabhrú go bhfuil trédhearcacht agus cuntasacht bunriachtanach do ENRanna, a n-iarrtar orthu gníomhú i gcomhréir iomlán le rialacha agus luachanna airgeadais an <STRING UNDERLINE="on">Aontais</STRING>, go háirithe i mbainistiú chistí an Aontais, agus á chur i bhfáth gur cheart tacú le ENRanna ina gcórais rialaithe agus faireacháin, go háirithe iad siúd a oibríonn i dtríú tíortha; á mheabhrú go bhfuil ENRanna faoi réir an leibhéil chéanna rialaithe agus imscrúduithe atá ar aon fhaighteora eile de chistí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go sáraíonn an leibhéal measta earráide an tairseach ábharthachta (2 %) go córasach; ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go bhfuil méadú 2,5 %, i gcomparáid leis an mbliain airgeadais 2021, tagtha ar an leibhéal measta earráide i gcomparáid leis an méadú 0,8 % idir na blianta airgeadais 2020 agus 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur eisigh an Coimisiún 333 Ordú Gnóthaithe in 2022 maidir le 293 chonradh do mhéid iomlán EUR 62,92 milliún;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Trédhearcacht agus éifeachtacht na gcóras faireacháin agus dearbhaithe</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag cur sonrú i mbarúil na Cúirte, go ndearna an Coimisiún agus a chomhpháirtithe cur chun feidhme níos mó earráidí in 2022 a bhí bainteach le meastacháin do chlár agus deontais agus le comhaontuithe ranníocaíochta agus tarmligin le tíortha tairbhiúla, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí na mBallstát ná mar a rinne siad le haon chineál tacaíochta eile (amhail iad siúd a chlúdaíonn oibreacha, soláthar agus conarthaí seirbhíse); ag tabhairt dá haire, ina theannta sin, gurb amhlaidh, as 99 n-idirbheart den chineál sin a scrúdaigh an Chúirt, go raibh earráidí inchainníochtaithe in 46 díobh, arbh ionann iad agus 86 % den leibhéal measta earráide; ag tabhairt dá haire go bhfuil athbhreithniú á dhéanamh ag AS INTPA faoi láthair ar a straitéis rialaithe, lena n-áirítear ceanglais tuairiscithe, agus bearta ceartaitheacha a d’fhéadfadh a bheith ann a fhiosrú; á iarraidh ar an gCoimisiún an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas faoina straitéis rialaithe athbhreithnithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, go raibh faisnéis leordhóthanach ag an gCoimisiún in 23 chás d’earráid inchainníochtaithe agus in 5 chás d’earráid neamh-inchainníochtaithe chun an earráid a chosc, nó é a bhrath agus a cheartú, sular ghlac sé leis an gcaiteachas; ag tabhairt dá haire, thairis sin, dá mba rud é, de réir mheasúnú na Cúirte, gur bhain an Coimisiún úsáid chuí as an bhfaisnéis uile a bhí ar fáil dó, go mbeadh an leibhéal measta earráide 5.5 pointe céatadáin níos ísle, i gcomparáid le 2.4 pointe céatadáin in 2021; ag cur sonrú sa fhreagra ón gCoimisiún gurb é is cúis le formhór na n-earráidí a d’fhéadfaí a sheachaint ná tuairisciú airgeadais neamhleor arna sholáthar ag comhpháirtithe cur chun feidhme sa bhainistíocht indíreach; ag tabhairt dá haire go bhfuil gealltanas tugtha ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar a straitéis rialaithe, lena n-áirítear ceanglais tuairiscithe agus á iarraidh ar an gCoimisiún tagairt a dhéanamh do na bearta feabhais a rinneadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir thuarascáil na Cúirte, gur cuireadh 22 idirbheart ina raibh earráidí inchainníochtaithe, arb ionann iad agus 2.3 pointe céatadáin i dtaca leis an leibhéal measta earráide, faoi réir iniúchadh nó fíorú caiteachais; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil córas rialaithe AS INTPA bunaithe ar sheiceálacha <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> agus gur fhág an fhaisnéis a sholáthraítear sna tuarascálacha iniúchóireachta nó fíoraithe ina ndéantar cur síos ar an obair a rinneadh go hiarbhír nárbh fhéidir leis an gCúirt a mheas an bhféadfaí na hearráidí a bhrath agus a cheartú le linn na seiceálacha <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> sin, ós rud é nach gcumhdaítear 100 % den chaiteachas tuairiscithe sna tuarascálacha ná nach dtugtar mionsonraí leordhóthanacha iontu chun a dheimhniú an raibh na míreanna inar aimsigh an Chúirt earráidí mar chuid de na seiceálacha <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING>; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, go bhfuil na téarmaí tagartha le haghaidh na bhfíoruithe caiteachais á dtabhairt cothrom le dáta go rialta ag an gCoimisiún, chun iomláine agus soiléireacht an tuairiscithe a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún an t-údarás um urscaoileadh a chur ar an eolas maidir leis na feabhsuithe a baineadh amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go ndearna an Chúirt dhá réimse caiteachais a shainaithint ar lú an claonadh chun earráide a bhí iontu mar gheall ar choinníollacha sonracha íocaíochta: (a) tacaíocht bhuiséadach agus (b) tionscadail ildeontóra arna gcur chun feidhme ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus atá faoi réir ‘cur chuige barúlach’; ag tabhairt dá haire go ndearna an Chúirt iniúchadh in 2022 ar dhá idirbheart tacaíochta buiséadaí agus ocht dtionscadal ‘cur chuige bharúlaigh’ arna mbainistiú ag eagraíochtaí idirnáisiúnta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag cur béim ar ról na gcomhpháirtithe cur chun feidhme áitiúla agus an gá lena áirithiú go mbeidh tacaíocht agus fothú acmhainneachta ar fáil dóibh. á thabhairt dá haire, le céimniú amach na dtionscadal CEF, gur cheart fios gnó áitiúil maidir le conas déileáil le cistí an Aontais a choimeád, d’fhonn iad a úsáid le haghaidh tionscadail faoin Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) - cuireann Ionstraim na hEorpa Domhanda i bhfios go láidir gur cheart tionscadail an Aontais a bheith faoi réir meastóireachta, faireacháin agus tuairisciú chun a n-éifeachtacht a chinneadh agus chun tionchair dhiúltacha neamhbheartaithe a sheachaint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di, mar a bhí amhlaidh sna blianta roimhe, nár thug na heagraíochtaí idirnáisiúnta seo ach rochtain theoranta ar dhoiciméid (e.g. i bhformáid inléite amháin), rud a chuir bac ar phleanáil, ar fheidhmiú agus ar rialú cáilíochta iniúchadh CIE agus as ar eascair moilleanna; ag tabhairt dá haire gur pléadh saincheisteanna rialaithe le heintitis de chuid na Náisiún Aontaithe agus leis an mBanc Domhanda roinnt uaireanta, lena n-áirítear i gcomhthéacs cruinnithe comhghrúpa tagartha teicniúla agus i gcomhthéacs mheitheal FAFA AE-NA, agus gur cuireadh Comhghrúpaí Teicniúla ar bun chun saincheisteanna iniúchóireachta agus rialaithe a phlé go rialta; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil an Coimisiún ag obair leis na hEagraíochtaí Idirnáisiúnta lena mbaineann agus go bhfuil dlús curtha aige leis an gcumarsáid leo maidir le rochtain CIE ar dhoiciméid; ag spreagadh an Choimisiúin na hiarrachtaí sin a mhéadú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>á thabhairt dá haire gur measadh san aonú staidéar déag ar an ráta earráidí iarmharacha ó AS INTPA, a rinne conraitheoir seachtrach thar a cheann in 2022, go raibh an ráta earráidí iarmharacha foriomlán faoi bhun na tairsí ábharthachta 2 % arna leagan síos ag an gCoimisiún don seachtú bliain as a chéile: 1,15 % (1,14 % in 2021);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>á chur i bhfáth nach dearbhú iontaofachta ná iniúchadh atá sa staideár ar an ráta earráidí iarmharacha, de réir mheasúnú na Cúirte, agus go bhfuil sé bunaithe ar mhodheolaíocht an ráta earráidí iarmharacha agus ar an lámhleabhar lena mbaineann a chuireann AS INTPA ar fáil; ag tabhairt dá haire go soiléiríonn AS INTPA go bhfuil sé i gceist leis an staidéar ar an ráta earráidí a bheith ina phríomhtháscaire maidir le tionchar airgeadais measta na n-earráidí iarmharacha, i.e. feidhmiú cuí an chórais rialaithe inmheánaigh a thomhas agus, dá bhrí sin, go léiríonn sé acmhainneacht cheartaitheach an Choimisiúin; á chur i bhfáth, mar a tharla sna blianta roimhe seo, gur aimsigh an Chúirt teorainneacha sa staidéar; ag tabhairt dá haire gur mheas an Chúirt, trí athbhreithniú a dhéanamh ar an modh ríomha a úsáideadh i staidéar 2022 ar an rátaí earráidí iarmharacha, go ndearnadh gannmheastachán ar an ráta earráidí iarmharacha agus gurbh ionann an ráta earráidí iarmharacha agus 1,35 % mar thoradh ar ríomh na Cúirte; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur thug an Chúirt tuairim, mar a thug sí sna blianta roimhe seo, go gceadaítear, le modheolaíocht an ráta earráidí iarmharacha, don chonraitheoir brath go hiomlán ar thorthaí sheiceálacha bainistíochta AS INTPA, agus go bhfuil sé contrártha do chuspóir staidéar ar an ráta earráidí iarmharacha má bhraitear ar obair iniúchóirí eile;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna AS INTPA laghdú suntasach, ó 2018 i leith, ar raon feidhme na bhforchoimeádas (i.e. sciar an chaiteachais a chumhdaítear leo) sna tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí (TBGanna) agus, ar an gcaoi chéanna, nach n-áirítear aon fhorchoimeádas i dTuarascáil Bhliantúil 2022 ar Ghníomhaíochtaí; ag tabhairt dá haire go measann an Chúirt nach bhfuil údar maith leis an easpa forchoimeádas in TBG 2022 agus go measann sí go n-eascraíonn sé go pointe áirithe as teorainneacha an staidéir ar an ráta earráidí iarmharacha;  ag cur sonrú sa fhreagra ón gCoimisiún go bhfuil bonn cirt leis an easpa forchoimeádas mar gheall ar chur chun feidhme ceart mhodheolaíocht agus treoracha an staidéir ar an ráta earráidí óna sheirbhísí lárnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag thabhairt dá haire gurb é meastachán AS INTPA gurb é an méid foriomlán faoi riosca ag tráth na híocaíochta ná EUR 83,3 milliún (1,4 % de chaiteachas 2022) agus gurb é an méid foriomlán faoi riosca ag tráth an chlabhsúir ná EUR 71,7 milliún; ag tabhairt dá haire, thairis sin, as an méid faoi riosca ag tráth na híocaíochta, go measann AS INTPA go ndéanfar EUR 11,6 milliún (19 %) a cheartú trína chuid seiceálacha sna blianta atá le teacht (tugtar ‘acmhainneacht cheartaitheach’ ar an méid sin);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tabhairt dá haire go n-áirítear i bPlean Gníomhaíochta 2022 AS INTPA, lena dtugtar aghaidh ar laigí rialaithe sainaitheanta agus ar ardrioscaí sainaitheanta, feabhas a chur ar an obair leantach ar thorthaí CIE/an ráta earráidí iarmharacha agus gur glacadh leaganacha nua den lámhleabhar agus de mhodheolaíocht an ráta earráidí iarmharacha i mí Mheán Fómhair 2022 chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna a ardaíodh sna barúlacha ón gCúirt roimhe seo; ag cur sonrú sa fhreagra ón gCoimisiún go seachnaítear leis na rialacha leasaithe róspleáchas ar obair rialaithe a rinneadh roimhe seo, ós rud é go bhfuil gá leis anois gur cheart faireachán a dhéanamh ar chásanna spleáchais ar obair rialaithe roimh ré i bhfianaise na meán stairiúil; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuil moladh CIE ó thuarascáil bhliantúil 2020 curtha chun feidhme go hiomlán ag an gCoimisiún chun oibleagáidí a bhunú don chonraitheoir staidéir RER aon chalaois amhrasta in aghaidh bhuiséad an Aontais a thuairisciú don Choimisiún le linn a chuid oibre; á chur in iúl gur oth léi, áfach, nach nglacann an Coimisiún leis an moladh, arna áireamh i dtuarascáil bhliantúil 2022 ón gCúirt, chun feabhas a chur ar mhodheolaíocht an ráta earráidí iarmharacha agus chun a cur i bhfeidhm cuí a fhíorú ós rud é nach léir dó gur gá an mhodheolaíocht a úsáidtear don staidéar ar an ráta earráidí iarmharacha chun míreanna ardluacha a eachtarshuí a athrú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Calaois a chosc, a bhrath agus a cheartú</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil a straitéis frithchalaoise féin forbartha agus curtha chun feidhme ag AS INTPA ó 2014 i leith, ar bhonn na modheolaíochta a chuir an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) ar fáil agus, go ndearnadh an stráitéis a uasdátú tríú huaire ó tháinig sí i bhfeidhm; ag tabhairt dá haire gur chinn AS INTPA an measúnú meántéarma ar a straitéis frithchalaoise (a bhí beartaithe ar dtús in 2022) a chur siar mar gheall ar roinnt gníomhaíochtaí iniúchóireachta agus nuashonraithe atá ar siúl faoi stiúir IAS, CIE agus OLAF; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur chuir AS INTPA 90 % den phlean gníomhaíochta lena ngabhann chun feidhme, agus gur cuireadh na gníomhaíochtaí uile chun feidhme laistigh de na sprioc-amanna a fógraíodh, cé is moite de phlé a dhéanamh le OLAF ar an bhféidearthacht samplaí anaithnidithe de chásanna calaoise a scaipeadh laistigh de líonra inmheánach an Choimisiúin, a cuireadh chun feidhme in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur rannchuidigh AS INTPA freisin le straitéis frithchalaoise an Choimisiúin agus go ndearna sé obair leantach ar mholtaí airgeadais OLAF a eisíodh in 2018-2022, rud a d’fhág nár dúnadh ach 24 % de na moltaí airgeadais agus go ndearnadh obair leantach ar 76 % de na moltaí airgeadais; á chur in iúl gur geal léi na torthaí a baineadh amach le linn 2022, amhail teacht i bhfeidhm treoirlínte inmheánacha nua maidir le faisnéis a bhaineann le calaois a láimhseáil, córas ceapacháin treisithe do líonra frithchalaoise AS INTPA, gníomhaíochtaí feasachta seachtracha a sheoladh i dtreo chomhpháirtithe agus thairbhithe cur chun feidhme AS INTPA, nuashonrú leanúnach ar gach leathanach gréasáin, lámhleabhar agus bunachar sonraí inmheánach, agus nóta bliantúil do gach ball foirne maidir le caighdeáin eitice gairmiúla, calaois a chosc agus a bhrath, agus rialacha maidir le faisnéis a nochtadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ag deireadh 2022, go raibh AS INTPA ar an eolas faoi 24 imscrúdú leanúnacha, agus gur chuir OLAF in iúl dó gur dúnadh 6 imscrúdú le moltaí airgeadais agus/nó riaracháin, 7 gan mholadh, agus gur aistríodh 2 chás chuig Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh; ag tabhairt dá haire go ndearna AS INTPA gach cás amhrasta calaoise nó neamhrialtachta a tharchur go córasach chuig OLAF agus gur lean sé go dlúth na moltaí airgeadais uile ar thug OLAF fógra ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb é an chéad chuspóir tosaíochta atá ag straitéis frithchalaoise AS INTPA 2021-2024 ná feasacht inmheánach agus sheachtrach a mhéadú maidir le saincheisteanna a bhaineann le calaois, lena n-áirítear trí dheiseanna oiliúna; á chur in iúl gur oth léi, áfach, gur chinn CIE go raibh easpa oiliúna maidir le calaois a chosc ina misean chuig ceithre thoscaireacht (ní bhfuair an fhoireann oiliúint maidir le calaois a chosc le 5 bliana anuas);
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go bhfuil an úsáid is fearr is féidir bainte ag AS INTPA as an gCóras Luathbhraite agus Eisiaimh mar uirlis chun calaois a chomhrac agus go bhfuil feabhas curtha aige ar na bearta frithchalaoise a bhaineann le tacaíocht bhuiséadach;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tacaíocht bhuiséadach an Aontais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurbh ionann na híocaíochtaí tacaíochta buiséid a rinneadh faoi CEF in 2022 agus EUR 105,2 milliún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire, ar mhaithe le comparáid a dhéanamh, gur tháinig an Úcráin amach mar thríú punann tacaíochta buiséadaí in 2022, le beagnach EUR 800 milliún d’oibríochtaí leanúnacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>á thabhairt chun suntais, le 3 bliana anuas, gur soláthraíodh íocaíochtaí EUR 6 bhilliún ar an iomlán le tacaíocht bhuiséadach an Aontais – EUR 3 bhilliún in 2020, EUR 1,2 billiún in 2021 agus EUR 1,8 billiún in 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gurbh ionann tacaíocht bhuiséadach agus 15 % d’íocaíochtaí an Choimisiúin Eorpaigh faoi chuimsiú na hIonstraime um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (NDICI – an Eoraip Dhomhanda), na hIonstraime um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III), an chinnidh maidir leis an gcomhlachas thar lear lena n-áirítear an Ghraonlainn (DOAG) nó faoi ionstraimí réamhtheachtacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb í Comharsanacht na hEorpa a fuair an tacaíocht bhuiséadach is mó in 2022 (38 %), agus ina dhiaidh sin an Afraic fho-Shahárach (24 %), an Áise (18 %), na Balcáin Thiar (8 %), Meiriceá Laidineach (6 %), Muir Chairib (2 %), tíortha/críocha thar lear (2 %) agus réigiún an Aigéin Chiúin (2 %), agus, de réir cineál conartha, gur mó conarthaí feidhmíochta maidir le hathchóiriú earnála (SRPCanna) ná conarthaí forbartha stáit agus athléimneachta (SRBCanna) agus conarthaí SDG (SDG-Canna), a bhfuil luach 74 % den phunann acu i gcomparáid le 24,5 % agus 1,5 % faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>á mheabhrú nach féidir le hiniúchadh rialtachta na Cúirte<FOOTNOTE><FIELD> Tuarascáil Speisialta 25/2019 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa: Cáilíocht sonraí sa tacaíocht bhuiséadach: laigí i roinnt táscairí agus i bhfíorú na híocaíochta le haghaidh tráinsí inathraitheacha.</FIELD></FOOTNOTE> an méid a tharlaíonn, tar éis an trátha ina bhfuil an tacaíocht bhuiséadach íoctha ag an gCoimisiún leis an tír is faighteoir, a chlúdach, ós rud é go ndéantar na cistí sin a chumasc le hacmhainní buiséid na tíre féin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in 2022<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">,</STRING></STRING> gurb iad Mósaimbíc, an tSúdáin agus Poblacht Dhaonlathach an Chongó na faighteoirí is mó a fuair íocaíochtaí CEF, agus gurbh iad na hearnálacha a raibh an cistiú is mó acu ná an rialtas agus an tsochaí shibhialta, an talmhaíocht, an fuinneamh agus bonneagair agus seirbhísí sóisialta; ag tabhairt dá haire go mbaineann cur chun feidhme CEF le tíortha atá ag dul i ngleic le tionchair ghéaraitheacha an athraithe aeráide, cailliúint na bithéagsúlachta, neamhshlándáil an tsoláthair bia, agus atá laghdaithe freisin mar thoradh ar leibhéil fiachais atá ag ardú, géarchéimeanna agus coinbhleachtaí daonnúla nua agus dearmadta, a chruthaíonn neamhionannas agus bochtaineacht atá ag dul i méid; á iarraidh go mbeadh CEF coinníollach i gcás ina mbeidh fianaise ann maidir le sáruithe ar chearta an duine agus go ndéanfar é a sheiceáil i gcoinne an éillithe agus na himghabhála cánach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á iarraidh go mbeadh comhordú níos láidre ann idir an Coimisiún, SEGS agus á iarraidh ar thoscaireachtaí AE plé agus comhar leis na gníomhaithe ábhartha áitiúla ar an láthair a éascú chun na tionscadail is fearr a chomhlíonann cuspóirí éifeachtachta forbartha a shainaithint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á thabhairt dá haire gur comhpháirtithe maithe iad gníomhaithe áitiúla neamhrialtasacha chun cúnamh an Aontais a sholáthar do dhaoine atá i ngátar, go háirithe i limistéir iargúlta; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh rannpháirtíocht níos láidre an Aontais leis na heagraíochtaí sin dlús a chur le héifeachtúlacht an chomhair um fhorbairt;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Obair leantach ar urscaoileadh 2021</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>ag tabhairt dá haire ón tuarascáil leantach ón gCoimisiún maidir le hurscaoileadh 2021 go bhfuil digitiú na rialuithe sa ghníomhaíocht sheachtrach fós ar siúl, d’fhonn na cleachtais chorparáideacha agus na huirlisí corparáideacha a ghlacadh agus go n-éascófar leis an aistriú atá ar na bacáin chuig an r-iniúchadh corparáideach faireachán níos córasaí agus níos comhtháite ar thorthaí iniúchtaí agus fíoruithe, lena n-éascófar próiseas leantach níos iomlánaíche dá bhrí sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur cuireadh tús arís le hoiliúint chomhpháirteach le foireann na Náisiún Aontaithe in 2023, agus gur chomhaontaigh an Coimisiún leis na Náisiúin Aontaithe Comhghrúpaí Teicniúla a chur ar bun chun saincheisteanna iniúchóireachta agus rialaithe a phlé go rialta agus go leanfaidh an Coimisiún de ghníomhaíocht a dhéanamh chun teacht ar réitigh phraiticiúla agus fhadtéarmacha ar na saincheisteanna sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna AS INTPA measúnú in 2022 ar na torthaí sistéamacha maidir le fíoruithe caiteachais ar ghníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag 20 Eagraíocht Idirnáisiúnta a oibríonn ar fud an domhain a bhfuil bainistiú a gcúraimí iniúchóireachta láraithe acu agus go ndearna sé a thorthaí a chomhroinnt, chomh maith le bearta maolaitheacha a moladh, le baill foirne ábhartha an Cheanncheathraithe agus na Toscaireachta ábhartha i mí Eanáir 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbíonn an Coimisiún agus a institiúidí comhpháirtíochta (lena n-áirítear institiúidí airgeadais um fhorbairt agus gníomhaireachtaí um fhorbairt) i dteagmháil ghníomhach le heagraíochtaí áitiúla san earnáil phríobháideach chun dúshláin agus deiseanna a phlé maidir le rochtain ar mhaoiniú a mhéadú trí ionstraimí airgeadais amhail oibríochtaí airgeadais cumaiscthe, agus go dtionóltar idirphlé beartais i gcomhpháirtíochtaí le tíortha comhpháirtíochta trí Thoscaireachtaí AE agus trí Fhóraim Náisiúnta Infheistíochta; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá slógadh na hearnála príobháidí chun an bhearna mhaoinithe forbraíochta a dhúnadh agus chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi an straitéis Global Gateway mar fhreagairt chomhbheartaithe ón Aontas ar dhúshláin dhomhanda; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, tráth a mbeidh dúshláin nua gheostraitéiseacha ann, nach mór do ghníomhaithe bheartas eachtrach agus slándála an Aontais agus don chomhar um fhorbairt comhordú níos fearr a dhéanamh chun láithreacht agus infheictheacht an Aontais a mhéadú ar fud an domhain trí bhíthin infheistíocht i mbonneagar crua agus bog a chruthaíonn luach náisiúnta i dtíortha comhpháirtíochta trí chomhar leis an earnáil phríobháideach agus institiúidí maoinithe forbraíochta, i gcomhréir leis na SDGanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á mheabhrú, le géarchéimeanna domhanda, gur gineadh agus gur leathnaigh éagothromaíochtaí laistigh de thíortha agus eatarthu araon, rud a bhaineann an bonn den chomhtháthú sóisialta agus, sa chomhthéacs sin, is díol sásaimh di gur forbraíodh Marcóir Neamhionannais (I-Marcóir) chun córas fónta tuairiscithe agus tagarmharcála a chruthú maidir le rannchuidiú na n-idirghabhálacha uile chun neamhionannais a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">ag athdhearbhú na moltaí a rinne an Chúirt don Choimisiún:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>a sheiceáil go ndéantar iarmhéideanna cuntasaíochta do CEFanna atá dúnta a imréiteach ar bhealach tráthúil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>a áirithiú go ndéantar réamh-mhaoiniú agus sonraisc a imréiteach ar bhealach tráthúil sna cuntais bhliantúla;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>bearta a dhéanamh chun feabhas a chur ar chórais rialuithe thoscaireachtaí an Aontais maidir le réamh-mhaoiniú a imréiteach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>an oibleagáid atá ann rialacha CBL a chomhlíonadh agus tabhairt faoi sheiceálacha iomchuí a athdhearbhú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(e)</SYMBOL>rialuithe <STRING ITALIC="on">ex ante</STRING> a neartú sula nglactar le caiteachas;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(f)</SYMBOL>feabhas a chur ar mhodheolaíocht an ráta earráidí iarmharacha agus a cur i bhfeidhm cuí a fhíorú.</ITEM></LIST>
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>