<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0312</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air – Rialachán leasaitheach</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0444/2023 -  Rapóirtéir: Markus Ferber, Margarida Marques)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 23 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (15876/2023 – C9-0005/2024 – 2023/0137(CNS))</STRING></TI><NOTE>(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don dréacht ón gComhairle (15876/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 126(14), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0005/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Buiséid,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0444/2023),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas an dréachta ón gComhairle arna leasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt  do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa  arís má tá sé ar intinn aici an dréacht a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><OTTXT>
<STRING BOLD="on">Leasú		2</STRING>
<TI>LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">*</STRING> Leasuithe: léirítear téacs nua nó leasaithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.</FIELD></FOOTNOTE></TI><TI>ar an dréacht ón gComhairle</TI><TI>---------------------------------------------------------</TI></OTTXT></TXTLST><TXTLST><TCONSOLID><TI>RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE<BRK/>lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air<BRK/></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT>TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,</PRINIT><GRVISA><VISA>
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 126(14), an dara fomhír, de,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
</VISA><VISA>
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD>IO C , , lch. .</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach<FOOTNOTE><FIELD>IO C 290, 18.8.2023, lch. 17.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
</VISA></GRVISA><GRCONS><GRCINIT>De bharr an mhéid seo a leanas:</GRCINIT><CONS>
<NO.P>(1)</NO.P>Comhordú bheartais eacnamaíocha na mBallstát laistigh den Aontas, mar a fhoráiltear dó leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), is é atá i gceist leis comhlíonadh na dtreoirphrionsabal a bhaineann le praghsanna cobhsaí, airgeadas poiblí fónta agus dálaí airgeadaíochta fónta, agus comhardú inbhuanaithe íocaíochtaí.
</CONS><CONS>
<NO.P>(2)</NO.P>Creat rialachais eacnamaíoch an Aontais, ina bhfuil córas mionléirithe maidir le comhordú beartais agus faireachas ar bheartais eacnamaíocha na mBallstát, threoraigh sé na Ballstáit chun a gcuspóirí maidir le beartas eacnamaíoch agus fioscach a bhaint amach. Ó tháinig Conradh Maastricht ar an bhfód in 1992, bhí an creat ina chuidiú chun cóineasú maicreacnamaíoch a bhaint amach, airgeadas fónta poiblí a chosaint agus aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha. In éineacht le comhbheartas airgeadaíochta agus airgeadra comhchoiteann sa limistéar euro, tá dálaí le haghaidh cobhsaíocht eacnamaíoch, fás eacnamaíoch inbhuanaithe agus ionchuimsitheach agus fostaíocht níos airde do shaoránaigh den Aontas cruthaithe leis an gcreat.
</CONS><CONS>
<NO.P>(3)</NO.P>Tá an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), ina raibh Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD>Rialachán (CE) Uimh. 1466/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir leis an bhfaireachas ar riochtaí buiséadacha, agus an faireachas ar bheartais eacnamaíocha agus a gcomhordú, a neartú (IO L 209, 2.8.1997, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997<FOOTNOTE><FIELD>Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 ón gComhairle an 7 Iúil 1997 maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air (IO L 209, 2.8.1997, lch. 6).</FIELD></FOOTNOTE> agus an Rún ón gComhairle Eorpach an 17 Meitheamh 1997 maidir leis an CCF<FOOTNOTE><FIELD>Rún ón gComhairle Eorpach maidir leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis Amstardam, 17 Meitheamh 1997 (IO C 236, 2.8.1997, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE>, bunaithe ar chuspóir an airgeadais rialtais fhónta agus inbhuanaithe mar mhodh chun na dálaí a neartú a bhaineann le cobhsaíocht praghsanna agus le fás inbhuanaithe láidir agus ionchuimsitheach a bhfuil cobhsaíocht airgeadais mar bhonn taca leis, agus ar an gcaoi sin tacú le cuspóirí an Aontais maidir le fás inbhuanaithe agus fostaíocht a ghnóthú.
</CONS><CONS>
<NO.P>(4)</NO.P>Ag an tríú céim den Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA), tá na Ballstáit, de réir Airteagal 126(1) CFAE, faoi oibleagáid easnaimh rialtais iomarcacha a sheachaint.
</CONS><CONS>
<NO.P>(5)</NO.P>Ba cheart creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a oiriúnú chun ilchineálacht mhéadaithe na riochtaí fioscacha, fiachais phoiblí, dúshláin eacnamaíochta agus leochaileachtaí eile ar fud na mBallstát a chur san áireamh ar bhealach níos fearr. Bhí an fhreagairt láidir bheartais ar an bpaindéim COVID-19 an-éifeachtach maidir le hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na géarchéime a mhaolú, ach tháinig méadú suntasach ar chóimheasa fiachais sna hearnálacha príobháideacha agus poiblí dá toradh, rud a léirigh an tábhacht a bhaineann le cóimheasa fiachais agus easnaimh a laghdú go leibhéil stuama de réir a chéile, ar bhealach réalaíoch marthanach lena gcothófaí fás, lena bhféadfaí beartais fhrith-thimthriallacha a shaothrú agus aghaidh a thabhairt ar mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha, agus aird chuí á tabhairt ag an am céanna ar chuspóirí fostaíochta agus sóisialta. An tráth céanna, ba cheart creat rialachais eacnamaíoch an Aontais a oiriúnú chun cuidiú le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin mheántéarmacha agus fhadtéarmacha atá roimh an Aontas, lena n-áirítear aistriú cothrom digiteach agus glas a bhaint amach, an Dlí Aeráide<FOOTNOTE><FIELD>Socraítear leis an Dlí Aeráide Eorpach cuspóir aeráidneodracht ar fud an Aontais a bhaint amach faoi 2050 agus ceanglaítear ar institiúidí an Aontais agus Ballstáit dul chun cinn a dhéanamh maidir le hacmhainneacht oiriúnúcháin a fheabhsú, ar gá infheistíocht shuntasach phoiblí chun tionchair dhiúltacha shocheacnamaíocha an athraithe aeráide a laghdú ar an Aontas agus a mBallstáit, lena n-áirítear tionchair dhiúltacha ar fhás agus inbhuanaitheacht fhioscach.</FIELD></FOOTNOTE> san áireamh, slándáil fuinnimh a áirithiú, tacú le neamhspleáchas straitéiseach oscailte, aghaidh a thabhairt ar an athrú déimeagrafach, athléimneacht shóisialta agus eacnamaíoch agus cóineasú marthanach a neartú, agus an compás straitéiseach um shlándáil agus cosaint a chur chun feidhme, a bhfuil gá gach ceann acu le hathchóirithe agus ardleibhéil sheasmhacha infheistíochta sna blianta amach romhainn.
</CONS><CONS>
<NO.P>(6)</NO.P>Ba cheart, le creat rialachais eacnamaíoch an Aontais, airgeadas poiblí fónta agus inbhuanaithe agus fás inbhuanaithe agus uilechuimsitheach a chur chun cinn agus, dá bhrí sin, idirdhealú a dhéanamh idir na Ballstáit trína ndúshláin fiachais phoiblí agus eacnamaíocha a chur san áireamh maille le conairí fioscacha ilbhliantúla tír-shonracha a cheadú, agus faireachas iltaobhach éifeachtach á áirithiú agus prionsabal na córa comhionainne á urramú ag an am céanna.
</CONS><CONS>
<NO.P>(7)</NO.P>An tráth céanna, chun a áirithiú go mbeidh creat trédhearcach agus coiteann de chuid an Aontais ann bunaithe ar na luachanna tagartha dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal Uimh. 12 maidir leis an nós imeachta um easnamh iomarcach atá i gceangal le CFAE agus leis an gConradh ar an Aontas Eorpach (CAE), ba cheart forfheidhmiú níos láidre a bheith mar bhonn taca faoi fhaireachas iltaobhach mar an chontrapháirt a bhfuil gá léi de chreat faireachais riosca-bhunaithe lena gceadaítear conairí fioscacha tír-shonracha.
</CONS><CONS>
<NO.P>(8)</NO.P>Chun creat fioscach an Aontais a shimpliú agus trédhearcacht a mhéadú, ba cheart go bhfeidhmeodh táscaire oibriúcháin aonair a bheadh bunaithe ar inbhuanaitheacht fiachais mar bhonn leis an gconair chaiteachais a leagan amach agus le faireachas fioscach bliantúil a dhéanamh do gach Ballstát. Ba cheart an táscaire aonair sin a bhunú ar phríomhchaiteachas glan maoinithe go náisiúnta, is é sin le rá<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">: </STRING></STRING>caiteachas <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">rialtais</STRING></STRING> glan ar <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">chaiteachas úis, </STRING></STRING>bearta ioncaim lán-roghnaigh, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">caiteachas ar chláir an Aontais meaitseáilte go hiomlán le hioncam ó chistí an Aontais</STRING></STRING> agus caiteachas <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">náisiúnta ar mhaoiniú comhpháirteach na gclár arna gcistiú ag an Aontas,</STRING></STRING> chomh maith le<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> heilimintí </STRING></STRING>timthriallacha de caiteachas ar<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> shochar</STRING></STRING> dífhostaíochta. I gcomhréir leis na treoirphrionsabail atá úsáidte ag an gCoimisiún Eorpach chun idirbhearta a aicmiú mar idirbhearta aonuaire, ba cheart bearta aonuaire agus bearta sealadacha eile a eisiamh ón nglanchaiteachas freisin. Cumasaítear leis an táscaire seo cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch toisc nach ndéantar difear dó le cobhsaitheoirí uathoibríocha a oibriú, lena n-áirítear luaineachtaí ioncaim agus caiteachais nach bhfuil faoi rialú díreach an rialtais.
</CONS><CONS>
<NO.P>(9)</NO.P>Is gné sheanbhunaithe den chreat um fhaireachas fioscach an Aontais é an nós imeachta um easnamh iomarcach (EDP) le haghaidh sáruithe ar an luach tagartha easnaimh 3 % d’olltáirgeacht intíre (OTI) (‘EDP easnamh-bhunaithe’), dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal Uimh. 12 atá éifeachtach ó thaobh tionchar a imirt ar bheartas fioscach sna Ballstáit.
</CONS><CONS>
<NO.P>(10)</NO.P>Chun an EDP a neartú maidir le sáruithe ar an gcritéar fiachais de 60 % de OTI (‘EDP fiachasbhunaithe’), dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal Uimh. 12 ba cheart díriú ar imeachtaí ón gconair <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ghlanchaiteachais </STRING></STRING>atá leagtha síos ag an gComhairle faoi Rialachán (AE) […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD>Rialachán (AE) [...] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [...] [maidir le comhordú éifeachtach beartas eacnamaíoch agus faireachas buiséadach iltaobhach] (IO L …, …, lch….).</FIELD></FOOTNOTE>.
</CONS><CONS>
<NO.P>(13)</NO.P>I gcomhréir le hAirteagail 24 agus 25 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], d’fhéadfadh an Chomhairle, arna mholadh sin don Choimisiún, a cheadú do na Ballstáit, ar choinníoll nach gcuirfí inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma, imeacht ón gconair ghlanchaiteachais a leag an Chomhairle síos faoin Rialachán sin le haghaidh cásanna ina mbeadh mórshleabhcadh eacnamaíoch ann sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine, nó imthosca eisceachtúla nach mbeadh neart ag an rialtas orthu agus tionchar mór acu ar airgeadas poiblí an Bhallstáit a bheadh i gceist. Dá thoradh sin, níor cheart diall mar sin a chlárú sa chuntas rialaithe nó níor cheart oscailt EDP fiachasbhunaithe teacht as.
</CONS><CONS>
<NO.P>(14)</NO.P>Agus measúnú á dhéanamh aige an ann d’easnamh iomarcach i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE, ba cheart don Choimisiún na tosca ábhartha uile a chur san áireamh. Ba cheart a mheas gur príomhthoisc ghéaraitheach iad dúshláin shuntasacha fiachais phoiblí sa Bhallstát lena mbaineann.
</CONS><CONS>
<NO.P>(14a)</NO.P>	Agus an teannas geopholaitiúil agus na dúshláin slándála atá ag dul i méid á admháil aici, chomh maith leis an ngá comhfhreagrach atá ann do na Ballstáit a gcumais a mhéadú, ba cheart a mheas, i gcás inarb infheidhme, gur toisc ábhartha é an méadú ar infheistíocht rialtais i réimse na cosanta, agus measúnú á dhéanamh an ann d’easnamh iomarcach i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE. D’fhéadfaí an toisc sin a mheas i gcomparáid le meáin an Aontais, treochtaí meántéarmacha nó tagarmharcanna ábhartha eile, agus na rialacha staidrimh a bhaineann leis an am a thaifeadtar caiteachas ar threalamh míleata á gcur san áireamh freisin.
</CONS><CONS>
<NO.P>(15)</NO.P>Chun taifead a choinneáil ar dhialltaí iarbhír ón gconair ghlanchaiteachais mar a leagtar amach í in Airteagal 21 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], ba cheart don Choimisiún cuntas rialaithe a bhunú do gach Ballstát chun na dialltaí bliantúla a shuimeáil le himeacht ama. Ba cheart an fhaisnéis sa chuntas rialaithe a bheith ina bhonn le gníomhaíochtaí forfheidhmithe. Go háirithe, ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE nuair is mó cóimheas an fhiachais rialtais le OTI ná an luach tagartha, nuair nach bhfuil an riocht buiséadach gar don chomhardú nó i mbarrachas agus nuair a sháraíonn na dialltaí a thaifeadtar i gcuntas rialaithe an Bhallstáit na tairseacha bunaithe bliantúla nó carnacha. Measfar an riocht buiséadach a bheith gar don chomhardú mura dtéann an t-easnamh ceannlíne thar 0.5 pointe céatadáin OTI.
</CONS><CONS>
<NO.P>(16)</NO.P>Ba cheart, leis an gconair cheartaitheach ghlanchaiteachais faoi EDP, an t-easnamh ginearálta rialtais a thabhairt nó a choinneáil faoi bhun an luach tagartha 3 % de OTI dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal Uimh. 12 faoin sprioc-am arna bhunú ag an gComhairle. I bprionsabail, is í an chonair a leag an Chomhairle síos ar dtús a bheadh sa chonair cheartaitheach ghlanchaiteachais faoin nós imeachta um easnamh iomarcach, agus an gá atá le coigeartú struchtúrach íosta 0.5 % den OTI a áirithiú i gcás sárú ar an gcritéar easnaimh nó an gá atá leis an diall ón gconair sin a cheartú mar riail i gcás ina sáraítear an critéar fiachais á chur san áireamh. I gcás nach bhfuil an chonair bhunaidh sin inúsáidte mar gheall ar chúinsí oibiachtúla, ba cheart don Chomhairle a bheith in ann conair dhifriúil a leagan síos faoi EDP.
</CONS><CONS>
<NO.P>(17)</NO.P>Maidir leis na Ballstáit faoi EDP, ba cheart an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, a bheith fós in ann síneadh a chur leis an sprioc-am maidir le coigeartú an easnaimh iomarcaigh i gcás ina suíonn sí gurb ann do mhórshleabhcadh eacnamaíoch sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], nó i gcás imthosca eisceachtúla nach bhfuil neart ag an rialtas orthu agus tionchar mór aige ar airgeadas poiblí de chuid Ballstáit aonair i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach] agus ar choinníoll nach gcuireann sé an inbhuanaitheacht fhioscach i mbaol sa mheántéarma.
</CONS><CONS>
<NO.P>(18)</NO.P>Ba cheart forálacha sonracha de Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 a bhaineann leis na ranníocaíochtaí le córais phinsin dara colúin a scriosadh ós rud é gur cheart go gcuirtear an caillteanas ioncaim a ghabhann leis na ranníocaíochtaí sin san áireamh cheana féin leis an gconair ghlanchaiteachais leagtha síos ag an gComhairle.
</CONS><CONS>
<NO.P>(19)</NO.P>Is léir an acmhainneacht atá ag institiúidí fioscacha neamhspleácha smacht fioscach a chothú agus creidiúnacht airgeadais phoiblí na mBallstát a neartú. Chun úinéireacht náisiúnta a threisiú, ba cheart an ról atá ag institiúidí fioscacha neamhspleácha a choinneáil i gcreat rialachais eacnamaíoch athchóirithe an Aontais, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">d’fhonn a n-acmhainneacht a fheabhsú de réir a chéile</STRING></STRING>. Ba cheart ról comhairleach níos mó i gcreat rialachais eacnamaíoch an Aontais a bheith ag Bord Fioscach Eorpach atá níos neamhspleáiche.
</CONS><CONS>
<NO.P>(20)</NO.P>Ba cheart coinníollacha soiléire a leagan síos chun nósanna imeachta um easnamh iomarcach a aisghairm. Ba cheart d’aisghairm a cheangal go bhfanfadh an t-easnamh ar bhealach inchreidte faoi bhun an luach tagartha 3 % de OTI dá dtagraítear in Airteagal 126(2) CFAE agus Prótacal Uimh. 12 agus, le haghaidh EDP fiachasbhunaithe, go léiríonn an Ballstát comhlíonadh na conaire glanchaiteachais faoi EDP.
</CONS><CONS>
<NO.P>(21)</NO.P>Níor cheart na fíneálacha dá bhforáiltear in Airteagal 126(11) CFAE foráil a dhéanamh le híosmhéid ach ba cheart iad a charnadh go dtí go ndéanfar gníomhaíocht éifeachtach, chun bheith ina fhíordhreasacht le haghaidh comhlíontachta agus na forógraí tugtha do Bhallstáit faoi EDP i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE.
</CONS><CONS>
<NO.P>(22)</NO.P>Ba cheart forálacha a bhaineann leis an Ríocht Aontaithe a scriosadh.
</CONS><CONS>
<NO.P>(23)</NO.P>Tá an Rialachán seo ina chuid de phacáiste in éineacht le Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach] agus Treoir (AE) […] lena leasaítear 2011/85/AE maidir le ceanglais ar chreataí buiséadacha na mBallstát. Le chéile, bunaítear leo creat rialachais eacnamaíoch athchóirithe de chuid an Aontais a ionchorpraíonn i ndlí an Aontais substaint de Theideal III ‘Comhshocrú Fioscach’ den Chonradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas (TSCG) san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta<FOOTNOTE><FIELD>Conradh ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta an 2 Márta 2012.</FIELD></FOOTNOTE>, i gcomhréir le hAirteagal 16 de. Trí chur le taithí na mBallstát ar chur chun feidhme TSCG, coinnítear leis an bpacáiste reachtach atá beartaithe treoirlíne mheántéarmach an Chomhshocraithe Fhioscaigh mar uirlis chun smacht buiséadach agus cur chun cinn fáis a bhaint amach. Áirítear sa phacáiste gné thírshonrach neartaithe darb aidhm úinéireacht náisiúnta a threisiú, lena n-áirítear tríd an ról atá ag institiúidí fioscacha neamhspleácha a choinneáil, ról atá bunaithe ar phrionsabail choiteanna an Chomhshocraithe Fhioscaigh arna mbeartú ag an gCoimisiún<FOOTNOTE><FIELD>Teachtaireacht COM(2012)0342 final an 20 Meitheamh 2012 ón gCoimisiún ‘Prionsabail choiteanna maidir le sásraí ceartaithe fioscacha náisiúnta’.</FIELD></FOOTNOTE> i gcomhréir le hAirteagal 3(2) de TSCG. Tá an anailís ar chaiteachas atá glan ar bhearta ioncaim lán-roghnacha don mheasúnú foriomlán ar chomhlíontacht a cheanglaítear leis an gComhshocrú Fioscach leagtha amach i Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach]. Mar is amhlaidh leis an gComhshocrú Fioscach, ní cheadaítear dialltaí sealadacha ón bplean meántéarmach ach amháin in imthosca eisceachtúla i gcomhréir le hAirteagail 24 agus 25 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach] agus i gcomhréir leis na forálacha maidir leis an gcuntas rialaithe. Ar an dóigh chéanna leis an gComhshocrú Fioscach, i gcás dialltaí suntasacha ón bplean meántéarmach, ba cheart bearta a chur chun feidhme chun na dialltaí a cheartú thar thréimhse ama shainithe. Déantar leis an bpacáiste faireachas fioscach agus nósanna imeachta forfheidhmithe a neartú chun an gealltanas airgeadas poiblí fónta inbhuanaithe agus fás inbhuanaithe cuimsitheach a chur chun cinn a chur i gcrích. Coinnítear leis an athchóiriú ar an gcreat rialachais eacnamaíoch dá réir sin, na cuspóirí bunúsacha smachta bhuiséadaigh agus inbhuanaitheachta fiachais leagtha amach sa TSCG.
</CONS><CONS>
<NO.P>(24)</NO.P>Tá gá le forálacha idirthréimhseacha le haghaidh Ballstáit atá faoi EDP nuair a thagann an creat athchóirithe i bhfeidhm. Is gá moltaí faoi Airteagal 126(7) CFAE agus fógraí faoi Airteagal 126(9) CFAE ar glacadh iad sular tháinig an Rialachán leasaitheach seo i bhfeidhm a athbhreithniú chun iad a ailíniú leis na forálacha d’Airteagal 3(4) agus d’Airteagal 5(1) leasaithe. Chuirfeadh sin ar chumas na Comhairle conair cheartaitheach ghlanchaiteachais i gcomhréir leis na forálacha nua do Bhallstáit a bhfuil gníomhaíocht déanta acu a shocrú, gan an nós imeachta um easnamh iomarcach a mhéadú.
</CONS><CONS>
<NO.P>(24a)</NO.P>	De bhrí go bhfuil rialacha an nós imeachta easnamhbhunaithe um easnamh iomarcach fós gan athrú le feabhsú struchtúrach bliantúil íosta 0.5 % de OTI ar a laghad mar thagarmharc, i gcomhthéacs thimpeallacht an ráta úis atá athraithe go mór, féadfaidh an Coimisiún, ar feadh idirthréimhse in 2025, 2026 agus 2027 — ionas nach gcuirfear isteach ar éifeachtaí dearfacha na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta — an tagarmharc a choigeartú chun an méadú ar íocaíochtaí úis a chur san áireamh agus an chonair cheartaitheach atá beartaithe a bhaineann leis an gcéad phlean struchtúrach fioscach meántéarmach do na blianta 2025, 2026 agus 2027 laistigh den nós imeachta um easnamh iomarcach á leagan síos aige, ar choinníoll go gcomhlíonann an Ballstát lena mbaineann na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 11 mír (c) de Rialachán (AE) maidir leis an gcuid choisctheach, i gcomhréir leis an gcuspóir aistriú glas agus digiteach a bhaint amach agus cumais chosanta a mhéadú.
</CONS><CONS>
<NO.P>(25)</NO.P>Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 a leasú dá réir sin,
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><DINIT>TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:</DINIT><GR.ART>
<TI.ART>Airteagal 1</TI.ART><PARAG>Leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1467/97 mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(1)</NO.P>Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 1 agus 2:<CITATION>
‘Airteagal 1

<NO.P>1.</NO.P>Leagtar síos leis an Rialachán seo na forálacha maidir le dlús a chur le cur chun feidhme an nós imeachta um easnamh iomarcach agus soiléiriú a dhéanamh air. Is é is cuspóir don nós imeachta um easnamh iomarcach easnaimh rialtais iomarcacha a dhíspreagadh agus, má tharlaíonn siad, a gceartúchán a chur chun cinn a thuilleadh, i gcás ina ndéantar scrúdú ar chomhlíonadh an smachta bhuiséadaigh ar bhonn an easnaimh rialtais agus chritéir an fhiachais rialtais.

<NO.P>2.</NO.P>Chun críocha an Rialacháin seo, ciallaíonn ‘Ballstáit rannpháirteacha’ na Ballstáit sin a bhfuil an euro mar airgeadra iontu. Tá feidhm ag na sainmhínithe faoi Airteagal 2 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach].

Airteagal 2

<NO.P>1.</NO.P>Measfar go mbeidh farasbarr an easnaimh rialtais, atá thar an luach tagartha, eisceachtúil, i gcomhréir le hAirteagal 126(2), an dara fleasc, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), má eascraíonn sé as mór‑shleabhcadh eacnamaíoch a bheith ann sa limistéar euro nó san Aontas ina iomláine, arna shuí ag an gComhairle, i gcomhréir le hAirteagal 24 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], nó as imthosca eisceachtúla atá lasmuigh de rialú an rialtais agus a bhfuil tionchar mór acu ar airgeadas poiblí an Bhallstáit lena mbaineann, i gcomhréir le hAirteagal 25 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach].

Sa bhreis air sin, measfar go mbeidh an farasbarr, atá thar an luach tagartha, sealadach i gcás ina léiríonn réamhaisnéisí buiséadacha, dá bhforáiltear ag an gCoimisiún, go dtitfidh an t-easnamh faoi bhun an luacha tagartha tar éis dheireadh an mhór-shleabhctha eacnamaíoch nó tar éis dheireadh na n-imthosca eisceachtúla dá dtagraítear sa chéad fhomhír.

<NO.P>1a.</NO.P>Nuair is mó é ná an luach tagartha, measfar go mbeidh an cóimheas idir an fiachas rialtais agus an olltáirgeacht intíre OTI ag laghdú go leordhóthanach agus ag druidim leis an luach tagartha ar luas sásúil i gcomhréir le hAirteagal 126(2), pointe (b), CFAE má urramaíonn an Ballstát lena mbaineann a chonair ghlan-chaiteachais.

<NO.P>2.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">Ullmhóidh an Coimisiún tuarascáil i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE nuair is mó cóimheas an fhiachais rialtais le OTI ná an luach tagartha, nuair nach bhfuil an riocht buiséadach gar don chomhardú nó i mbarrachas agus nuair a sháraíonn na dialltaí a thaifeadtar i gcuntas rialaithe an Bhallstáit:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>0,3 pointe céatadáin de OTI in aghaidh na bliana, nó</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>0,6 pointe céatadáin de OTI go carnach.</ITEM></LIST>

<NO.P>3.</NO.P>Cuirfidh an Coimisiún, agus tuarascáil á hullmhú aige faoi Airteagal 126(3) CFAE, gach toisc ábhartha eile san áireamh, mar a léirítear san Airteagal sin, a mhéid a dhéanann siad difear suntasach don mheasúnú ar chomhlíonadh na gcritéar easnaimh agus fiachais ag an mBallstát lena mbaineann.

<LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">Léireofar sa tuarascáil, de réir mar is iomchuí:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>méid na ndúshlán fiachais phoiblí bunaithe ar an modheolaíocht dá dtagraítear in Airteagal 8 de Rialachán [maidir leis an gcuid choisctheach], éabhlóid staid fiachais an rialtais agus a maoiniú, agus na fachtóirí riosca gaolmhara, go háirithe an struchtúr aibíochta, ainmníocht airgeadra an fhiachais agus na ndliteanas teagmhasach, lena n‑áirítear aon dliteanais intuigthe a bhaineann le haosú agus le fiachas príobháideach;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>na forbairtí sna riochtaí buiséadacha meántéarmacha, lena n-áirítear, go háirithe, méid an diallta iarbhír ón gconair ghlan-chaiteachais, i dtéarmaí bliantúla agus carnacha arna dtomhas leis an gcuntas rialúcháin;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(c)</SYMBOL>na forbairtí sa staid mheántéarmach eacnamaíoch, lena n-áirítear acmhainneacht fáis go háirithe forbairtí boilscithe agus forbairtí timthriallacha i gcomparáid le toimhdí bunúsacha na conaire glan-chaiteachais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(d)</SYMBOL>an dul chun cinn i dtaobh cur chun feidhme athchóirithe agus infheistíochtaí lena n‑áirítear, go háirithe beartais chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a sheachaint agus a cheartú agus beartais chun straitéis an Aontais um fhás agus um fhostaíocht chomhchoiteann a chur chun feidhme lena n-áirítear na cinn atá tacaithe ag NextGenerationEU, agus cáilíocht fhoriomlán an airgeadais phoiblí, go háirithe éifeachtacht na gcreataí buiséadacha náisiúnta.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(da)</SYMBOL>an méadú ar infheistíocht an rialtais i réimse na cosanta, i gcás inarb infheidhme, agus am taifeadta an chaiteachais ar threalamh míleata á chur san áireamh freisin.</ITEM></LIST>

<NO.P>4.</NO.P>Déanfaidh an Coimisiún aon toisc eile a bhreithniú go cuí atá ábhartha, de réir thuairim an Bhallstáit lena mbaineann, chun measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar chomhlíontacht leis na critéir easnaimh agus fiachais agus ar chuir an Ballstát iad ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún. Sa chomhthéacs sin, tabharfar aird ar leith do ranníocaíochtaí airgeadais chun dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta a chothú agus chun tosaíochtaí coiteanna an Aontais dá dtagraítear i Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach] a bhaint amach.

Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún measúnú foriomlán cothrom ar na tosca ábhartha go léir, go sonrach, a mhéid a dhéanann siad difear don mheasúnú ar chomhlíontacht le critéir easnaimh agus/nó fiachais mar thosca géaraitheacha nó maolaitheacha. I gcás ina mbeidh dúshláin shuntasacha fiachais phoiblí roimh an mBallstát dá dtagraítear i mír 3(a), measfar gur príomhthoisc ghéaraitheach é. Ní mheasfar gur tosca maolaitheacha iad na forbairtí fabhracha timthriallacha eacnamaíocha, buiséadacha agus airgeadais, ach féadfar a mheas gur tosca maolaitheacha iad na forbairtí neamhfhabhracha.

Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar chomhlíontacht ar bhonn an chritéir easnaimh, má tá an cóimheas idir an fiachas rialtais agus an OTI thar an luach tagartha, ní chuirfear na tosca sin san áireamh sna céimeanna a bhaineann leis an gcinneadh faoi easnamh iomarcach a bheith ann dá ndéantar foráil in Airteagal 126(4), (5) agus (6) CFAE ach amháin má chomhlíontar coinníoll dhúbailte an phrionsabail uileghabhálaigh ina hiomláine — go bhfanann an t-easnamh ginearálta rialtais, sula gcuirtear na tosca ábhartha sin san áireamh, gar don luach tagartha agus go bhfuil a fharasbarr thar an luath tagartha sealadach.

Cuirfear na tosca sin san áireamh, áfach, sna céimeanna a bhaineann leis an gcinneadh faoi easnamh iomarcach a bheith ann nuair a bheidh measúnú a dhéanamh ar chomhlíontacht ar bhonn an chritéir fiachais.

<NO.P>5.</NO.P>Nuair a cheadaítear do Bhallstáit imeacht óna gconair ghlan-chaiteachais de bhun Airteagal 24 agus Airteagal 25 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], is féidir go ndéanfaidh an Coimisiún agus an Chomhairle, agus measúnú á dhéanamh acu, cinneadh gan teacht ar chonclúid gur ann d’easnamh iomarcach.

<NO.P>6.</NO.P>Má dhéanann an Chomhairle, ag gníomhú faoi Airteagal 126(6) CFAE, an cinneadh go bhfuil easnamh iomarcach ann i mBallstát, cuirfidh an Chomhairle agus an Coimisiún, sna céimeanna nós imeachta ina dhiaidh d’Airteagal sin den CFAE, na tosca ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo san áireamh, toisc go ndéanann siad difear do staid an Bhallstáit lena mbaineann, lena n-áirítear mar a shonraítear in Airteagal 5(2) den Rialachán seo, go háirithe maidir le sprioc-am a bhunú do cheartú an easnaimh iomarcaigh agus síneadh a chur leis an sprioc-am sin ar deireadh. Ní chuirfear na tosca ábhartha sin san áireamh, áfach, do chinneadh na Comhairle faoi Airteagal 126(12) CFAE maidir le cuid dá cinntí nó le hiad uile a aisghairm faoi Airteagal 126(6) go (9) agus (11) CFAE.’;

<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">--------------------------</STRING></STRING>

<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">*Rialachán (AE) […] an [cuir isteach dáta] [cuir isteach an teideal iomlán] (IO L …).’</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(2)</NO.P>Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 3:<CITATION>
‘Airteagal 3

<NO.P>1.</NO.P>Laistigh de 2 sheachtain tar éis don Choimisiún tuarascáil arna heisiúint i gcomhréir le hAirteagal 126(3) CFAE a ghlacadh, déanfaidh an Coiste Eacnamaíoch agus Airgeadais tuairim a fhoirmiú i gcomhréir le hAirteagal 126(4) CFAE.

<NO.P>2.</NO.P>Agus an tuairim dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo á cur san áireamh go hiomlán aige, déanfaidh an Coimisiún, más rud é go measann sé go bhfuil easnamh iomarcach ann, tuairim agus togra a dhíriú chuig an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(5) agus (6) CFAE agus cuirfidh sé Parlaimint na hEorpa ar an eolas fúthu.

<NO.P>3.</NO.P>Déanfaidh an Chomhairle cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann i gcomhréir le hAirteagal 126(6) CFAE, mar riail laistigh de 4 mhí ó na dátaí tuairiscithe a bhunaítear in Airteagal 3(2) agus (3) de Rialachán (CE) Uimh. 479/2009. Nuair a dhéanann sí an cinneadh go bhfuil easnamh iomarcach ann, déanfaidh an Chomhairle, ag an am céanna, moltaí don Bhallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE. Déanfaidh an Chomhairle a cinntí faoi Airteagal 126(6) CFAE a phoibliú.

<NO.P>4.</NO.P>Leis an moladh ón gComhairle arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE, bunófar sprioc-am de 6 mhí ar a mhéad maidir le gníomhaíocht éifeachtach a bheith déanta ag an mBallstát lena mbaineann. Nuair a bhaineann údar cuí le tromchúis an cháis, féadfar 3 mhí a thabhairt mar sprioc-am le haghaidh gníomhaíochta éifeachtaí. Leis an moladh ón gComhairle, bunófar sprioc-am chomh maith maidir leis an easnamh iomarcach a cheartú. Ina moladh, iarrfaidh an Chomhairle chomh maith go gcuireann an Ballstát conair cheartaitheach ghlan-chaiteachais chun feidhme, rud a áirithíonn go bhfanann an t‑easnamh ginearálta rialtais faoin luach tagartha, nó go nglactar agus go gcoinnítear faoin luach tagartha é, laistigh den sprioc-am a shonraítear sa mholadh. I gcás inar osclaíodh an nós imeachta um easnamh iomarcach ar bhonn an chritéir easnaimh, le linn na mblianta ina meastar go mbeidh an t-easnamh ginearálta rialtais is mó ná an luach tagartha, beidh an chonair cheartaitheach ghlan-chaiteachais i gcomhréir le híosmhéid coigeartaithe struchtúrach bhliantúil 0,5 % de OTI ar a laghad mar thagarmharc.

I gcás inar osclaíodh an nós imeachta um easnamh iomarcach ar bhonn an chritéir fiachais, beidh an chonair cheartaitheach ghlan-chaiteachais chomh dian céanna ar a laghad leis an gconair ghlan-chaiteachais a ghlac an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 16 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], agus ceartófar, mar riail, diall carntha an chuntais rialaithe faoin sprioc-am arna leagan síos ag an gComhairle.

<NO.P>5.</NO.P>Laistigh den sprioc-am dá ndéantar foráil i mír 4 den Airteagal seo, tuairisceoidh an Ballstát lena mbaineann don Chomhairle agus don Choimisiún maidir le gníomhaíocht arna déanamh mar fhreagairt ar mholadh na Comhairle faoi Airteagal 126(7) CFAE. Cuimseofar sa tuarascáil na spriocanna do chaiteachas agus d’ioncam rialtais agus do na bearta lánroghnacha ó thaobh an chaiteachais agus an ioncaim de i gcomhréir le moladh na Comhairle, chomh maith le faisnéis maidir leis na bearta arna nglacadh agus cineál na mbeart atá beartaithe chun na spriocanna a bhaint amach. Poibleoidh an Ballstát an tuarascáil. Féadfaidh an Ballstát a iarraidh ar an institiúid fhioscach neamhspleách ábhartha tuarascáil neamhcheangailteach ar leithligh a chur ar fáil maidir le leordhóthanacht na mbeart arna ndéanamh agus atá beartaithe i ndáil leis na spriocanna.

<NO.P>6.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh, ar mholadh ón gCoimisiún, moladh athbhreithnithe a ghlacadh faoi Airteagal 126(7) CFAE sna cásanna seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>rinneadh gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar an moladh sin agus go bhfuil feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], nó</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>tá feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach].</ITEM></LIST>

D’fhéadfadh an moladh athbhreithnithe, go háirithe, síneadh aon bhliain amháin a chur leis an sprioc-am do cheartú an easnaimh iomarcaigh mar riail.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(3)</NO.P>Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 4:<CITATION>
‘Airteagal 4

<NO.P>1.</NO.P>Déanfaidh an Chomhairle, agus í ag meas an ndearnadh gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar a moltaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE, a cinneadh a bhunú ar an tuarascáil arna cur isteach ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 3(5) den Rialachán seo agus ar a cur chun feidhme, chomh maith le haon chinntí poiblithe atá mionsonraithe go leordhóthanach ó rialtas an Bhallstáit lena mbaineann.

I gcás ina suíonn an Chomhairle, i gcomhréir le hAirteagal 126(8) CFAE, gur theip ar an mBallstát lena mbaineann gníomhaíocht éifeachtach a dhéanamh, tuairisceoidh sí don Chomhairle Eorpach dá réir sin.

<NO.P>2.</NO.P>Aon chinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(8) CFAE a moltaí a phoibliú i gcás ina suífear nach ndearnadh aon ghníomhaíocht éifeachtach, déanfar é láithreach tar éis don spriocdháta a leagtar síos i gcomhréir le hAirteagal 3(4) den Rialachán seo dul in éag.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(4)</NO.P>Leasaítear Airteagal 5 mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:<CITATION>
‘1. 	Glacfar aon chinneadh ón gComhairle maidir le fógra a thabhairt don Bhallstát atá rannpháirteach lena mbaineann chun bearta a dhéanamh chun an t-easnamh a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE laistigh de 2 mhí den chinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(8) CFAE lena suitear nach ndearnadh aon ghníomhaíocht éifeachtach. San fhógra, iarrfaidh an Chomhairle ar an mBallstát conair cheartaitheach ghlan-chaiteachais a chur chun feidhme i gcomhréir leis na ceanglais a bhunaítear in Airteagal 3(4). Cuirfidh an Chomhairle bearta atá fabhrach don chonair cheartaitheach ghlan-chaiteachais a bhaint amach in iúl chomh maith.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:<CITATION>
<LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">‘2.	Féadfaidh an Chomhairle a chinneadh, ar mholadh ón gCoimisiún, fógra athbhreithnithe a ghlacadh faoi Airteagal 126(9) CFAE sna cásanna seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>rinneadh gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar an bhfógra sin agus go bhfuil feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 25 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach], nó</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>tá feidhm ag na coinníollacha dá dtagraítear in Airteagal 24 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach].</ITEM></LIST>

D’fhéadfadh an fógra athbhreithnithe, go háirithe, síneadh aon bhliain amháin a chur leis an sprioc-am do cheartú an easnaimh iomarcaigh mar riail.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(5)</NO.P>in Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:<CITATION>
‘1. 	Déanfaidh an Chomhairle, agus í ag meas an ndearnadh gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar a fógra arna dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE, a cinneadh a bhunú ar an tuarascáil arna cur isteach ag an mBallstát lena mbaineann i gcomhréir le hAirteagal 5(1a) den Rialachán seo agus ar a cur chun feidhme, chomh maith le haon chinntí poiblithe atá mionsonraithe go leordhóthanach ó rialtas an Bhallstáit lena mbaineann. Cuirfear toradh an mhisin faireachais arna dhéanamh ag an gCoimisiún i gcomhréir le hAirteagal 10a den Rialachán seo san áireamh.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(6)</NO.P>Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 8:<CITATION>
‘Airteagal 8

<NO.P>1.</NO.P>Glacfar aon chinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(11) CFAE chun smachtbhannaí a threisiú tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis na ndátaí tuairiscithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 479/2009.

<NO.P>2.</NO.P>Glacfar aon chinneadh ón gComhairle faoi Airteagal 126(12) CFAE chun gach cinneadh nó roinnt dá cinntí a aisghairm chomh luath agus is féidir agus, in aon chás, tráth nach déanaí ná 2 mhí tar éis na ndátaí tuairiscithe de bhun Rialachán (CE) Uimh. 479/2009.

<NO.P>3.</NO.P>Ní dhéanfaidh an Chomhairle cinneadh ach amháin, de bhun Airteagal 126(12) CFAE i gcás inar glacadh an t-easnamh faoin luach tagartha agus ina bhfuil sé réamh-mheasta ag an gCoimisiúnin go bhfanfaidh sé amhlaidh sa bhliain reatha agus sa bhliain ina dhiaidh sin agus, i gcás inar osclaíodh an nós imeachta um easnamh iomarcach ar bhonn an chritéir fiachais, gur urramaigh an Ballstát lena mbaineann an chonair cheartaitheach ghlan-chaiteachais arna socrú ag an gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 3(4) nó le hAirteagal 5(1) den Rialachán seo.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(7)</NO.P>in Airteagal 9, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:<CITATION>
<LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">‘1.	Beidh an nós imeachta um easnamh iomarcach ar stad:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(a)</SYMBOL>i gcás ina ngníomhaíonn an Ballstát lena mbaineann i gcomhréir le moltaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(b)</SYMBOL>i gcás ina ngníomhaíonn an Ballstát lena mbaineann i gcomhréir le fógraí arna dtabhairt i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE.’;</ITEM></LIST>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(8)</NO.P>Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 10:<CITATION>
‘Airteagal 10

<NO.P>1.</NO.P><LIST LEVEL="1" TYPE="DASH"><INT.LI LEVEL="0">Déanfaidh an Chomhairle agus an Coimisiún agus faireachán go tráthrialta ar chur chun feidhme na gníomhaíochta arna déanamh:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>ag an mBallstát lena mbaineann mar fhreagairt ar mholtaí arna ndéanamh i gcomhréir le hAirteagal 126(7) CFAE;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>—</SYMBOL>ag an mBallstát atá rannpháirteach lena mbaineann mar fhreagairt ar fhógraí arna dtabhairt i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE.</ITEM></LIST>

<NO.P>2.</NO.P>I gcás nach bhfuil gníomhaíocht arna déanamh ag Ballstát atá rannpháirteach á cur chun feidhme nó i gcás nach bhfuil sí leormhaith, dar leis an gComhairle, déanfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh láithreach faoi Airteagal 126(9) nó Airteagal 126(11) CFAE faoi seach.

<NO.P>3.</NO.P>I gcás ina léirítear le sonraí iarbhír de bhun Rialachán (CE) Uimh. 479/2009 nár cheartaigh Ballstát atá rannpháirteach easnamh iomarcach laistigh de na teorainneacha ama mar a shonraítear sna moltaí arna n-eisiúint faoi Airteagal 126(7) CFAE ná sna fógraí arna n-eisiúint faoi Airteagal 126(9) CFAE, déanfaidh an Chomhairle cinneadh a ghlacadh láithreach faoi Airteagal 126(9) CFAE nó Airteagal 126(11) CFAE faoi seach.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(9)</NO.P>Leasaítear Airteagal 10a mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:<CITATION>
‘1. 	Áiritheoidh an Coimisiún go mbeidh idirphlé buan ann le húdaráis na mBallstát, i gcomhréir le cuspóirí an Rialacháin seo. Chuige sin, déanfaidh an Coimisiún, go háirithe, misin chun críocha an mheasúnaithe ar an staid eacnamaíoch iarbhír sa Bhallstát agus chun aon rioscaí nó aon deacrachtaí a shainaithint i ndáil le cuspóirí an Rialacháin seo a chomhlíonadh agus malartú le páirtithe leasmhara ábhartha eile a cheadú, lena n-áirítear na hinstitiúidí fioscacha neamhspleácha náisiúnta.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:<CITATION>
‘2.	Tar éis don Chomhairle fógra a ghlacadh faoi Airteagal 126(9) CFAE, agus má iarrann parlaimint an Bhallstáit lena mbaineann é, féadfaidh an Coimisiún a mheasúnú ar an staid eacnamaíoch agus fhioscach sa Bhallstát a thíolacadh. D’fhéadfaí faireachas feabhsaithe a dhéanamh i gcás na mBallstát atá faoi réir moltaí agus fógraí arna n‑eisiúint i ndiaidh cinnidh faoi bhun Airteagal 126(8) CFAE agus cinntí faoi Airteagal 126(11) CFAE chun críocha an fhaireacháin ar an láthair. Cuirfidh na Ballstáit lena mbaineann an fhaisnéis go léir is gá ar fáil chun an misean a ullmhú agus a dhéanamh.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(10)</NO.P>Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 12:<CITATION>
‘Airteagal 12

<NO.P>1.</NO.P>Is é suas le 0.05 % den mheastachán is déanaí ar OTI na bliana roimhe a bheidh san fhíneáil do thréimhse 6 mhí agus a bheidh le híoc gach 6 mhí go dtí go measann an Chomhairle go ndearna an Ballstát lena mbaineann gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar an bhfógra arna eisiúint faoi Airteagal 126(9) CFAE.

<NO.P>2.</NO.P>I ngach tréimhse 6 mhí ina dhiaidh sin, ina ngearrtar fíneáil, go dtí go n-aisghairfear an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann, déanfaidh an Chomhairle measúnú i dtaobh an ndearna an Ballstát atá rannpháirteach lena mbaineann gníomhaíocht éifeachtach mar fhreagairt ar an bhfógra ón gComhairle i gcomhréir le hAirteagal 126(9) CFAE. Sa mheasúnú leathbhliantúil sin, déanfaidh an Chomhairle cinneadh, i gcomhréir le hAirteagal 126(11) CFAE, chun na smachtbhannaí a threisiú, seachas i gcás inar chomhlíon an Ballstát atá rannpháirteach lena mbaineann an fógra ón gComhairle.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(11)</NO.P>Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagail 14 agus 15:<CITATION>
‘Airteagal 14

<NO.P>1.</NO.P>I gcomhréir le hAirteagal 126(12) CFAE, déanfaidh an Chomhairle na smachtbhannaí dá dtagraítear in Airteagal 126(11), an chéad agus an dara fleasc, CFAE a aisghairm, ag brath ar shuntas an dul chun cinn arna dhéanamh ag an mBallstát atá rannpháirteach lena mbaineann maidir leis an easnamh iomarcach a cheartú.

Airteagal 15

Más rud é go n-aisghairfear an cinneadh maidir le heasnamh iomarcach a bheith ann, déanfaidh an Chomhairle gach smachtbhanna atá fós le réiteach a aisghairm, i gcomhréir le hAirteagal 126(12) CFAE. Ní dhéanfar fíneálacha arna bhforchur i gcomhréir le hAirteagal 12 den Rialachán seo a chúiteamh don Bhallstát atá rannpháirteach lena mbaineann.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(12)</NO.P>Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 16:<CITATION>
‘Airteagal 16

Beidh na fíneálacha dá dtagraítear in Airteagal 12 ina n-ioncam ginearálta do bhuiséad an Aontais.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(12a)</NO.P>	Scriostar Airteagal 17.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(13)</NO.P>cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 17a:<CITATION>
‘1.	Faoin 31 Nollaig 2030 agus gach 5 bliana ina dhiaidh sin, foilseoidh an Coimisiún tuarascáil maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, lena ngabhfaidh, i gcás inarb iomchuí, togra chun an Rialachán seo a leasú. Déanfaidh an Coimisiún an tuarascáil sin a phoibliú. Déanfar athbhreithniú sa tuarascáil ar éifeachtacht an Rialacháin seo maidir lena chuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 1 a bhaint amach agus ar an dul chun cinn maidir le comhordú níos dlúithe ar bheartais eacnamaíocha agus cóineasú marthanach fheidhmíocht eacnamaíoch na mBallstát a áirithiú i gcomhréir le CFAE.

<NO.P>3.</NO.P>Cuirfear an tuarascáil ar aghaidh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(14)</NO.P>cuirtear an tAirteagal 17b seo a leanas isteach:<CITATION>
‘Airteagal 17b

Glacfaidh an Chomhairle, ar mholadh ón gCoimisiún, moladh athbhreithnithe faoi Airteagal 126(7) CFAE nó fógra athbhreithnithe faoi Airteagal 126(9) CFAE do Bhallstáit atá faoi réir molta faoi Airteagal 126(7) CFAE nó faoi réir fógra faoi Airteagal 126(9) CFAE ar [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin leasaithigh], agus a bhfuil gníomhaíocht éifeachtach déanta acu.

Glacfaidh sí an moladh nó an fógra athbhreithnithe in éineacht le glacadh an mholta de bhun Airteagal 16 de Rialachán (AE) [maidir leis an gcuid choisctheach] lena socraítear an chonair ghlan-chaiteachais,’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(15)</NO.P>scriostar an Iarscríbhinn.</PARAG>

<TI.ART>Airteagal 2</TI.ART><STI.ART>Teacht i bhfeidhm</STI.ART><PARAG>Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm lá tar éis a fhoilsithe in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>.</PARAG><PARAG>Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.</PARAG>
</GR.ART><SIGNATURE>
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

<STRING ITALIC="on">Thar ceann na Comhairle		An tUachtarán</STRING>
</SIGNATURE></DISPOSITIF></TEXT></TCONSOLID></TXTLST></SDOCTA>