<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0288</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Urscaoileadh 2022: Buiséad ginearálta an Aontais - An Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0071/2024 -  Rapóirtéir:Luke Ming Flanagan)</STRING></HIDDEN><TXTLST><DECISION><TI><NR>1.</NR> <STRING BOLD="on">Cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn II - an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle (2023/2131(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO L 45, 24.2.2022.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do chuntais bhliantúla chríochnaitheacha an Údaráis Eorpaigh Saothair a mhéid a bhaineann leis an mbliain airgeadais 2022 (COM(2023)0391 – C9‑0250/2023)<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/2, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Comhairle chuig an údarás um urscaoileadh ar iniúchtaí inmheánacha arna ndéanamh in 2022,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil bhliantúil na Cúirte Iniúchóirí ar chur chun feidhme an bhuiséid i dtaca leis an mbliain airgeadais 2022, maille le freagraí na n-institiúidí<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/103, 4.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don ráiteas dearbhaithe<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/112, 12.10.2023.</FIELD></FOOTNOTE> i dtaobh bheachtas na gcuntas agus dhlíthiúlacht agus rialtacht na n-idirbheart is bun leo, ar ráiteas é a chuir an Chúirt Iniúchóirí ar fáil don bhliain airgeadais 2022, de bhun Airteagal 287 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314(10), agus d’Airteagal 317, d’Airteagal 318 agus d’Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagail 59, 118, 260, 261 agus 262 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do litir ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0071/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag cur a cinnidh i dtaobh urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle don bhliain airgeadais 2022 ar athló;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag leagan amach a barúlacha sa rún seo anseo ina dhiaidh seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an rún atá ina chuid dhílis de a chur chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an gCúirt Iniúchóirí, agus a shocrú go ndéanfar iad a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> (sraith L).
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></DECISION></TXTLST><TXTLST><RESOL><TI><NR>2.</NR> <STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 ina bhfuil  barúlacha atá ina gcuid dhílis den chinneadh maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle (2023/2131(DEC))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chinneadh uaithi maidir le hurscaoileadh i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2022, Roinn II – an Chomhairle Eorpach agus an Chomhairle,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 100 agus Iarscríbhinn V dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do litir ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0071/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí, i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh, gur mian leis an údarás um urscaoileadh béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé dlisteanacht dhaonlathach institiúidí an Aontais a neartú tuilleadh trí thrédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, agus trí choincheap an bhuiséadaithe ar bhonn feidhmíochta agus an dea-rialachais acmhainní daonna a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 319 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), gurb í an Pharlaimint, agus an Pharlaimint amháin, atá freagrach as urscaoileadh a dheonú i ndáil le cur chun feidhme bhuiséad ginearálta an Aontais agus de bhrí gur roinn de bhuiséad an Aontais é buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí, de bhun Airteagal 15(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), nach bhfuil an Chomhairle Eorpach chun feidhmeanna reachtacha a fheidhmiú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 317 CFAE, go gcuirfidh an Coimisiún buiséad an Aontais chun feidhme ar a fhreagracht féin, ag féachaint do phrionsabail na bainistíochta fónta airgeadais, agus de bhrí, faoin gcreat atá i bhfeidhm, go dtabharfaidh an Coimisiún d’institiúidí eile an Aontais na cumhachtaí is gá chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí, faoi Airteagal 235(4) agus Airteagal 240(2) CFAE, go dtugann Ardrúnaíocht na Comhairle cúnamh don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle (an ‘Chomhairle’), agus de bhrí go bhfuil Ard-Rúnaí na Comhairle iomlán freagrach as bainistíocht fhónta na leithreasuithe arna gcur isteach i Roinn II de bhuiséad an Aontais;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí, le beagnach fiche bliain, go bhfuil an cleachtas seanbhunaithe agus urramaithe a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais á chur chun feidhme ag an bParlaimint, agus de bhrí go dtacaíonn an Coimisiún leis gur cheart leanúint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid, comhlacht, oifig agus gníomhaireacht de chuid an Aontais maidir lena chaiteachas riaracháin;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí, de réir Airteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais, go dtabharfaidh an Coimisiún na cumhachtaí is gá d’institiúidí eile an Aontais chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí, ó 2009 i leith, de bharr an easpa comhair ón gComhairle sa nós imeachta um urscaoileadh, gur dhiúltaigh an Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’Ard-Rúnaí na Comhairle;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cheart don Chomhairle Eorpach agus don Chomhairle, mar institiúidí de chuid an Aontais agus mar fhaighteoirí de bhuiséad ginearálta an Aontais, a bheith trédhearcach agus cuntasach go daonlathach do shaoránaigh an Aontais agus faoi réir grinnscrúdú daonlathach ar chaiteachas cistí poiblí;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí gur tugadh le fios leis an moladh ón Ombudsman Eorpach (‘an tOmbudsman’) i bhfiosrúchán straitéiseach IO/2/2017/TE maidir le trédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle gur dhrochriarachán a bhí i gcleachtais na Comhairle maidir le trédhearcacht an phróisis reachtaigh agus gur cheart aghaidh a thabhairt orthu chun cur ar chumas na saoránach próiseas reachtach an Aontais a leanúint;
</CONS><CONS>
<NO.P>K.</NO.P>de bhrí go ndeimhnítear le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí agus go bhfuil sé luaite ag an gCúirt Ghinearálta ina breithiúnas an 25 Eanáir 2023 i gCás T-163/21<FOOTNOTE><FIELD> Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 25 Eanáir 2023, <STRING ITALIC="on">De Capitani </STRING>v <STRING ITALIC="on">an Chomhairle</STRING>, T-163/21, CLI:EU:T:2023:15.</FIELD></FOOTNOTE>, <STRING ITALIC="on">De Capitani</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Chomhairle</STRING>, maidir le trédhearcacht laistigh de phróiseas reachtach an Aontais, nach doiciméid de chineál teicniúil iad na doiciméid a tháirgeann an Chomhairle ina meithleacha ach doiciméid reachtacha agus, dá bhrí sin, go bhfuil siad faoi réir iarrataí ar rochtain ar dhoiciméid;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF> <ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag tabhairt dá haire go dtagann buiséad na Comhairle faoi cheannteideal CAI 7, ‘An Riarachán Poiblí Eorpach’, arbh ionann é agus EUR 11,6 billiún in 2022 (arbh ionann é agus 5,9 % de bhuiséad iomlán bhuiséad an Aontais); ag tabhairt dá haire gurbh ionann buiséad na Comhairle, agus thart ar EUR 0,6 billiún, agus 5,3 % de chaiteachas riaracháin iomlán an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur scrúdaigh an Chúirt Iniúchóirí (an ‘Chúirt’), ina tuarascáil bhliantúil don bhliain airgeadais 2022, sampla de 60 idirbheart faoi Riarachán, arb ionann an líon sin agus an líon a scrúdaíodh in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go scríobhann an Chúirt go gcuimsíonn caiteachas riaracháin caiteachas ar acmhainní daonna lena n-áirítear caiteachas ar phinsin, arb ionann é in 2022 agus thart ar 70 % den chaiteachas riaracháin iomlán, agus caiteachas ar fhoirgnimh, trealamh, fuinneamh, cumarsáid agus teicneolaíocht faisnéise, agus go léiríonn a chuid oibre le blianta fada go bhfuil riosca íseal ag baint leis an gcaiteachas sin ar an iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á thabhairt dá haire go raibh earráidí in 14 (23 %) de na 60 idirbheart ach go measann an Chúirt, bunaithe ar na 5 earráid a cainníochtaíodh, go bhfuil an leibhéal earráide níos ísle ná an tairseach ábharthachta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thug an Chúirt, ina Tuarascáil bhliantúil don bhliain airgeadais 2022, nár shainaithin sí aon saincheisteanna sonracha a bhaineann leis an gComhairle;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Staid na himeartha maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go raibh ar an bParlaimint ó 2009 i leith agus arís don bhliain airgeadais 2021 urscaoileadh a dhiúltú don Chomhairle toisc go bhfuil an Chomhairle fós ag diúltú comhoibriú leis an bParlaimint maidir leis an nós imeachta um urscaoileadh, rud a chuireann cosc ar an bParlaimint cinneadh eolasach a dhéanamh bunaithe ar ghrinnscrúdú tromchúiseach agus críochnúil ar chur chun feidhme bhuiséad na Comhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna seirbhísí ábhartha na Parlaiminte, thar ceann an rapóirtéara don nós imeachta um urscaoileadh, ceistneoir a chur ar aghaidh chuig Rúnaíocht na Comhairle an 28 Meán Fómhair 2023 ina raibh 74 cheist thábhachtacha ón bParlaimint chun gur féidir grinnscrúdú críochnúil a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséad na Comhairle agus ar bhainistiú na Comhairle; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur seoladh ceistneoirí comhchosúla chuig gach institiúid eile, a bhfuil freagraí críochnúla tugtha ar na ceisteanna uile don Pharlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, an 12 Deireadh Fómhair 2023, gur chuir Ardrúnaíocht na Comhairle in iúl don Pharlaimint arís eile nach dtabharfadh sí aghaidh ar cheistneoir na Parlaiminte agus nach mbeadh an Chomhairle rannpháirteach san éisteacht a socraíodh don 25 Deireadh Fómhair 2023 mar chuid den phróiseas urscaoilte agus ina raibh na hinstitiúidí eile go léir ar tugadh cuireadh dóibh rannpháirteach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>ag cur béim ar shainchumas na Parlaiminte urscaoileadh a dheonú de bhun Airteagal 319 CFAE chomh maith leis na forálacha is infheidhme den Rialachán Airgeadais agus de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte i gcomhréir leis an léirmhíniú agus leis an gcleachtas atá ann faoi láthair, eadhon, an chumhacht chun urscaoileadh a dheonú chun trédhearcacht a chothabháil agus chun cuntasacht dhaonlathach a áirithiú do cháiníocóirí an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go luaitear in Airteagal 59(1) den Rialachán Airgeadais go dtabharfaidh an Coimisiún na cumhachtaí is gá d’Institiúidí eile an Aontais chun na ranna den bhuiséad a bhaineann leo a chur chun feidhme agus, dá bhrí sin, go measann sé go bhfuil sé dothuigthe go gcreideann an Chomhairle gurb iomchuí urscaoileadh a thabhairt don Choimisiún chun buiséad na Comhairle a chur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag cur béim ar an gcleachtas seanbhunaithe agus urramaithe atá á leanúint ag an bParlaimint le nach mór fiche bliain a bhaineann le hurscaoileadh a dheonú d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais; á mheabhrú gur dhearbhaigh an Coimisiún nach raibh sé in ann maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme bhuiséid institiúidí eile AE; á chur i bhfáth gur athdhearbhaigh an Coimisiún gur cheart go leanfadh an Pharlaimint den chleachtas maidir le hurscaoileadh a thabhairt do gach institiúid de chuid an Aontais i ndáil lena gcaiteachas riaracháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth go gcuireann an staid reatha ar chumas na Parlaiminte tuarascálacha na Cúirte agus an Ombudsman a sheiceáil chomh maith leis an bhfaisnéis atá ar fáil go poiblí ar shuíomh gréasáin na Comhairle, toisc go leanann an Chomhairle dá míchleachtas chun neamh-chomhoibriú leis an bParlaimint, rud a fhágann nach féidir leis an bParlaimint a dualgais a chomhlíonadh i gceart agus cinneadh eolasach a dhéanamh maidir le hurscaoileadh a dheonú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil sé léirithe ag an gComhairle le breis agus deich mbliana nach bhfuil aon toilteanas polaitiúil aici comhoibriú leis an bParlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta bhliantúil um urscaoileadh; á chur i bhfios go láidir go raibh tionchar diúltach buan ag an dearcadh sin ar an dá institiúid, gur cuireadh míchlú ar bhainistiú agus ar ghrinnscrúdú daonlathach bhuiséad an Aontais agus rinneadh dochar do mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á mheabhrú go dtacaíonn cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh le ceart na gcáiníocóirí agus an phobail a bheith ar an eolas maidir le húsáid ioncaim phoiblí; á éileamh, dá bhrí sin, go dtabharfaí lánurraim do shaincheart na Parlaiminte agus dá ról mar ráthóir ar phrionsabal na cuntasachta daonlathaí; á iarraidh ar an gComhairle obair leantach chuí a dhéanamh ar na moltaí a ghlac an Pharlaimint i gcomhthéacs an nós imeachta um urscaoileadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle tús a chur arís le caibidlíocht leis an bParlaimint ar an leibhéal is airde a luaithe is féidir, agus a mbeidh páirt ag na hArd-Rúnaí agus ag na hUachtaráin an dá institiúid inti, chun deireadh a chur leis an tsáinn agus chun teacht ar réiteach agus urraim á tabhairt ag an am céanna do róil na Parlaiminte agus na Comhairle faoi seach sa nós imeachta um urscaoileadh agus chun trédhearcacht agus rialú daonlathach cuí ar chur chun feidhme an bhuiséid a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á chur i bhfáth, cé gur gá feabhas a chur ar an staid reatha trí chomhar idirinstitiúideach níos fearr faoi chuimsiú na gConarthaí, go bhféadfadh athbhreithniú ar na Conarthaí an nós imeachta um urscaoileadh a dhéanamh níos soiléire agus níos trédhearcaí trí inniúlacht shainráite a thabhairt don Pharlaimint urscaoileadh a dheonú d’institiúidí, do chomhlachtaí, d’oifigí agus do ghníomhaireachtaí uile an Aontais ar bhonn aonair; á chur i bhfios go láidir, áfach, go gcaithfear an staid reatha a fheabhsú, go dtí go ndéanfar athbhreithniú den sórt sin, trí chomhar idirinstitiúideach níos fearr laistigh de chreat reatha na gConarthaí agus ag tathant ar an gComhairle dul i dteagmháil go gníomhach leis an bParlaimint chun aghaidh a thabhairt ar an staid reatha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag tabhairt dá haire, in ainneoin nach bhfuil an Chomhairle toilteanach comhoibriú ar an nós imeachta um urscaoileadh, go leagann an Pharlaimint béim, mar sin féin, ar roinnt tosaíochtaí polaitiúla agus go leagann sí amach roinnt barúlacha maidir le bainistiú buiséadach agus airgeadais na Comhairle agus barúlacha eile atá ábhartha don nós imeachta um urscaoileadh sa rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á mheabhrú, ós rud é go bhfuil cogadh foghach iomlán neamhdhleathach, gan chúis agus gan údar á dhéanamh ag an Rúis i gcoinne na hÚcráine ón 24 Feabhra 2022, go bhfuil cúnamh geallta ag an Aontas agus a Bhallstáit don Úcráin agus dá muintir; ag meabhrú an tionscnaimh armlóin, a raibh sé d’aidhm aige ar dtús 1 mhilliún urchar de bhlaosc 155 mm a sholáthar don Úcráin faoi mhí an Mhárta 2024 ach nár seachadadh ach thart ar leath den mhéid sin faoin dáta sin; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús suntasach a chur le monarú, soláthar agus seachadadh armlóin chuig an Úcráin gan mhoill; á chur i bhfios gur iarr rialtas na hÚcráine ar a chomhghuaillithe Eorpacha 7 as 30 córas fhrithdhiúracáin Patriot atá ar fáil i mBallstáit a sholáthar don Úcráin chun bonneagar sibhialtach a chosaint ar bhealach níos leordhóthanaí ar ionsaí na Rúise; á chur in iúl gur oth léi nár gheall ach Ballstát amháin córas breise go dtí seo agus ag tathant ar an gComhairle Eorpach dlús a chur leis an bpróiseas cinnteoireachta agus acmhainní a leithdháileadh chun na hacmhainneachtaí aerchosanta is gá a chur ar fáil don Úcráin; á chur i bhfios go láidir nach dtabharfaidh an Pharlaimint urscaoileadh don Chomhairle as mainneachtain moltaí na Parlaiminte a chur chun feidhme agus a fhad is nach ndéanfar buiséad leormhaith don tacaíocht is gá don Úcráin; ag athdhearbhú a dlúthpháirtíochta leis an Úcráin agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá gníomhaíocht chinntitheach ó cheannairí Eorpacha chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais phráinneacha slándála ár gcomhpháirtithe san Úcráin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tosaíochtaí polaitiúla</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go gcuireann an Chomhairle a sainchumas i bhfeidhm sna nósanna imeachta ainmniúcháin agus ceapacháin do go leor institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí de chuid an Aontais gan tuairimí na bpáirtithe leasmhara nó moltaí na hOifige Eorpaí Frith-Chalaoise (OLAF) a chur san áireamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go gciallaíonn traidisiún na Comhairle gan ceapacháin Ballstát aonair a cheistiú don chuid is mó de na poist nach ndéantar cáilíochtaí gairmiúla na n-iarrthóirí a sheiceáil go críochnúil; á áitiú, dá bhrí sin, gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar shaincheart na Comhairle d’fhonn rannpháirtíocht na n-institiúidí, na gcomhlachtaí, na n-oifigí agus na ngníomhaireachtaí lena mbaineann a ráthú agus a neartú agus dlisteanacht na ndaoine a cheaptar a mhéadú; á mholadh go mbeadh féidearthacht amháin ann chun a áirithiú go mbeadh na cáilíochtaí is gá ag iarrthóirí chun painéil neamhspleácha saineolaithe a dhéanann na seiceálacha sin a bhunú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheabhrú, de bhun Airteagal 286(2) CFAE, go ndeanann an Chomhairle comhaltaí na Cúirt a cheapadh tar éis dul i gcomhairle leis an bParlaimint; á chur in iúl gur oth léi gur mhainnigh an Chomhairle arís agus arís eile moltaí na Parlaiminte a chur san áireamh ina ról comhairleach maidir le comhaltaí na Cúirte a cheapadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go bhfuil neamhchothromaíocht thromchúiseach inscne sa Chúirt agus nach raibh ach 9 gcomhalta ar mná iad ann i gcomparáid le 17 gcomhalta fireanna ag deireadh 2022; ag cur sonrú sna deacrachtaí a bhaineann le cothromaíocht inscne a bhaint amach sa Chúirt mar gheall ar an nós imeachta ainmniúcháin atá ann faoi láthair; á iarraidh an athuair ar an gComhairle athbhreithniú a dhéanamh ar an nós imeachta ainmniúcháin agus é mar aidhm aici dul i ngleic leis an bhfadhb sin trí ghníomhaíochtaí nithiúla, amhail é a dhéanamh éigeantach do na Ballstáit beirt iarrthóirí ar a laghad a bhfuil inscne éagsúil acu le haghaidh gach folúntas a ainmniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil neamhaird tugtha ag an gComhairle go dtí seo ar rún ón bParlaimint an 17 Nollaig 2020 maidir leis an ngá atá le cumraíocht thiomnaithe de chuid na Comhairle i ndáil le comhionannas inscne<FOOTNOTE><FIELD> IO C 445, 29.10.2021, lch. 150.</FIELD></FOOTNOTE> agus á áitiú, dá mbeadh fóram institiúideach tiomnaithe ann, go ndéanfaí comhionannas inscne a chomhtháthú ar bhealach níos láidre i mbeartais agus i straitéisí an Aontais agus go n-áiritheofaí comhordú agus dul chun cinn riachtanach sna príomhchomhaid a bhaineann le comhionannas inscne;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an próiseas cinnteoireachta sa Chomhairle fós i bhfad ó bheith go hiomlán trédhearcach, rud a dhéanann difear do mhuinín na saoránach san Aontas mar eintiteas trédhearcach agus a chuireann, dá réir sin, clú an Aontais ina iomláine i mbaol; ag meabhrú mholtaí an Ombudsman maidir le trédhearcacht phróiseas reachtach na Comhairle i bhfiosrúchán straitéiseach OI/2/2017/TE agus ag tacú leo; ag tathant ar an gComhairle gach beart is gá a dhéanamh chun moltaí an Ombudsman agus rialuithe ábhartha Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme gan moill mhíchuí; á mheabhrú gur chuir an Chúirt Ghinearálta, ina breithiúnas i gCás T-163/21, <STRING ITALIC="on">De Capitani</STRING> v <STRING ITALIC="on">an Chomhairle</STRING>, i bhfios go láidir go mbeadh gá le trédhearcacht reachtach níos soiléire ón gComhairle chun rochtain ar dhoiciméid reachtacha a áirithiú, agus a chomhfhreagraíonn d’oibleagáid na Comhairle maidir le grinnscrúdú poiblí agus cuntasacht na gcomhreachtóirí mar bhonn d’aon dlisteanacht dhaonlathach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an ról méadaitheach atá ag an gComhairle Eorpach i gcomhaid reachtacha in ainneoin nach bhfuil feidhm reachtach ná feidhm feidhmiúcháin aici agus nach gcuireann sí na caighdeáin trédhearcachta chéanna i bhfeidhm agus atá ag an gComhairle, rud a chiallaíonn nach bhfuil sí á tabhairt chun cuntais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur féidir tionchar diúltach á imirt ar phróiseas cinnteoireachta an Aontais mar thoradh ar úsáid a bheith á baint as nós imeachta vótála na haontoilíochta sa Chomhairle maidir le réimsí beartais áirithe agus, dá bhrí sin, go bhféadfadh na Ballstáit dúmhál a dhéanamh air, go háirithe iad siúd nach n-urramaíonn an smacht reachta; á iarraidh ar an gComhairle na nósanna imeachta vótála trí thromlach cáilithe a chur i bhfeidhm nuair a fhoráiltear dóibh sna Conarthaí; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh aistriú chuig nós imeachta vótála trí thromlach cáilithe sa Chomhairle a bheith ar cheann de na bealaí i dtreo ceapadh beartais níos éifeachtúla;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil rannpháirtíocht Bhuanionadaithe na mBallstát sa chlár trédhearcachta éigeantach, a cuireadh ar bun le Comhaontú Idirinstitiúideach an 20 Bealtaine 2021 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir le clár trédhearcachta éigeantach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 207, 11.6.2021, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>, go hiomlán deonach agus á áitiú gur cheart do na Buanionadaíochtaí uile páirt ghníomhach a ghlacadh sa chlár trédhearcachta éigeantach roimh Uachtaránacht a mBallstáit ar an gComhairle, lena linn agus ina diaidh; á chreidiúint gur cheart na rialacha eitice atá ann cheana maidir le coinbhleachtaí leasa, doirse imrothlacha agus trédhearcacht maidir le brústocaireacht a neartú agus a chomhchuibhiú agus nár cheart cead a thabhairt d’ionadaithe na mBallstát a bhaineann tairbhe dhíreach as fóirdheontais an Aontais trí na gnólachtaí ar leo iad páirt a ghlacadh i bpléití beartais nó buiséadacha ná i vótaí a bhaineann leis na fóirdheontais sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach mbaineann an Chomhairle úsáid iomlán as an gclár trédhearcachta éigeantach thar na teorainneacha atá aici faoi láthair, agus gur diúltaíodh d’aon mholadh maidir le feabhsuithe; ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle diúltú bualadh le brústocairí neamhchláraithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh, i gcomhréir le conclúidí na ceardlainne a reáchtáil Coiste um Rialú Buiséadach de chuid na Parlaiminte an 27 Meitheamh 2023, ar uachtaránachtaí rothlacha na Comhairle deireadh a chur le hurraíocht chorparáideach chun rannchuidiú lena speansais a chumhdach; á chur in iúl go dtuigeann sí go bhfuil éagsúlacht shuntasach idir na hacmhainní airgeadais ó bhuiséid náisiúnta i measc na mBallstát agus gur cheart go mbeadh deis chomhionann ag gach Ballstát, gan beann ar a mhéid ná an buiséad a bhfuil fáil aige air, Uachtaránacht rathúil ar an gComhairle a eagrú, ach á chreidiúint go ndéanann glacadh le hurraíocht chorparáideach damáiste do chlú toisc go bhféadfadh sé coinbhleachtaí leasa a chruthú; á iarraidh an athuair ar an gComhairle buiséad a chur ar fáil d’Uachtaránachtaí na Comhairle chun caighdeáin leormhaithe agus aonfhoirmeacha éifeachtúlachta agus éifeachtachta na hoibre sa Chomhairle a áirithiú go ginearálta; á chur in iúl, i ndáil leis sin, gur cúis díomá di na treoirlínte neamhcheangailteacha a d’eisigh an Chomhairle maidir le hurraíochtaí corparáideacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, in ainneoin roinnt iarrataí ón bParlaimint, nár tugadh an cód iompair d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí i gcomhréir le cód iompair na Parlaiminte agus an Choimisiúin, go háirithe maidir le gníomhaíochtaí a bheidh le formheas tar éis d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí an post a fhágáil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>á athdhearbhú go bhfuil Cinneadh (AE) 2023/2061 ón gComhairle Eorpach an 22 Meán Fómhair 2023 lena mbunaítear comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO L 238, 27.9.2023, lch. 114.</FIELD></FOOTNOTE> gan dochar do shainchearta na Parlaiminte agus na Comhairle sa nós imeachta buiséadach bliantúil agus go mbaineann Aithris 5 sin den Chinneadh sin le hábhair nach dtagann faoi raon feidhme inniúlachtaí na Comhairle Eorpaí faoi Airteagal 15(1) CAE agus leis an mbunús dlí chun comhdhéanamh na Parlaiminte a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 14(2) CAE; á áitiú gur faoi Pharlaimint na hEorpa agus faoin gComhairle amháin atá sé cinneadh a dhéanamh maidir le hábhar bhuiséad an Aontais i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos in Airteagal 314 CFAE.
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú buiséadach agus airgeadais</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb é EUR 611 473 556 le haghaidh 2022 an buiséad don Chomhairle, arb ionann é agus méadú 2,9 % i gcomparáid le 2021, atá i bhfad níos airde ná an méadú ó 2020 go 2021, arb ionann é agus 0,6 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á athdhearbhú gur oth léi nár roinneadh buiséad na Comhairle Eorpaí agus na Comhairle ina dhá bhuiséad atá deighilte go soiléir mar a mhol an Pharlaimint i rúin urscaoilte roimhe seo chun trédhearcacht agus cuntasacht a fheabhsú, go háirithe maidir leis an gComhairle Eorpach, ós rud é nach féidir faisnéis iontaofa a fháil faoina costais sin faoi láthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>33.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur oth léi go bhfoilsíonn Ardrúnaíocht na Comhairle tuarascáil ar na cuntais bhliantúla agus sraith tuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí ó chodanna éagsúla den Ardrúnaíocht ach go bhfuil sé deacair forléargas achomair agus inrochtana go héasca a fháil ar ghníomhaíochtaí uile Ardrúnaíocht na Comhairle ós rud é nach bhfuil aon tuarascáil amháin ann lena ndéantar achoimre agus cur i láthair ar fhorléargas comhleanúnach ar ghníomhaíochtaí na Comhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>34.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, go bhfuil oifigeach cuntasaíochta na Comhairle in ann a dheimhniú gur ullmhaíodh cuntais bhliantúla na Comhairle don bhliain 2022 i gcomhréir le Teideal XIII den Rialachán Airgeadais agus leis na rialacha cuntasaíochta arna nglacadh ag oifigeach cuntasaíochta an Choimisiúin, mar a cheanglaítear ar institiúidí uile agus ar chomhlachtaí, ar oifigí agus ar ghníomhaireachtaí uile an Aontais, agus go raibh dearbhú réasúnach ag an oifigeach cuntasaíochta go ndearnadh na cuntais le haghaidh 2022, i ngach gné ábhartha, an staid airgeadais, torthaí na n-oibríochtaí agus sreabhadh airgid na Comhairle a chur i láthair go cothrom;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>35.</NO.P>ag tabhairt dá haire go ndearna an Chomhairle 64 aistriú buiséideacha in 2022, ar bhonn Airteagal 29 den Rialachán Airgeadais, ar méadú suntasach é sin ó 43 in 2021; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go raibh sé i gceist le sé cinn de na haistrithe ná an t-údarás buiséadach a chur ar an eolas agus go raibh an phríomhchúis leis na haistrithe sin ná an méadú a bhí ar chostais uisce, gáis, leictreachais agus téimh agus méaduithe tuarastail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>36.</NO.P>ag tabhairt dá haire go raibh laghdú EUR 300 000 ar chostais mhisin d’Ardrúnaíocht na Comhairle i gceist leis na haistrithe freisin, arb ionann é agus 9 %, agus méadú comhchosúil EUR 300 000 ar chostais mhisin don fhoireann a bhaineann leis an gComhairle Eorpach, arb ionann é agus 20 %; á iarraidh ar an gComhairle trédhearcacht iomlán a áirithiú maidir le taisteal a rinne Uachtarán na Comhairle Eorpaí, lena n-áirítear modhanna iompair, bonn cirt leis na modhanna a roghnaíodh agus leis an bhfoireann tionlacain;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>37.</NO.P>ag cáineadh an mhéadaithe shuntasaigh ar an mbuiséad taistil d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí le roinnt blianta anuas agus á chur in iúl gur ábhar imní di, de réir tuarascálacha preasa, nár thaistil Uachtarán na Comhairle Eorpaí ar eitleáin tráchtála ach ar 18 gcinn as 112 mhisean a rinneadh idir tús a théarma in 2019 agus mí na Nollag 2022; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh eitleáin tráchtála ina rogha chaighdeánach freisin d’Uachtarán na Comhairle Eorpaí aon uair go bhfuil rogha malartach ar fáil agus i gcomhréir leis an gclár oibre agus suíomh na gcruinnithe lena mbaineann, agus á chur i bhfios go láidir gur cheart do cheannairí institiúidí an Aontais gníomhú mar dhea-shamplaí don phobal, go háirithe maidir le beartais inbhuanaitheachta aeráide a áirithiú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bainistiú inmheánach, feidhmíocht agus rialú inmheánach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>38.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur, in 2022, cuireadh deireadh leis na bearta eisceachtúla a bhain leis an bpaindéim COVID-19 de réir a chéile agus go bhfuil gníomhaíochtaí an chruinnithe ar ais mar is gnách; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, gur tháinig laghdú ar líon na bhfíschomhdhálacha i bhfabhar cruinnithe fisiciúla ó 2021, nuair ba fhíschomhdhálacha 35 % de na cruinnithe agus gur cruinnithe fisiciúla a bhí i 65 % de na cruinnithe, go 2022, tráth ar físchomhdhálacha iad 15 % de na cruinnithe agus gur cruinnithe fisiciúla iad 85 % díobh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>39.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb é 4 415 líon iomlán na gcruinnithe oifigiúla in 2022, arb ionann é agus méadú 2,9 % ar 4 291 in 2021 agus lena n-áirítear méadú suntasach ar chruinnithe fisiciúla le níos mó ná 150 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>40.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur sheol Ardrúnaíocht na Comhairle 44 nós imeachta nua um sholáthar poiblí in 2022 agus gur síníodh 42 chonradh ar mhéid iomlán EUR 123 863 392, arb ionann é agus laghdú suntasach ó 2021 nuair a seoladh 62 nós imeachta nua um sholáthar poiblí agus nuair a síníodh 102 chonradh, arb ionann an méid iomlán agus EUR 416 013 813;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>41.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur chuir Ardrúnaíocht na Comhairle achoimre ar fáil den uimhir agus de chineál na n-iniúchtaí inmheánacha a rinneadh in Ardrúnaíocht in 2022 agus gur chuir sí sintéis de na moltaí agus den gníomhaíocht a rinneadh i leith na moltaí sin ar fáil i gcomhréir le hAirteagal 118(8) den Rialachán Airgeadais; ag tabhairt dá haire go bhfuil clár oibre trí bliana bunaithe ag an iniúchóir inmheánach don tréimhse 2022-2024, atá á mhiondealú ina chláir oibre bhliantúla; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go ndearnadh seacht n-iniúchadh inmheánacha in 2022; ag tabhairt dá haire agus é ina ábhar imní di, ar deireadh 2022, gur cuireadh ach 72 % de na moltaí amháin ó chlár oibre 2019-2021 chun feidhme agus go bhfuil 27 % fós ar oscailt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>42.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh na hiniúchtaí inmheánacha laistigh de raon leathan réimsí; á chur in iúl gur geal léi, thairis sin, gur glacadh le gach moladh a bhaineann le sé cinn de na seacht n-iniúchadh; á chur in iúl gur oth léi nár cuireadh na torthaí maidir leis an iniúchadh ar an gcriptea-bhainistíocht in iúl toisc gur aicmíodh an tuarascáil iniúchóireachta; á chur i bhfáth go bhfuil córais i bhfeidhm ag an bParlaimint chun faisnéis rúnaicmithe a láimhseáil agus go bhféadfaí torthaí an iniúchta ar chriptea-bhainistíocht a chur in iúl trí úsáid a bhaint as na córais sin;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Acmhainní daonna, comhionannas agus dea-bhail na foirne</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>43.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i bhfianaise easpa comhair ón gComhairle leis an bParlaimint, go mbraitheann barúlacha sa roinn seo go príomha ar fhaisnéis chomhiomlánaithe a fhoilsítear ar shuíomh gréasáin na Comhairle, ar faisnéis í a thugann mionsonraí teoranta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>44.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur sannadh 3 029 bpost don Chomhairle, ina buiséad do 2022, arb ionann é agus an líon post céanna do 2021 ach gur athraíodh an dáileadh i measc catagóirí agus líon na bpost riarthóra (AD), a tháinig méadú ó 1 493 go 1 519, líon na bpost cúntóra (AST) a thit ó 1 320 go 1 284 agus líon na bpost rúnaí (SC) a tháinig méadú ó 180 go 190; á iarraidh ar an gComhairle tuilleadh sonraí a chur ar fáil maidir le traochadh a chosc ar a foireann, go háirithe ós rud é go bhfuil laghdú ag teacht ar líon na gcúntóirí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>45.</NO.P>ag tabhairt dá haire, de réir a tuarascála 2022 ar ghníomhaíochtaí airgeadais, go raibh 2 924 phost ag Ardrúnaíocht na Comhairle faoin 31 Nollaig 2022; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go luaitear ar shuíomh gréasáin na Comhairle go raibh 3 108 mball foirne ag Ardrúnaíocht na Comhairle (oifigigh, foireann shealadach agus foireann ar conradh agus saineolaithe náisiúnta ar iasacht) an 1 Eanáir 2023; á iarraidh ar an gComhairle gan faisnéis neamhréireach a fhoilsiú ina foinsí oscailte;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>46.</NO.P>ag tabhairt dá haire, as 3 108 mball foirne, gur mná iad 1 783 (57 %) agus gur fir iad 1 325 (43 %) díobh; á chur in iúl gur oth léi nach raibh ach 18 as 51, arb ionann é agus 35 %, ina mná sa chatagóir ‘bainistíocht shinsearach’; á chur in iúl gur oth léi, thairis sin, gurb ionann sin agus laghdú ó 38 % in 2021 ar sciar na mban sa bhainistíocht shinsearach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>47.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur mná iad 37 as 83, arb ionann é agus 45 %, sa chatagóir ‘meánbhainistíocht’, arb ionann é agus méadú beag ó 44 % anuraidh; ag tabhairt dá haire, ar deireadh, gur mná iad 814 as 1462, arb ionann é agus 56 % de AD, arb ionann é agus méadú beag ó 55 % in 2021 agus ag tabhairt dá haire gur mná iad 882 as 1411, arb ionann é agus 63 % de AST agus SC, figiúr atá cosúil leis an bhfigiúr do 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>48.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi go bhfuil éagothroime inscne i bpoist ardbhainistíochta in Ardrúnaíocht na Comhairle; á iarraidh ar an gComhairle go ndéanfaí bearta nithiúla a ghlacadh láithreach chun cothromaíocht inscne a bhaint amach ar gach leibhéal den ordlathas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>49.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil ionadaíocht ag gach ceann de na 27 mBallstát ar an bhfoireann ach go bhfuil míchothromaíochtaí geografacha tromchúiseacha ann le 527 ball foirne Beilgeach, arb ionann é agus 17 %, cé nach bhfuil ach 0,2 % de mhuintir na Cipire agus 0,3 % Lucsamburgaigh; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá cothromaíocht gheografach chóir a áirithiú dá bhaill foirne ar gach leibhéal, go háirithe ar leibhéal na meánbhainistíocht agus na bainistíochta sinsearaí áit a bhfuil míchothromaíochtaí móra ann go fóill, agus, ag an am céanna, na ceanglais sna rialacháin foirne i ndáil le hinniúlachtaí agus tuillteanais na n-iarrthóirí a chomhlíonadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>50.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi an easpa faisnéise maidir le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta inscne na Comhairle agus maidir leis na bearta a rinneadh chun comhdheiseanna a áirithiú do dhaoine faoi mhíchumas atá fostaithe ag an gComhairle; á iarraidh ar an gComhairle faisnéis a chur ar fáil don Pharlaimint maidir le cothromaíocht inscne, dáileadh geografach agus míchumais a ball foirne agus maidir leis na beartais inmheánacha lena mbaineann;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>51.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, ós rud é nár thug an Chomhairle freagra ar an gceistneoir ón bParlaimint, nach bhfuil aon fhaisnéis ag an bParlaimint faoi líon na n-oiliúnaithe sa Chomhairle le linn 2022 agus cé acu ar íocadh nó nár íocadh iad le linn a seala oiliúna; á mheabhrú gur iarr an Pharlaimint ar gach institiúid gur cheart go bhfaigheadh gach oiliúnaí tuarastal ach amháin má tá siad íoctha cheana féin ag foinsí eile;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat eitice agus trédhearcacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>52.</NO.P>á athdhearbhú go rannchuidíonn iompar eiticiúil le bainistíocht fhónta airgeadais agus go méadaíonn sé muinín an phobail agus, mar a chuir an Chúirt i bhfios go láidir ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019, go bhfuil deis ann feabhas a chur ar chreataí eiticiúla institiúidí an Aontais, rud atá ríthábhachtach toisc go dtarraingíonn aon iompar mí-eiticiúil ón bhfoireann agus ó na ardleibhéil spéise i measc an phobail agus go laghdaíonn sé muinín san Aontas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>53.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi nach bhfuil aon deis ag an bParlaimint ceisteanna a chur maidir leis an gcreat eiticiúil atá i bhfeidhm sa Chomhairle ós rud é nach bhfreagróidh an Chomhairle ceisteanna ón bParlaimint agus, dá bhrí sin, nach bhfaightear aon fhaisnéis faoin gcód iompair is infheidhme maidir le baill foirne uile na Comhairle;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>54.</NO.P>á mheabhrú gur eisigh an Chúirt moladh ina Tuarascáil Speisialta Uimh. 13/2019 maidir le creat eitice na Comhairle a fheabhsú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil comhchreat eitice an Aontais ann lena rialaítear obair ionadaithe na mBallstát sa Chomhairle mar a shainaithin an Chúirt;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>55.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfoilsíonn Ardrúnaíocht na Comhairle tuarascáil bhliantúil ina bhfuil faisnéis maidir le gníomhaíochtaí gairme iaroifigigh shinsearacha Ardrúnaíocht na Comhairle tar éis dóibh an tseirbhís a fhágáil (Airteagal 16, an tríú mír agus an ceathrú mír, de na Rialacháin Foirne); ag tabhairt dá haire, de réir na tuarascála maidir le 2022, gur dhearbhaigh ceathrar oifigeach sinsearach go raibh sé ar intinn acu dul i mbun gníomhaíochtaí gairme le linn 2022 agus gur chuir beirt iaroifigigh shinsearacha dearbhuithe isteach ag deireadh 2021, ar dearbhuithe iad a scrúdaíodh freisin in 2022; ag tabhairt dá haire nach bhfuarthas go dtagann aon cheann de na hiarrataí faoi raon feidhme Airteagal 16;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>56.</NO.P>ag tabhairt dá haire, agus é ina dhíol sásaimh di, gur dhearbhaigh ardstiúrthóirí inniúla uile na Comhairle, ina dtuarascálacha bliantúla ar ghníomhaíochtaí, nár cuireadh aon chásanna calaoise ná neamhrialtachtaí in iúl dóibh le linn 2022;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Digitiú, cibearshlándáil agus cosaint sonraí</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>57.</NO.P>ag tabhairt dá haire, i dtosach, gurb é EUR 48 115 000 buiséad na Comhairle do chórais TF agus teileachumarsáid in 2022, arb ionann é agus méadú 2,1 % i gcomparáid le 2021; ag tabhairt dá haire, áfach, gur aistríodh EUR 6 805 000 breise chuig an mbuiséad le linn 2022 ach go raibh na híocaíochtaí iarbhír i bhfad níos ísle ag EUR 27 096 067, arb ionann é agus thart ar 50 % de na leithreasuithe deiridh iomlána;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>58.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur shroich próiseáil leictreonach sonrasc 97 % in 2022, arb ionann é agus méadú suntasach ó 89 % in 2021;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>59.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an gComhairle féachaint ar bhealaí chun teicneolaíochtaí foinse oscailte a úsáid chomh forleathan agus is féidir agus tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta maidir le córais den sórt sin a úsáid;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Foirgnimh agus costais ghaolmhara</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>60.</NO.P>ag tabhairt dá haire gurb ionann iomlán na n-íocaíochtaí i ndáil leis na foirgnimh agus EUR 45 435 994 in 2022, ar méadú suntasach ó EUR 35 709 119 é in 2021, arb ionann é agus méadú 27,2 %; ag tabhairt dá haire gurb í an phríomhchúis leis an méadú sin ná íocaíochtaí as uisce, gás, leictreachas agus téamh, ar tháinig méadú orthu ó EUR 2 565 008 in 2021 go EUR 11 233 088 in2022, arb ionann é agus méadú 338 %;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>61.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go raibh an Chomhairle in ann tomhaltas fuinnimh a laghdú in 2022 i gcomparáid leis na blianta roimhe sin, agus mar gheall ar an mbeartas freisin a ghlac institiúidí uile an Aontais chun an teocht i bhfoirgnimh a laghdú go 19 gcéim; ag spreagadh Ardrúnaíocht na Comhairle, mar sin féin, tionscnaimh bhreise a shainaithint chun tomhaltas fuinnimh a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>62.</NO.P>á chur in iúl gur oth léi, ós rud é nach bhfuil freagra á thabhairt ag an gComhairle ar an gceistneoir ón bParlaimint, nach bhfuil aon fhaisnéis ag an bParlaimint faoi thionscnaimh sa Chomhairle le linn 2022 maidir le rochtain fheabhsaithe ar a bhfoirgnimh do dhaoine faoi mhíchumas agus maidir le tionscnaimh eile a d’fhéadfadh a bheith ann do dhaoine faoi mhíchumas;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhshaol agus inbhuanaitheacht</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>63.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil sé deacair i gcónaí faisnéis nuashonraithe agus chuimsitheach a fháil faoi aon tionscnaimh ón gComhairle maidir leis an gcomhshaol agus leis an inbhuanaitheacht agus maidir leis an bhforbairt i dtomhaltas ginearálta, lena n-áirítear uisce, gás, leictreachas agus páipéar a úsáid; á mholadh don Chomhairle tuairisciú córasach a dhéanamh ar ghnéithe comhshaoil agus inbhuanaitheachta dá cuid oibre mar chuid dá tuairisciú bliantúil; ag cur sonrú, agus é ina dhíol sásaimh di, i roinnt tionscnamh scaipthe a luaitear sa tuairisciú bliantúil, amhail ceithre charr leictreach a cheannach agus clásail a bhaineann leis an gcomhshaol a chomhtháthú i nósanna imeachta soláthair;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>64.</NO.P>á iarraidh i gcónaí ar an gComhairle córas a bhunú, mura bhfuil sé bunaithe cheana féin, chun baill foirne a spreagadh chun úsáid a bhaint as iompar poiblí nó as iompar eile ar astaíochtaí ísle amhail rothair, chun lorg carbóin na Comhairle a laghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>65.</NO.P>ag tabhairt dá haire go luaitear sna cuntais bhliantúla ón gComhairle go raibh 773.4 Deimhniú Fuinnimh Ghlais ag an gComhairle ag deireadh 2022, i gcomparáid le 2 589.2 ag deireadh 2021, bunaithe ar an bhfuinneamh a tháirgeann painéil ghréine atá suite ar dhíon fhoirgnimh na Comhairle; ag tabhairt dá haire go bhfuil luach EUR 65 an ceann ar na deimhnithe; á iarraidh ar an gComhairle i gcónaí tuairisc níos mionsonraithe a thabhairt maidir le deimhnithe den sórt sin a dhíol ar an margadh oscailte agus maidir leis an úsáid a bheartaítear a bhaint as an ioncam a ghintear;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Comhar idirinstitiúideach</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>66.</NO.P>á chur i bhfáth gur gá athbhreithniú a dhéanamh ar Airteagal 319 CFAE mar chuid d’athrú ar an gConradh sin chun a fhoráil go sainráite go ndéanfaidh an Pharlaimint, chomh maith le hurscaoileadh a thabhairt don Choimisiún, urscaoileadh a thabhairt freisin d’institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais i ndáil le cur chun feidhme a ranna den bhuiséad ginearálta nó dá mbuiséad;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumarsáid</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>67.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur bhliain nach bhfacthas riamh a bhí in 2022 agus go raibh níos mó ná 24,5 milliún cuairt ar shuíomh gréasáin na Comhairle, arb ionann é agus méadú 16 % i gcomparáid le 2020, agus gur tháinig méadú 8 % ar líon na leantóirí ar Facebook, de bhrí gur tháinig méadú 19 %, 17 % agus 33 % ar líon na leantóirí ar X (ar a dtugtaí Twitter roimhe seo), ar Instagram agus ar LinkedIn faoi seach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>68.</NO.P>á mholadh don Chomhairle dul i dteagmháil leis an Maoirseoir Eorpach um Chosaint Sonraí d’fhonn úsáid a bhaint as an dá ardán meán sóisialta foinse oscailte, EU Voice agus EU Video, a seoladh mar threoirthionscadal poiblí chun úsáid líonraí sóisialta foinse oscailte saor in aisce a chur chun cinn; á mholadh don Chomhairle roghanna malartacha ar líonraí sóisialta díláraithe a úsáid ar ardáin ar líne atá an-mhór, amhail Mastodon.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>