<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0332</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú - Iarratas EGF/2023/004 DK/Danish Crown - an Danmhairg</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0171/2024 -  Rapóirtéir: Janusz Lewandowski)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón Danmhairg – EGF/2023/004/DK/Danish Crown (COM(2024)0035 – C9-0040/2024 – 2024/0044(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0035 – C9‑0040/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED) d’Oibrithe Iomarcacha agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CED’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.</FIELD></FOOTNOTE> arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/765, 29.2.2024, <STRING ITALIC="on">ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 12 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0171/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur chuir an Danmhairg iarratas EGF/2023/004 DK/Danish Crown isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis méid iomlán de 751 n-iomarcaíocht<FOOTNOTE><FIELD> De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.</FIELD></FOOTNOTE> san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 10 (Monarú táirgí bia) sa réigiún Nordylland ina bhfuil 692 iomarcaíocht laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 19 Bealtaine 2023 go dtí an 19 Meán Fómhair 2023, agus 59 iomarcaíocht roimh an tréimhse thagartha nó ina diaidh;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 692 iomarcaíocht laistigh den tréimhse thagartha don iarratas, 651 oibrí iomarcacha a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht in Danish Crown (Danish Crown A/S) agus 41 oibrí iomarcacha in 2 sholáthraí agus in 2 tháirgeoir iartheachtacha de chuid Danish Crown<FOOTNOTE><FIELD> 37 n-oibrí iomarcacha in TekniClean A/S, agus 4 oibrí iomarcacha i Riarachán Tréidliachta agus Bia na Danmhairge.</FIELD></FOOTNOTE>;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 59 iomarcaíocht ar tháinig deireadh lena ngníomhaíocht roimh an tréimhse thagartha ceithre mhí nó ina dhiaidh, i gcás inar féidir nasc cúisíoch soiléir a bhunú leis an teagmhas a spreag deireadh le gníomhaíocht na n-oibrithe iomarcacha le linn na tréimhse tagartha mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(2) de Rialachán CED;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 200 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe ar chuir soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha ar iomarcaíocht iad agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí go bhfuil géarchéim struchtúrach in earnáil na seamlas sa Danmhairg; de bhrí, ó 2005 i leith, gur tháinig laghdú 4,4 milliún (20 %) ar líon na muc a maraíodh sa Danmhairg; de bhrí, gurb é is cúis leis an laghdú sin den chuid is mó ná an t-athrú ó mhuca a thógáil lena marú go dtí bainbh a thógáil lena n-onnmhairiú; de bhrí go bhfuil sé níos brabúsaí d’fheirmeoirí na Danmhairge bainbh a onnmhairiú ná muca a ramhrú lena marú de bharr praghsanna ísle muiceola,
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur ghrúpa de chuideachtaí bia de chuid na Danmhairge é Danish Crown a bhfuil baint acu le búistéireacht, próiseáil agus díol muiceola agus mairteola go príomha; de bhrí gurb é is cúis leis na hiomarcaíochtaí sin ná dúnadh sheamlas an ghrúpa cuideachtaí Danish Crown in Sæby i mBardas Frederikshavn tar éis laghdú líon na muc atá ar fáil lena marú;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur comhlíonadh na ceanglais a leagtar síos sa reachtaíocht náisiúnta agus i reachtaíocht AE maidir le comhiomarcaíochtaí;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach níos glaise agus níos digití;
</CONS><CONS>
<NO.P>J.</NO.P>de bhrí go laghdaíonn athbhreithniú CAI an t-uasmhéid bliantúil CED ó EUR 186 mhilliún go EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765; de bhrí gur cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CED agus gur cheart do na hInstitiúidí uile aon bhearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir gach iarraidh ar thacaíocht CED a bhfuil údar cuí léi a chomhlíonadh mar léiriú ar dhlúthpháirtíocht an Aontais;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Danmhairg i dteideal EUR 1 882 212 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 3 137 021, a chuimsíonn EUR 2 878 001 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 259 020 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thíolaic údaráis na Danmhairge an t-iarratas an 6 Nollaig 2023, agus, tar éis don Danmhairg faisnéis bhreise a sholáthar, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 29 Feabhra 2024 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 751 oibrí iomarcacha a ndearna dúnadh sheamlas Danish Crown in Sæby difear dóibh; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go mbeidh 390 oibrí iomarcacha san iomlán ina dtairbhithe spriocdhírithe agus go bhfuiltear ag dréim leis go nglacfaidh siad páirt sna bearta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil leibhéil ísle cáilíochtaí foirmiúla ag formhór na n-oibrithe (46 %) nó cáilíochtaí agus scileanna atá réasúnta as dáta acu (40 %); ag tabhairt dá haire gur de chúlra imirceach iad 305 (41 %) na n-oibrithe iomarcacha agus nach bhfuil siad líofa sa Danmhairgis; moltar sa phacáiste CED freisin bearta maidir le hinniúlachtaí ginearálta a fheabhsú, lena n-áirítear feabhas a chur ar scileanna teanga sa Danmhairgis;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Danmhairg an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n-ionadaithe foirne agus lena gcomhpháirtithe sóisialta;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ná na gníomhaíochtaí seo a leanas: spreagadh, coinneáil, oiliúint maidir le hinniúlachtaí ginearálta, oiliúint maidir le huas-sciliú/athsciliú, agus liúntas oiliúna/liúntas um chuardach poist;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal go mór leis gur tarraingíodh suas tairiscintí oiliúna agus roinnt staidéar á mbreithniú, amhail Jobbarometer 2023 (anailís ar riachtanais saothair áitiúla i mBardais Frederikshavn, Hjørring, Jammerbugt agus Brønderslev), Cothromaíocht Dhébhliantúil an Mhargaidh Saothair a sholáthraíonn forbhreathnú ar fholúntais phoist fhéideartha, agus anailís FremKom4 ar scileanna, agus gurb é is aidhm dó cur le hinniúlachtaí ginearálta (lena n-áirítear inniúlachtaí teanga agus uimhearthachta), inniúlachtaí digiteacha agus feabhas a chur scileanna le haghaidh poist a bhfuil ganntanas scileanna ann ina leith;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á chur i bhfáth go háirithe a thábhachtaí atá Airteagal 7(2) de Rialachán CED, lena gceanglaítear go mbeidh pacáiste comhordaithe ann chun na peirspictíochtaí agus na scileanna riachtanacha sa mhargadh saothair amach anseo a réamh-mheas, ar nithe iad atá i gcomhréir leis an aistriú i dtreo geilleagar atá inbhuanaithe agus éifeachtúil ó thaobh acmhainní de agus lena ndíreofar go háirithe ar leathadh na scileanna a theastaíonn sa ré dhigiteach thionsclaíoch;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Danmhairg seirbhísí pearsantaithe a chur ar fáil do na tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu an 16 Deireadh Fómhair 2023 agus go mbeidh, dá bhrí sin, tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 16 Deireadh Fómhair 2023 go ceann 24 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Danmhairg ar chaiteachas a thabhú chun CED a chur chun feidhme an 1 Meitheamh 2023, agus go mbeidh an caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe dá bhrí sin le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Meitheamh 2023 go ceann 31 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>á chur i bhfáth gur dhearbhaigh údaráis na Danmhairge nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí nó ionstraimí airgeadais eile an Aontais, agus go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe maidir le rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir lena gcur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á athdhearbhú nach mór nach dtiocfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de liúntais nó cearta oibrithe iomarcacha, chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón Danmhairg (EGF/2023/004 DK/Danish Crown)</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2024/1299.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>