<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0284</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Dearadh mhargadh leictreachais an Aontais: Rialachán</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0255/2023 -  Rapóirtéir: Nicolás González Casares)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 11 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/943 agus (AE) 2019/942 mar aon le Treoracha (AE) 2018/2001 agus (AE) 2019/944 chun feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas (COM(2023)0148 – C9-0049/2023 – 2023/0077A(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0148),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 194(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0049/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 14 Meitheamh 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C 293, 18.8.2023, lch. 112.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/253, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/253/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 22 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 21 Feabhra 2024 chun a údarú don Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an nós imeachta reachtach a dheighilt agus leanúint ar aghaidh le dhá théacs comhdhlúite ar leithligh a chur síos lena mbreithniú sa suí iomlánach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9‑0255/2023),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P9_TC1-COD(2023)0077A</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 11 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (AE) 2019/942 agus (AE) 2019/943 a mhéid a bhaineann le feabhas a chur ar dhearadh an mhargaidh leictreachais san Aontas</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1747.) </STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST></SDOCTA>