<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF4" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0355</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">An Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0426/2023 -  Rapóirtéir: Lina Gálvez Muñoz)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú agus freagairt dóibh (COM(2023)0209 – C9-0136/2023 – 2023/0109(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0209),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 173(3) agus d’Airteagal 322(1), pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0136/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón gCúirt Iniúchóirí an 18 Aibreán 2023<FOOTNOTE><FIELD> Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C 349, 29.9.2023, lch. 167.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 30 Samhain 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/1049, 9.2.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/1049/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 21 Márta 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0426/2023),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cur sonrú sa ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C <STRING ITALIC="on">d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P9_TC1-COD(2023)0109</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun cibearbhagairtí agus cibirtheagmhais a bhrath agus chun ullmhú dóibh agus freagairt orthu agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/694 (An Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht)</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2025/38.) </STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI>IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH</TI><STI><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ráiteas ón gCoimisiún maidir leis an mbuiséad i ndáil le Rialachán (AE) 2025/38 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Nollaig 2024 lena leagtar síos bearta chun dlúthpháirtíocht agus acmhainneachtaí a neartú san Aontas chun bagairtí cibearshlándála agus teagmhais chibearshlándála a bhrath, agus chun ullmhú dóibh agus freagairt orthu (An Gníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht)</STRING></STRING><FOOTNOTE><FIELD> IO L, 2025/38, 15.1.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/38/oj.</FIELD></FOOTNOTE></STI>
<NO.P>(1)</NO.P>Foilsíodh an Ráiteas Airgeadais Reachtach ón gCoimisiún a ghabhann leis an togra maidir leis an nGníomh um Chibear-Dhlúthpháirtíocht i mí Aibreáin 2023. Ó shin i leith, tá athrú tagtha ar na figiúirí measta ábhartha mar gheall ar ghlacadh gníomhartha reachtacha eile nó ar ghlacadh na rialachán sin a bhfuiltear ag súil leis.

<NO.P>(2)</NO.P>An 5 Márta 2024, tháinig na comhreachtóirí ar réamh-chomhaontú polaitiúil chun teorainn EUR 22 mhilliún a chur leis an ath-leithdháileadh ó Chuspóir Sonrach 4 ‘Ardscileanna Digiteacha’ chuig Cuspóir Sonrach 3 ‘Cibearshlándáil agus Iontaoibh’ an Chláir don Eoraip Dhigiteach dá bhforáiltear sa Ráiteas Airgeadais Reachtach.

<NO.P>(3)</NO.P>Chun téarmaí an réamh-chomhaontaithe pholaitiúil a léiriú, nuashonraigh an Coimisiún an Ráiteas Airgeadais Reachtach an Ghnímh um Chibear-Dlúthpháirtíocht maidir leis na himchlúdaigh airgeadais le haghaidh Chuspóirí Sonracha 2 ‘An Intleacht Shaorga’, 3 ‘Cibearshlándáil agus Iontaobhas’ agus 4 ‘Ardscileanna Digiteacha’, agus na hath-leithdháiltí arna gcomhaontú ag na comhreachtóirí á gcur san i gcuntas.

<NO.P>(4)</NO.P>Dá réir sin, is iad seo a leanas na himchlúdaigh airgeadais don tréimhse 2025-2027 a chuirtear i láthair sa Ráiteas Airgeadais Reachtach nuashonraithe, gan dochar do chumhachtaí an Choimisiúin i gcomhthéacs an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil:

<NO.P>—</NO.P>[EUR 544 726 000] le haghaidh Chuspóir Sonrach 2 ‘An Intleacht Shaorga’, agus EUR 65 mhilliún á ath-leithdháileadh ar Chuspóir Sonrach 3 ‘An Chibearshlándáil agus Iontaoibh’;

<NO.P>—</NO.P>[EUR 44 451 000] le haghaidh Chuspóir Sonrach 3 ‘An Chibearshlándáil agus Iontaoibh’ - cuid atá faoi bhainistíocht dhíreach an Choimisiúin, lena n-áirítear EUR 26 mhilliún arna ath-leithdháileadh ó Chuspóirí Sonracha 2 agus 4.

<NO.P>—</NO.P>[EUR 353 190 613] le haghaidh Chuspóir Sonrach 3 ‘Cibearshlándáil agus Iontaoibh’ - cuid arna bainistiú ag an Lárionad Eorpach um Inniúlachtaí Cibearshlándála, lena n-áirítear EUR 61 mhilliún a ath-leithdháileadh ó Chuspóirí Sonracha 2 agus 4.

<NO.P>—</NO.P>[EUR 167 162 423] le haghaidh Chuspóir Sonrach 4 ‘Ardscileanna Digiteacha’, agus EUR 22 mhilliún á ath-leithdháileadh chuig Cuspóir Sonrach 3 ‘An Chibearshlándáil agus Iontaoibh’.

<NO.P>(5)</NO.P>Déanfar Cúlchiste Cibearshlándála an Aontais a chistiú ó imchlúdach airgeadais Chuspóir Sonrach 3 ‘Cibearshlándáil agus Iontaobhas’ – cuid faoi bhainistíocht dhíreach an Choimisiúin (a mheastar, de réir an SFS nuashonraithe, ag EUR [44 451 000]).
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>