<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF3" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0304</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas, Euratom agus an Úcráin</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0077/2024 - Rapóirtéir: Sandra Kalniete)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile (COM(2024)0050 – C9-0021/2024 – 2024/0028(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0050),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0021/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 8 Aibreán 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0077/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cur sonrú sna ráitis ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C <STRING ITALIC="on">d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P9_TC1-COD(2024)0028</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 23 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le bearta um léirscaoileadh trádála sealadach lena bhforlíontar na lamháltais trádála is infheidhme i dtaca le táirgí na hÚcráine faoin gComhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach agus a gcuid Ballstát, de pháirt, agus an Úcráin, den pháirt eile</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1392.)</STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI>IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH</TI><STI><STRING BOLD="on">Ráiteas ón gCoimisiún maidir le faireachán a dhéanamh ar allmhairí gráin ón Úcráin tráth ghlacadh Rialachán (AE) 2024/1392</STRING></STI>
Tá cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine ag cur isteach ar shlabhraí soláthair a bhí ann cheana. Tá an tAontas ag tabhairt tacaíochta don Úcráin chun gur féidir an gnáthshreabhadh gráin agus earraí eile a atosú, go háirithe trí na Lánaí Dlúthpháirtíochta, agus chun a chinntiú gur féidir na honnmhairí gráin a gceann scríbe a bhaint amach, mar shampla, go háirithe, i dtríú margaí, chun tacú leis an tslándáil bia ar fud an domhain.

Tá an Coimisiún tiomanta do thacaíocht a thabhairt don Úcráin agus, an tráth céanna, leas tháirgeoirí gráin an Aontais a chaomhnú agus feidhmiú cuí an mhargaidh gráin san Aontas a chinntiú.

I bhfianaise a thábhachtaí atá táirgeadh gráin agus margaí gráin, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar fhaireachán a dhéanamh ar allmhairí gráin, go háirithe cruithneacht, agus go sonrach an dlús allmhairí den chineál sin sna Ballstáit atá comharsanach don Úcráin. San idirphlé tráthrialta a dhéanann an Coimisiún leis an Úcráin, tabharfaidh sé aghaidh ar aon saincheist a thiocfaidh chun solais de bharr an fhaireacháin. Meabhraíonn an Coimisiún gur féidir allmhairí ón Úcráin a bheith faoi réir faireachais faoi Chaibidil IV de Rialachán (AE) 2015/478 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2015 maidir le comhrialacha d’allmhairí, rialacha is féidir a bheith i bhfoirm ceadúnaithe allmhairiúcháin, má tá baol ann go ndéanfaidh an treocht in allmhairí díobháil do tháirgeoirí an Aontais agus má theastaíonn sin de réir leasanna an Aontais. I ndáil leis an méid sin, úsáidfidh an Coimisiún na huirlisí atá ar fáil dó de réir mar is gá. Leanfaidh an Coimisiún ag tuairisciú go tráthrialta do na Ballstáit maidir le torthaí an idirphlé thráthrialta leis an Úcráin.

I gcás táirgí a chumhdaítear le bearta trádála uathrialacha, meabhraíonn an Coimisiún go bhforáiltear leis an Rialachán freisin maidir le sásra coimirce treisithe. Den chéad uair, tá an deis tugtha isteach ag an gCoimisiún ar an sásra sin a ghníomhachtú i gcás éifeachtaí díobhálacha ar mhargadh Ballstáit amháin nó roinnt Ballstát agus tá sé réidh sin a dhéanamh, agus ní hamháin ar mhargadh an Aontais ina iomláine. I ndáil leis an méid sin, bainfidh an Coimisiún leas iomlán as a chumhachtaí an sásra coimirce treisithe le haghaidh allmhairí cruithneachta ón Úcráin a thionscnamh ex officio.

Meabhraíonn an Coimisiún gur ghlac sé bearta in 2022 agus in 2023 chun tacú le feirmeoirí na hEorpa i ngach Ballstát, go háirithe sna Ballstáit atá comharsanach leis an Úcráin.

<STRING BOLD="on">Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an bPróiseas Athbhreithniúcháin dá bhforáiltear in Airteagal 29 den Chomhaontú Comhlachais, tráth a glacadh Rialachán (AE) 2024/1392</STRING>

Na bearta is gá, faoi Airteagal 29 den Chomhaontú Comhlachais, chun tabhairt faoi léirscaoileadh cómhalartach taraifí, deimhníonn an Coimisiún go ndéanfaidh sé na bearta sin, trí chomhairliúcháin leis an Úcráin, a luaithe a ghlacfaidh na comhreachtóirí na bearta trádála uathrialacha nua.

Oibreoidh an Coimisiún i ndlúthchomhar le Parlaimint na hEorpa agus coinneoidh sé ar an eolas í maidir le dul chun cinn na gcomhairliúchán sin leis an Úcráin. Tabharfaidh an Coimisiún aird chuí ar bharúlacha Pharlaimint na hEorpa ina leith sin.

Tugann an Coimisiún chun cuimhne nach fasach le haghaidh clásail athbhreithniúcháin in aon chomhaontú eile atá sna módúlachtaí oibre sin, agus nach n-imíonn siad ó Airteagal 218 CFAE.

Cuirfidh toradh an phróisis sin cinnteacht eacnamaíoch agus trádáil chobhsaí ar fáil don Úcráin agus don Aontas araon, sin agus d’fheirmeoirí agus gnólachtaí. Céim thábhachtach a bheidh ann freisin i dtaobh an Úcráin a atógáil, agus í a chomhtháthú níos mó i margadh inmheánach an Aontais, rud is cuid d’aontú na tíre sin don Aontas amach anseo.’
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>