<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0333</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú - Iarratas EGF/2023/003 DE/Vallourec - an Ghearmáin</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0166/2024 -  Rapóirtéir: Jens Geier)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón nGearmáin – EGF/2023/003 DE/Vallourec (COM(2024)0030 – C9-0041/2024 – 2024/0049(BUD))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2024)0030 – C9‑0041/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE) 2021/691 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Aibreán 2021 maidir leis an gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha (CED) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1309/2013<FOOTNOTE><FIELD> IO L 153, 3.5.2021, lch. 48.</FIELD></FOOTNOTE> (‘Rialachán CED’),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.</FIELD></FOOTNOTE> arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2024/765, 29.2.2024, <STRING ITALIC="on">ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj.</STRING></FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe Airteagal 8 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár i dtreo acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.</FIELD></FOOTNOTE>, agus go háirithe pointe 9 de,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0166/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí go bhfuil ionstraimí reachtacha agus buiséadacha curtha ar bun ag an Aontas chun tacaíocht bhreise a thabhairt d’oibrithe atá thíos leis na mórathruithe struchtúracha i bpatrúin trádála domhanda nó atá thíos leis an ngéarchéim dhomhanda airgeadais agus eacnamaíoch, agus chun cúnamh a thabhairt maidir lena n-ath-imeascadh sa mhargadh saothair; de bhrí go gcuirtear an cúnamh sin ar fáil trí thacaíocht airgeadais a thugtar d’oibrithe agus na comhlachtaí inar oibrigh siad;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí gur chuir an Ghearmáin iarratas EGF/2023/003 DE/Vallourec isteach ar ranníocaíocht airgeadais ón gCiste Eorpach um Choigeartú don Domhandú (CED), tar éis 1 518 n-iomarcaíocht<FOOTNOTE><FIELD> De réir bhrí Airteagal 3 de Rialachán CED.</FIELD></FOOTNOTE> san earnáil eacnamaíoch a aicmítear faoi NACE Athbhreithniú 2 rannán 24 (Monarú miotal bunúsach) i gcathracha comharsanachta Düsseldorf agus Mülheim an der Ruhr laistigh de thréimhse thagartha don iarratas ón 26 Aibreán 2023 go dtí an 26 Lúnasa 2023;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go mbaineann an t-iarratas le 1 518 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Vallourec Deutschland GmbH (VAD);
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go bhfuil an t-iarratas bunaithe ar na critéir idirghabhála a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED, lena gceanglaítear go gcuirfí 200 oibrí ar a laghad ar iomarcaíocht le linn tréimhse thagartha 4 mhí i bhfiontar i mBallstát, lena n-áirítear oibrithe ar chuir soláthraithe agus táirgeoirí iartheachtacha ar iomarcaíocht iad agus/nó daoine féinfhostaithe a bhfuil deireadh tagtha lena ngníomhaíocht;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí go bhfuil iomaíochas eacnamaíoch laghdaithe ag paindéim COVID-19 agus ag cogadh foghach na Rúise i gcoinne na hÚcráine agus go bhfuil tionchar diúltach acu ar fhás eacnamaíoch sa Ghearmáin;
</CONS><CONS>
<NO.P>F.</NO.P>de bhrí gur mhonaraigh VAD, fochuideachta Ghearmánach Vallourec S.A, an Fhrainc, feadáin chruach theo-rollta gan uaim ag a dhá mhuileann cruach sa Ghearmáin; de bhrí, tar éis blianta de chaillteanais airgeadais, gur seoladh roinnt beart athstruchtúraithe agus laghdaithe agus plean téarnaimh tiomnaithe in 2018, lena mbaineann lamháltais ó na hoibrithe ar choinníollacha fostaíochta; de bhrí, in ainneoin roinnt ratha, go raibh deacrachtaí breise ann do mhuilte feadán Gearmánacha mar thoradh ar an staid eacnamaíoch tar éis phaindéim COVID-19 agus ó 2015 i leith, gur cailleadh breis agus 1400 post cheana féin mar gheall ar athstruchtúrú; de bhrí gur chinn Vallourec S.A. in 2021 a mhuilte feadán Gearmánacha a dhíol agus a tháirgeadh a aistriú go dtí an Bhrasaíl; de bhrí gur theip ar an díol, as ar tháinig dúnadh críochnaitheach na láithreán agus as ar tháinig iomarcaíocht an lucht saothair a bhí fágtha faoin 1 Eanáir 2025;
</CONS><CONS>
<NO.P>G.</NO.P>de bhrí gur chomhaontaigh VAD cuideachta aistrithe a bhunú do gach baisc de na daoine a dífhostaíodh agus gur thairg an fiontar plean luathscoir d’fhostaithe a rugadh in 1966 nó roimhe sin, chomh maith le pleananna foirceanta deonacha do dhaoine a bhféadfadh sé nach mbeadh cúnamh níos faide ag teastáil uathu chun post nua a fháil;
</CONS><CONS>
<NO.P>H.</NO.P>de bhrí gur cheart ranníocaíochtaí airgeadais ó CED a dhíriú go príomha ar bhearta gníomhacha beartais maidir leis an margadh saothair agus ar sheirbhísí pearsantaithe a bhfuil sé mar aidhm leo tairbhithe a ath-imeascadh go tapa i bhfostaíocht chuibhiúil agus inbhuanaithe laistigh dá n-earnáil gníomhaíochta tosaigh nó lasmuigh di, agus iad á n-ullmhú do gheilleagar Eorpach aeráidneodrach agus níos digití;
</CONS><CONS>
<NO.P>I.</NO.P>de bhrí go laghdaíonn athbhreithniú CAI an t-uasmhéid bliantúil CED ó EUR 186 mhilliún go EUR 30 milliún (i bpraghsanna 2018), mar a leagtar síos in Airteagal 8 de Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2024/765; de bhrí gur cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme CED agus gur cheart do na hinstitiúidí uile aon bhearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir gach iarraidh ar thacaíocht CED a bhfuil údar cuí léi a chomhlíonadh mar léiriú ar dhlúthpháirtíocht AE;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag aontú leis an gCoimisiún go bhfuil na coinníollacha a leagtar amach in Airteagal 4(2), pointe (a), de Rialachán CED comhlíonta agus go bhfuil an Ghearmáin i dteideal EUR 2 984 627 de ranníocaíocht airgeadais a fháil faoin Rialachán sin, arb ionann í agus 60 % den chostas iomlán de EUR 4 974 379, a chuimsíonn EUR 4 783 057 de chaiteachas ar sheirbhísí pearsantaithe agus EUR 191 322 de chaiteachas ar ghníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur chuir údaráis na Gearmáine an t-iarratas isteach an 15 Samhain 2023, agus, tar éis don Ghearmáin faisnéis bhreise a chur ar fáil, gur chuir an Coimisiún bailchríoch ar a mheasúnú an 29 Feabhra 2024 agus gur thug sé fógra do Pharlaimint na hEorpa faoi an lá céanna;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag tabhairt dá haire go mbaineann an t-iarratas le 1 518 n-oibrí a cuireadh ar iomarcaíocht sa chuideachta Vallourec Deutschland GmbH (VAD); ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur 835 oibrí spriocdhírithe a bheidh ann san iomlán;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á chur i bhfios go láidir go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh drochthionchar suntasach ag na hiomarcaíochtaí sin ar an ngeilleagar áitiúil atá faoi réir mórathruithe struchtúracha le fiche nó tríocha bliain anuas le laghdú suntasach ar phoist sa táirgeadh agus go háirithe i monaraíocht miotail; á chur i bhfios go dtiocfaidh méadú 11,6 % agus 5,6 % faoi seach ar an ráta dífhostaíochta i gcathracha Mülheim agus Düsseldorf mar gheall ar an dífhostú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á chur i bhfios nach bhfuil próifílí na n-oibrithe iomarcacha ag teacht leis na scileanna atá á lorg ar mhargadh an tsaothair; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, go bhfuil formhór na n-oibrithe lena mbaineann ag dul chun cinn ina ngairmeacha gairmiúla, tar éis dóibh obair le haghaidh VAD ar feadh i bhfad, le leibhéil cáilíochtaí foirmiúla a fhágann nach bhfuil siad iomaíoch sa mhargadh saothair atá ann faoi láthair, ós rud é go bhfuil 20,1 % díobh os cionn 54 bliana d’aois; á chur i bhfáth gur dúshlán é uas-sciliú agus athsciliú na n-oibrithe i gcomhréir le héilimh an mhargaidh saothair ar phoist cháilithe, go háirithe i bhfianaise an líon mór daoine a dífhostaíodh an tráth céanna; á chur i bhfáth, thairis sin, maidir le huas-sciliú agus athsciliú oibrithe a cuireadh ar iomarcaíocht, gur gá riachtanais cháilíochta mheántéarmacha go fadtéarmach an chlaochlaithe thionsclaíoch go todhchaí aeráidneodrach a bhreithniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>á mheas gur freagracht shóisialta de chuid an Aontais é na cáilíochtaí riachtanacha a sholáthar do na hoibrithe seo a cuireadh ar iomarcaíocht, chun claochlú éiceolaíoch agus cóir agus thionscal an Aontais a dhéanamh i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, ós rud é gur oibrigh siad in earnáil a bhí an-dian ó thaobh carbóin de. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an taighde agus an nuálaíocht chun go mbeidh an Eoraip oiriúnach don mhonaraíocht thionsclaíoch amach anseo chun cosc a chur ar an Aontas bealach an dícharbónaithe a bhaint amach trí dhíthionsclú; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, na seirbhísí pearsantaithe a sholáthraíonn CED do na hoibrithe, lena n-áirítear bearta uas-scilithe, ceardlanna, treoshuíomh gairme, comhairleoireacht poist, chomh maith le liúntais oiliúna, chun an réigiún, agus an margadh saothair foriomlán, a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos athléimní sa todhchaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi gur dhréachtaigh an Ghearmáin an pacáiste comhordaithe de sheirbhísí pearsantaithe i gcomhairle le tairbhithe a bhfuiltear ag díriú orthu, lena n-ionadaithe foirne agus lena gcomhpháirtithe sóisialta; á chur in iúl gur geal léi, go háirithe, díreach tar éis an chinnidh na muilte feadán a dhúnadh, gur chuir bainistíocht an fhiontair agus ionadaithe na bhfostaithe tús leis an gcaibidlíocht maidir le plean sóisialta, agus go háirithe maidir le cuideachta aistrithe a chruthú. ag aithint go ndearna VAD iarrachtaí suntasacha chun tionchar sóisialta dhúnadh na láithreán a íoslaghdú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á mheabhrú gurb é atá sna seirbhísí pearsantaithe atá le soláthar d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe ná na gníomhaíochtaí seo a leanas: oiliúint agus athoiliúint shaincheaptha, gairmthreoir, seirbhísí aonair cúnaimh i gcuardach poist agus gníomhaíochtaí grúpa spriocdhírithe, tacaíocht do chruthú gnó agus rannchuidiú leis, chomh maith le dreasachtaí agus liúntais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi go mór gur beartaíodh beart maidir le bunscileanna digiteacha (Digitale Grundqualifizierung), lena bhfreastalaítear ar scaipeadh na scileanna is gá sa ré dhigiteach thionsclaíoch, mar a cheanglaítear le hAirteagal 7(2) den Rialachán CED; ag tabhairt dá haire go bhfuil an beart sin dírithe go háirithe ar na rannpháirtithe sin nach bhfuil scileanna digiteacha ar bith acu nó nach bhfuil mórán scileanna digiteacha acu; á chur in iúl gur geal léi go gcuirfear ríomhairí glúine ar fáil do rannpháirtithe ionas gur féidir leo an cúrsa a leanúint agus cleachtadh a dhéanamh sa bhaile, agus go dtabharfar aird ar leith ar scileanna feidhmeacha a chuidíonn le rannpháirtithe uirlisí idirlín a úsáid chun post a chuardach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ghearmáin ar sheirbhísí pearsantaithe a sholáthar do na tairbhithe spriocdhírithe an 1 Nollaig 2023 agus go mbeidh, dá bhrí sin, tréimhse na hincháilitheachta le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Nollaig 2023 go dtí 24 mhí tar éis don chinneadh maoiniúcháin teacht i bhfeidhm;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur thosaigh an Ghearmáin ar chaiteachas riaracháin a thabhú chun CED a chur chun feidhme an 1 Eanáir 2023, agus go mbeidh an caiteachas le haghaidh gníomhaíochtaí ullmhúcháin, bainistíochta, faisnéise agus poiblíochta, rialaithe agus tuairiscithe incháilithe dá bhrí sin le haghaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED ón 1 Eanáir 2023 go ceann 31 mhí tar éis dháta theacht i bhfeidhm an chinnidh maoiniúcháin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>á chur i bhfáth gur dhearbhaigh údaráis na Gearmáine nach bhfaigheann na gníomhaíochtaí incháilithe cúnamh ó chistí nó ionstraimí airgeadais eile an Aontais, agus go n-urramófar prionsabail na córa comhionainne agus an neamh-idirdhealaithe maidir le rochtain ar na gníomhaíochtaí atá beartaithe agus maidir lena gcur chun feidhme;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á athdhearbhú nach mór nach dtiocfaidh ranníocaíocht airgeadais ó CED in ionad gníomhaíochtaí a bhfuil na cuideachtaí freagrach astu, de bhua an dlí náisiúnta nó comhaontuithe comhchoiteanna, nó aon cheann de liúntais nó cearta oibrithe iomarcacha, chun breisíocht iomlán an leithdháilte a áirithiú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus a shocrú go ndéanfar é a fhoilsiú in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI><STRING BOLD="on">IARSCRÍBHINN</STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE</STRING></STI>
<STRING BOLD="on">maidir le slógadh an Chiste Eorpaigh um Choigeartú don Domhandú d’Oibrithe Iomarcacha tar éis iarratas ón nGearmáin (EGF/2023/003 DE/Vallourec)</STRING>

<STRING ITALIC="on">(Ní dhéantar téacs na hiarscríbhinne seo a atáirgeadh anseo ós rud é go gcomhfhreagraíonn sé leis an ngníomh críochnaitheach, Cinneadh (AE) 2024/1298.)</STRING>
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>