<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0356</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0054/2024 -  Rapóirtéir: Irene Tinagli)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (COM(2023)0459 – C9-0316/2023 – 2023/0288(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0459),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 338(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0316/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Samhain 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2024/668, 12.01.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/668/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0054/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TC1-COD(2023)0288</STRING></IDENT><TCONSOLID><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh i dtaca le gnólachtaí, lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle</STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">*</STRING> Tá na hathruithe ar fud an téacs mar thoradh ar leasú 1 a ghlacadh. Léirítear téacs nua nó leasaithe le cló trom iodálach; léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌.</FIELD></FOOTNOTE><BRK/></TI><NOTE>(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT>TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,</PRINIT><GRVISA><VISA>
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 338(1) de,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
</VISA><VISA>
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
</VISA><VISA>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ag féachaint don tuairim ón mBanc Ceannais Eorpach</STRING></STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> IO C, C/2024/668, 12.01.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2024/668/oj.</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, </STRING></STRING>
</VISA><VISA>

</VISA><VISA>
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
</VISA></GRVISA><GRCONS><GRCINIT>De bharr an mhéid seo a leanas:</GRCINIT><CONS>
<NO.P>(1)</NO.P>Teastaíonn <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">staidreamh cruinn, tráthúil, iontaofa agus inchomparáide</STRING></STRING> maidir leis an margadh saothair ar ghnólachtaí san Aontas Eorpach chun beartais an Aontais a dhearadh, a chur chun feidhme agus chun meastóireacht a dhéanamh orthu, go háirithe na beartais sin lena dtugtar aghaidh ar chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach, ar straitéis fostaíochta na hEorpa, ar Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (EPSR), ar an Seimeastar Eorpach <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">chomh maith leo siúd a bhaineann le cur chun feidhme phlean gníomhaíochta EPSR agus phlean gníomhaíochta an gheilleagair shóisialta. Tá siad chomh tábhachtach céanna chun go gcomhlíonfaidh an tAontas na cúraimí a shanntar dó faoi Airteagail 2, 3 agus 4 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE)</STRING></STRING>. <STRING BOLD="on">[Leasú 2]</STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(2)</NO.P>Chun míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) Uimh. 1176/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Samhain 2011 maidir le míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a chosc agus a cheartú (IO L 306, 23.11.2011, lch. 25)</FIELD></FOOTNOTE> agus chun faireachán a dhéanamh ar phá íosta leordhóthanach i gcomhréir le Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2022/2041 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le pá íosta leordhóthanach san Aontas Eorpach (IO L 275, 25.10.2022, lch. 33).</FIELD></FOOTNOTE>, teastaíonn faisnéis chruinn maidir le héabhlóid na gcostas saothair in aghaidh na huaire agus na leibhéal pá<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, ráta an chumhdaigh cómhargála, leibhéal an phá íosta reachtúil agus sciar na n-oibrithe a chumhdaítear leis</STRING></STRING> ar fud na mBallstát.
</CONS><CONS>
<NO.P>(3)</NO.P>Baineann an Banc Ceannais Eorpach úsáid as staidreamh an mhargaidh saothair Eorpaigh maidir le gnólachtaí, i gcomhthéacs an bheartais airgeadaíochta aonair<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, go háirithe maidir le heabhlóid na gcostas saothair agus fás pá,</STRING></STRING> chun faireachán a dhéanamh ar bhoilsciú agus ar rioscaí díbhoilscithe a eascraíonn as costais saothair. Dá bhrí sin, tá gá le staidreamh cruinn, tráthúil agus inchomparáide ón Aontas maidir le héabhlóid na gcostas saothair. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tá sé tábhachtach go gcomhlánófar an anailís sin le faireachán ar bhoilsciú agus ar rioscaí díbhoilscithe a eascraíonn as brabúis.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(4)</NO.P>Is gá cumhdach staidrimh maidir le folúntais agus tráthúlacht innéacs na gcostas saothair a leathnú toisc go bhfuil an dá tháscaire liostaithe i measc Phríomhtháscairí Eacnamaíocha na hEorpa (PEEIanna)<FOOTNOTE><FIELD> Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle maidir le staidreamh an limistéir euro <STRING ITALIC="on">Towards improved methodologies for eurozone statistics and indicators</STRING> [I dtreo modheolaíochtaí feabhsaithe le haghaidh staidreamh agus tháscairí an limistéir euro] – COM/2002/0661 críochnaitheach an 27 Samhain 2002.</FIELD></FOOTNOTE>, a bhfuil gá leo chun faireachán a dhéanamh ar bheartais airgeadaíochta agus eacnamaíocha.
</CONS><CONS>
<NO.P>(4a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Is den tábhacht é, chun críocha anailíseacha, go bhfuil méid iomchuí sonraí siarghabhálacha ar fáil ionas gur féidir measúnú a dhéanamh ar innéacsanna na gcostas saothair le himeacht ama. Mar sin féin, chun an t-ualach a fhorchuirtear ar na Ballstáit a laghdú, níor cheart a bheith sa tarchur ach sonraí siarghabhálacha lena gcumhdaítear na blianta féilire 2024 agus 2025 ar a laghad.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(5)</NO.P>Tá gá le bunús dlí chun tarchur na bearna phá bliantúla idir na hinscní chun faireachán a dhéanamh ar na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe faoi Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe (NA) a rialáil, go háirithe, sprioc 5 maidir le Comhionannas Inscne <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus sprioc 8 maidir le hobair chuibhiúil agus fás eacnamaíoch, chomh maith le faireachán ar thionchar Threoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle</STRING></STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn ar obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, 17.5.2023, lch. 21, </STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"><STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/dir/2023/970/oj</STRING></STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">).</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> (an Treoir maidir le Trédhearcacht Pá)</STRING></STRING>. <STRING BOLD="on">[Leasú 3]</STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(6)</NO.P>Chun prionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir fir agus mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha<FOOTNOTE><FIELD> Treoir 2006/54/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Iúil 2006 maidir le cur chun feidhme phrionsabal an chomhionannais deiseanna agus na córa comhionainne idir na fir agus na mná i gcúrsaí fostaíochta agus slí bheatha (IO L 204, 26.7.2006, lch. 23)</FIELD></FOOTNOTE> a chur chun feidhme, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus chun faireachán agus measúnú a dhéanamh air,</STRING></STRING> teastaíonn sonraí inchomparáide maidir le pá a fhaigheann fir agus mná. Le Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú<FOOTNOTE><FIELD> Treoir (AE) 2023/970 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Bealtaine 2023 chun cur i bhfeidhm phrionsabal an phá chomhionainn as obair chomhionann nó obair ar comhionann a luach idir fir agus mná a neartú trí shásraí trédhearcachta pá agus forfheidhmithe (IO L 132, 17.5.2023, lch. 21).</FIELD></FOOTNOTE>, ceanglaítear ar na Ballstáit sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní atá cothrom le dáta a sholáthar don Choimisiún go bliantúil agus go tráthúil<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, i gcomhréir le Treoir (AE 2023/970</STRING></STRING>. Ba cheart an oibleagáid sin a chomhlánú leis an gcreat staidrimh iomchuí is gá chun sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní a thiomsú agus a tharchur.
</CONS><CONS>
<NO.P>(6a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">De réir an Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Sóisialta</STRING></STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> COM(2021)0778.</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> chomh maith leis na spriocanna a leagtar amach sa Straitéis maidir le cearta daoine faoi mhíchumas 2021-2030, go háirithe i gcomhréir leis an gcuspóir comhdheiseanna a chruthú agus rochtain chomhionann a áirithiú dóibh chun páirt a ghlacadh sa tsochaí agus sa gheilleagar, tá gá le sonraí tráthúla, inchomparáide agus cruinne maidir le rannpháirtíocht daoine faoi mhíchumas i margadh an tsaothair. Leis na sonraí sin, soláthrófar measúnú a bhfuil géarghá leis ar an dul chun cinn sna hiarrachtaí coiteanna chun bearnaí sa ráta fostaíochta a laghdú agus ráta fostaíochta daoine faoi mhíchumas a mhéadú.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(6b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Chun prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme gan beann ar thionscnamh ciníoch nó eitneach, teastaíonn sonraí tráthúla, inchomparáide agus cruinne ar phá agus ar shaintréithe poist daoine de bhunadh ciníoch nó eitneach éagsúil. Leis na sonraí sin, soláthrófar measúnú a bhfuil géarghá leis ar an dul chun cinn maidir le hidirdhealú a laghdú i ndáil le fostaíocht agus dálaí oibre, lena n-áirítear dífhostú agus pá.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(6c)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Is í an bhearna phinsin idir na hinscní an difríocht choibhneasta idir an meán-ollphinsean a thuilleann mná agus fir. Tá fréamhacha na bearna i ngairmeacha gairmiúla éagsúla; saintréith de ghairmeacha gairmiúla na mban is ea gairmeacha níos ísle, gairmeacha níos giorra agus cur isteach ar ghairmeacha, agus líon níos ísle uaireanta an chloig oibrithe. Mar thoradh air sin, is mó a bhíonn mná i mbaol bochtaineachta sa saol níos déanaí ná na fir. Na sonraí a bhailítear i gcomhthéacs staidreamh mhargadh an tsaothair maidir le gnóthaí i leith struchtúr tuillimh, an bhearna phá idir na hinscní agus struchtúr na gcostas saothair, is féidir leo cur le tuiscint níos fearr ar an mbearna phinsin idir na hinscní sna Ballstáit.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(7)</NO.P>Chun an reachtaíocht atá ann cheana a shimpliú agus comhchuibhiú maidir le raon feidhme, coincheapa, sainmhínithe agus tuairisciú cáilíochta a chothú, ba cheart staidreamh uile an mhargaidh saothair Eorpaigh maidir le gnólachtaí a chumhdach leis an Rialachán seo.
</CONS><CONS>
<NO.P>(7a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">D’fhonn staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí a fheabhsú, tá sé ríthábhachtach go gcomhlíonfaidh na sonraí na ceanglais cháilíochta. Dá bhrí sin, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) treoir bhreise a chur ar fáil maidir le bainistíocht na sonraí a bhailítear ó fhoinsí ar cháilíocht íseal.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(8)</NO.P>Leis an Rialachán seo, ba cheart riachtanais nua atá tagtha chun cinn mar thoradh ar fhorbairt agus doimhniú an Aontais agus an limistéir euro a chur san áireamh, ar choinníoll nach gcruthaíonn a fhorálacha ualach díréireach ar fhreagróirí ná ar údaráis staidrimh náisiúnta.
</CONS><CONS>
<NO.P>(9)</NO.P>Chun teorainn a chur leis an ualach <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">riaracháin agus airgeadais</STRING></STRING> ar fhiontair, go háirithe ar <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">fhiontair shóisialta,</STRING></STRING> ar FBManna agus <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ar mhicrifhiontair</STRING></STRING>, ba cheart do na húdaráis náisiúnta staidrimh féachaint ar fhoinsí riaracháin agus nuálacha <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">atá ar fáil cheana d’údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla</STRING></STRING> agus gan mar phríomhaidhm leo staidreamh a chur ar fáil, mar mhalairt ar shuirbhéanna staidrimh nó mar chomhlánú orthu, faoi réir na gceanglas cáilíochta maidir le staidreamh oifigiúil. Is féidir leis na forbairtí teicneolaíochta agus digiteacha is déanaí cur leis an gcuspóir sin. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Is gá, áfach, líon na bhfoinsí óna bhféadfar sonraí a bhailiú agus a tharchur a theorannú don mhéid atá riachtanach agus comhréireach chun cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart go dtabharfaí de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun sonrú a dhéanamh ar cad iad na foinsí, seachas sonraí suirbhé agus taifid riaracháin, óna bhféadfar sonraí a bhailiú agus a tharchur faoin Rialachán seo. In aon chás, ba cheart aon phróiseáil a dhéantar ar shonraí a eascraíonn ó na foinsí eile sin a bheith gan dochar do Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle</STRING></STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Treoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir um príobháideachas agus cumarsáid leictreonach) (IO L 201, 31.7.2002, lch. 37, </STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"><STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/dir/2002/58/oj</STRING></STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">).</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(9a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ba cheart do na húdaráis náisiúnta staidrimh an caighdeán maidir le héifeachtúlacht costais a chur san áireamh agus gan ualach iomarcach a chur ar oibreoirí eacnamaíocha mar atá cumhdaithe in Airteagal 338(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus iad ag déileáil le gnólachtaí. Ba cheart do na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh chun a áirithiú go ndéantar sonraí ábhartha a chomhroinnt go leordhóthanach idir na húdaráis chun a áirithiú go mbeidh an t-ualach tuairiscithe ar fhiontair chomh beag agus is féidir.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(9b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ba cheart an creat lena rialaítear staidreamh mhargadh an tsaothair maidir le gnólachtaí a fheabhsú go leanúnach. Áirítear leis sin gnéithe a bhaineann le cáilíocht sonraí chomh maith le laghdú ar ualaí eacnamaíocha míchuí. Mar sin féin, ba cheart modhanna agus nósanna imeachta nua a thástáil go cuí sula ndéantar iad a ionchorprú i ngníomhaíochtaí laethúla na n-institiúidí náisiúnta staidrimh. Chun na críche sin, ba cheart don Choimisiún (Eurostat) agus d’institiúidí náisiúnta staidrimh staidéir féidearthachta agus staidéir phíolótacha a dhéanamh. Ba cheart don Choimisiún staidéir den sórt sin a thionscnamh agus ba cheart iad a bheith oscailte do rannpháirtíocht institiúidí náisiúnta staidrimh ar bhonn deonach. Chun teacht ar na conclúidí cearta, ba cheart don Choimisiún agus d’institiúidí náisiúnta staidrimh anailís chúramach a dhéanamh ar thorthaí na staidéar sin. Ba cheart an anailís sin a chur ar fáil don phobal staidrimh agus don phobal i gcoitinne.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(10)</NO.P>Chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na bpróiseas táirgthe staidrimh le haghaidh staidreamh an mhargaidh saothair agus chun an t‐ualach staidrimh ar fhreagróirí a laghdú, ba cheart an ceart a bheith ag na húdaráis staidrimh náisiúnta rochtain a bheith acu ar gach taifead riaracháin náisiúnta agus é a úsáid, go pras agus saor in aisce, agus na taifid riaracháin sin a chomhtháthú le staidreamh, a mhéid is gá chun staidreamh mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh maidir le gnólachtaí a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh, i gcomhréir le hAirteagal 17a de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2009 maidir le Staidreamh Eorpach agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE, Euratom) Uimh. 1101/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le tarchur sonraí atá faoi réir rúndacht staidrimh chuig Oifig Staidrimh na gComhphobal Eorpach, Rialachán (CE) Uimh. 322/97 ón gComhairle maidir le Staidreamh Comhphobail, agus Cinneadh 89/382/CEE, Euratom ón gComhairle lena mbunaítear Coiste um Chláir Staidrimh na gComhphobal Eorpach (IO L 87, 31.3.2009, lch. 164).</FIELD></FOOTNOTE>.
</CONS><CONS>
<NO.P>(11)</NO.P>Is é Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 an creat tagartha don Rialachán seo, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le cosaint sonraí rúnda <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus le próiseáil agus comhroinnt sonraí pearsanta, lena n-áirítear sonraí atá faoi sheilbh phríobháideach</STRING></STRING>.
</CONS><CONS>
<NO.P>(11a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">D’fhéadfadh sé nach mbeadh úsáid teicnící scríobtha gréasáin chun sonraí a bhailiú ó shuíomhanna gréasáin, mar gheall ar a ngnáthchineál cuardaigh neamhstruchtúrtha ar a bhfuil poiblí ar an idirlíon, i gcomhréir le prionsabal an chruinnis um chosaint sonraí sa mhéid nach ndéantar aon mheasúnú ar iontaofacht na bhfoinsí. D’fhéadfaí difear a dhéanamh do na ceanglais cháilíochta chéanna le haghaidh staidrimh oifigiúil (e.g. prionsabal an chruinnis staidrimh agus iontaofacht na sonraí foinseacha).</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(12)</NO.P>Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, is é sin, creat comhchoiteann a bhunú chun staidreamh ardcháilíochta mhargadh saothair an Aontais Eorpaigh maidir le gnólachtaí a tháirgeadh go córasach, a bhaint amach go leordhóthanach ach, de bharr cúiseanna a bhaineann le comhsheasmhacht agus inchomparáideacht, gur fearr is féidir iad a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a bhaint amach.
</CONS><CONS>
<NO.P>(13)</NO.P>Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39).</FIELD></FOOTNOTE>, agus thug sé tuairim uaidh <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an 25 Meán Fómhair 2023</STRING></STRING>.
</CONS><CONS>
<NO.P>(14)</NO.P>Chun an Rialachán seo a chur chun feidhme go hiomchuí sna Ballstáit, tá gá le 12 mhí ar a laghad tar éis dháta theacht i bhfeidhm an chéad bhailiúcháin sonraí. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Dá bhrí sin, ba cheart é a chur i bhfeidhm ón 1 Eanáir 2026 ar a luaithe.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(15)</NO.P>Chuathas i gcomhairle leis an gCoiste um an gCóras Staidrimh Eorpach.
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><DINIT>TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:</DINIT><GR.ART>
<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 1</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Ábhar</STRING></STI.ART><PARAG>Leagtar síos leis an Rialachán seo creat dlíthiúil comhchoiteann chun staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí san Aontas a fhorbairt, a tháirgeadh agus a scaipeadh.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 2</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Sainmhínithe</STRING></STI.ART><PARAG>Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(1)</NO.P>ciallaíonn ‘aonad staidrimh’ an <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">duine nádúrtha nó dlítheanach</STRING></STRING> ar a mbailítear nó ar a dtiomsaítear na sonraí;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(2)</NO.P>ciallaíonn ‘fiontar’ tacar aonad dlíthiúil mar a shainmhínítear i Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CEE) Uimh. 696/93 ón gComhairle an 15 Márta 1993 maidir leis na haonaid staidrimh chun breathnú agus anailís a dhéanamh ar an gcóras táirgthe sa Chomhphobal (IO L 76, 30.3.1993, lch. 1), Cuid III-A den IARSCRÍBHINN.</FIELD></FOOTNOTE>; Áirítear leis sin táirgeoirí nach táirgeoirí margaidh iad agus aonaid institiúideacha eile a bhaineann le hearnáil an rialtais ghinearálta;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(2a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ciallaíonn ‘fiontar sóisialta’ eintiteas arna rialú ag an dlí príobháideach, ar féidir é a bhunú i bhfoirmeacha dlíthiúla éagsúla, a sholáthraíonn earraí agus seirbhísí don mhargadh ar bhealach fiontraíoch agus i gcomhréir le prionsabail agus gnéithe an gheilleagair shóisialta, ar cuspóirí sóisialta nó comhshaoil is cúis lena ghníomhaíocht tráchtála</STRING></STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Moladh ón gComhairle an 27 Samhain 2023 maidir le dálaí creata an gheilleagair shóisialta a fhorbairt (C/2023/1344)</STRING></STRING><STRING BOLD="on">(</STRING><STRING ITALIC="on">IO C, C/2023/1344, 29.11.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/1344/oj)</STRING><STRING BOLD="on">.</STRING></FIELD></FOOTNOTE><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">;</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(3)</NO.P>ciallaíonn ‘aonad áitiúil’ fiontar, nó cuid de, atá suite in áit atá sainaitheanta go geografach;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(4)</NO.P>ciallaíonn ‘fiontar cónaitheach’, nó ‘aonad áitiúil cónaitheach’, fiontar áitiúil, nó aonad áitiúil, a dhéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a chuireann leis an olltáirgeacht intíre (OTI);</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(5)</NO.P>ciallaíonn ‘fostaí’ duine ar bith, gan beann ar a náisiúntacht, ar a c(h)ónaitheacht nó ar a fhad a d’oibrigh sé nó sí sa Bhallstát a bhfuil caidreamh fostaíochta díreach aige nó aici le fiontar <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">arna bhunú le conradh foirmiúil nó le</STRING></STRING> comhaontú <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">neamhfhoirmiúil</STRING></STRING>, agus a fhaigheann luach saothair, gan beann ar an gcineál oibre a dhéantar, ar líon na n-uaireanta a oibrítear (lánaimseartha nó páirtaimseartha) agus ar fhad an chonartha (seasta nó éiginnte, séasúrach san áireamh); is féidir le luach saothair fostaí a bheith i bhfoirm pá agus tuarastail, lena n-áirítear bónais, pá as tascobair agus uainobair, liúntais, táillí, coimisiún agus luach saothair comhchineáil; <STRING BOLD="on">[Leasú 4]</STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(6)</NO.P>ciallaíonn ‘fostóir’ fiontar nó aonad áitiúil a bhfuil caidreamh fostaíochta díreach aige le fostaí, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">arna bhunú le conradh foirmiúil nó le</STRING></STRING> comhaontú <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">neamhfhoirmiúil</STRING></STRING>); <STRING BOLD="on">[Leasú 5]</STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(7)</NO.P>ciallaíonn ‘fearann’ tacar sonraí amháin nó níos mó a chumhdaíonn topaic amháin nó níos mó;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(8)</NO.P>ciallaíonn ‘topaic’ inneachar na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid staidrimh i mbailiúchán sonraí, agus cumhdaítear roinnt topaicí mionsonraithe i ngach topaic;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(9)</NO.P>ciallaíonn ‘topaic mhionsonraithe’ inneachar mionsonraithe na faisnéise atá le bailiú faoi na haonaid staidrimh a bhaineann le topaic; le gach topaic mhionsonraithe, cumhdaítear athróg amháin nó roinnt athróg;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(10)</NO.P>ciallaíonn ‘athróg’ airí aonaid a bhféadfadh níos mó luachanna ná ceann amháin de thacar luachanna a bheith ag gabháil leis, ar airí é a d’fhéadfadh a bheith ina dhearbhfhigiúr, ina chion, nó ina thagairt do shuíomh in aicmiú;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(11)</NO.P>ciallaíonn ‘miondealú’ tacar luachanna atá réamhshainithe, scoite, uileghabhálach agus comheisiatach ar féidir é a shannadh d’athróg atá ina sainghné d’aonaid staidrimh;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(12)</NO.P>ciallaíonn ‘micreashonraí’ sonraí nach mbaineann ach le haon aonad staidrimh amháin gan aitheantóir díreach;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(13)</NO.P>ciallaíonn ‘sonraí comhiomlánaithe’ sonraí a bhaineann le tacar de roinnt aonad staidrimh;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(14)</NO.P>ciallaíonn ‘daonra staidrimh’ an tacar d’aonaid staidrimh a bhfuil faisnéis ag teastáil ina leith agus a bhfuil gá le meastacháin ina leith;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(15)</NO.P>ciallaíonn ‘fráma samplála’ liosta, léarscáil nó sonraíocht eile de na haonaid lena gcinntear daonra staidrimh atá le háireamh nó le sampláil go hiomlán;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(16)</NO.P>ciallaíonn ‘sampla’ fothacar de chreat samplála a roghnaítear a eilimintí bunaithe ar phróiseas a bhfuil dóchúlacht aitheanta ann go roghnófar iad, a ceapadh chun go bhféadfar meastacháin bhailí a fháil don daonra staidrimh;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(17)</NO.P>ciallaíonn ‘freagróir’ an t-aonad tuairiscithe a sholáthraíonn faisnéis don údarás a dhéanann an suirbhé;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(18)</NO.P>ciallaíonn ‘sonraí suirbhé’ sonraí a bhailítear ar shampla freagróirí agus a dhéantar a eachtarshuíomh chuig an daonra staidrimh trí mhodhanna matamaiticiúla iomchuí a úsáid;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(19)</NO.P>ciallaíonn ‘taifid riaracháin’ sonraí arna nginiúint ag eintiteas riaracháin, comhlacht poiblí de ghnáth, agus gan mar phríomhaidhm leo staidreamh a chur ar fáil;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(20)</NO.P>ciallaíonn ‘foinsí eile’ sonraí <STRING ITALIC="on">ardchaighdeáin agus iontaofa</STRING> a ghintear ag eintiteas neamhriaracháin, lena n-áirítear taifid phríobháideacha, láithreáin ghréasáin agus bunachair sonraí, agus gan mar phríomhaidhm leo staidreamh oifigiúil a chur ar fáil;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(21)</NO.P>ciallaíonn ‘aicmiú staidrimh’ liosta eagraithe, ina bhfuil leibhéal sonraí amháin nó níos mó, de chatagóirí gaolmhara cé go bhfuil siad comheisiatach, a úsáidtear chun faisnéis a struchtúrú i réimse staidrimh ar leith de réir a cosúlachtaí;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(22)</NO.P>ciallaíonn ‘tréimhse thagartha’ tréimhse dá dtagraíonn sonraí;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(23)</NO.P>ciallaíonn ‘tréimhse bailithe sonraí’ an tréimhse ama ina mbailítear na sonraí.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(24)</NO.P>ciallaíonn ‘meiteashonraí’ an fhaisnéis is gá chun staidreamh a úsáid agus a léiriú agus a thugann tuairisc ar shonraí ar bhealach struchtúrtha;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(25)</NO.P>ciallaíonn ‘tacair shonraí réamhsheiceáilte’ tacair shonraí a fíoraíodh ag na Ballstáit ar bhonn rialacha comhchoiteanna maidir le bailíochtú;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(26)</NO.P>ciallaíonn ‘tuarascáil cháilíochta’ tuarascáil ina gcuirtear faisnéis in iúl maidir le cáilíocht táirge staidrimh nó próiseas staidrimh<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">;</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(26a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ciallaíonn ‘sonraí siarghabhálacha’ sonraí lena gcumhdaítear tréimhse dhá bhliain ar a laghad roimh dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo. </STRING></STRING></PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 3</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Foinsí agus modhanna</STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>Chun staidreamh a thiomsú faoin Rialachán seo, úsáidfidh nó athúsáidfidh na Ballstáit ceann amháin nó meascán de na foinsí seo a leanas ar choinníoll go gcomhlíonann siad na caighdeáin cháilíochta dá dtagraítear in Airteagal 8:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>sonraí an tsuirbhé;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>taifid riaracháin;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(c)</NO.P>foinsí eile.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>1a.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí shonrú a dhéanamh ar na foinsí eile dá dtagraítear i mír 1, pointe (c) den Airteagal seo ónar féidir sonraí a bhailiú agus a tharchur. Agus é ag feidhmiú na cumhachta atá aige gníomhartha tarmligthe den sórt sin a ghlacadh, áiritheoidh an Coimisiún go bhfuil úsáid na bhfoinsí eile sin riachtanach agus comhréireach chun an cuspóir faoin Rialacháin seo a bhaint amach, ag féachaint go cuí d’íogaireacht na sonraí atá i gceist agus gan dochar do Threoir 2002/58/CE. </STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>Bunófar na suirbhéanna a úsáidfear chun críche staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí ar shamplaí atá ionadaíoch don phobal staidrimh. Déanfar samplaí d’fhiontair nó d’aonaid áitiúla a tharraingt as na cláir náisiúnta ghnó staidrimh mar a shainmhínítear in Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2019/2152.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>3.</NO.P>Cuirfidh na Ballstáit faisnéis mhionsonraithe ar fáil don Choimisiún (Eurostat) faoi na foinsí agus na modhanna a úsáideadh trí na tuarascálacha cáilíochta dá dtagraítear in Airteagal 8(4).</PARAG>

<TI.ART><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Airteagal 3a</STRING></STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ceanglas maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil</STRING></STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I gcás ina bhfuil próiseáil sonraí pearsanta i gceist leis na gníomhaíochtaí atá le déanamh faoin Rialachán seo, beidh an phróiseáil sin comhréireach agus comhlíonfaidh sí Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle</STRING></STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Rialachán (AE) 2018/1725 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2018 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 45/2001 agus Cinneadh Uimh. 1247/2002/CE (IO L 295, 21.11.2018, lch. 39, http://data.europa.eu/eli/reg/2018/1725/oj).</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> agus Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle</STRING></STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1, </STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"><STRING UNDERLINE="on">http://data.europa.eu/eli/reg/2016/679/oj</STRING></STRING></STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">).</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">. I gcomhréir leis an bprionsabal um íoslaghdú sonraí a leagtar amach sna Rialacháin sin, déanfar sonraí a sholáthraítear faoin Rialachán seo a chomhiomlánú sa mhéid nach féidir daoine aonair a shainaithint.</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Beidh próiseáil na sonraí pearsanta chun críocha staidrimh, a mheastar a bheith chun leas an phobail, faoi réir coimircí iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 89 de Rialachán (AE) 2016/679 agus le hAirteagal 13 de Rialachán (AE) 2018/1725. Déanfar, go háirithe, a áirithiú go gcomhlíontar an prionsabal go ndéantar sonraí pearsanta a anaithnidiú.</STRING></STRING></PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 4</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Ceanglais maidir le sonraí</STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>Cumhdófar leis an staidreamh margadh saothair ar ghnólachtaí na réimsí agus na topaicí seo a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>tuillimh:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(i)</NO.P>struchtúr an tuillimh;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(ii)</NO.P>an bhearna phá idir na hinscní;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(iii)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cumhdach cómhargála;</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(iv)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">leibhéal an phá íosta reachtúil, más infheidhme;</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(v)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cumhdach pá íosta reachtúil, más infheidhme;</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>costais saothair:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(i)</NO.P>struchtúr na gcostas saothair;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(ii)</NO.P>innéacs na gcostas saothair;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(c)</NO.P>éileamh ar shaothar:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(i)</NO.P>folúntais phoist.</PARAG><PARAG>Ar na topaicí maidir le hinnéacs na gcostas saothair, dá dtagraítear i bpointe (b)(ii), agus folúntais poist, dá dtagraítear i bpointe (c)(i), áirítear a meastacháin luatha faoi seach dá dtagraítear in Airteagal 5.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>I gcás gach topaice a liostaítear i mír 1, is mar a leagtar amach san Iarscríbhinn a bheidh na topaicí mionsonraithe, a dtréimhsiúlacht chomhfhreagrach, a dtréimhsí tagartha agus a spriocdhátaí tarchuir.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>3.</NO.P>Cumhachtófar an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13 chun liosta na dtopaicí mionsonraithe, an tréimhsiúlacht, na tréimhsí tagartha agus na spriocdhátaí tarchuir a leagtar amach san Iarscríbhinn a leasú.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>4.</NO.P>Agus an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh de bhun mhír 3 á feidhmiú aige, áiritheoidh an Coimisiún nach gcuirfear ualach suntasach díréireach ar na Ballstáit agus ar fhreagróirí leis na leasuithe. Chun na críche sin, seolfar staidéir indéantachta mar a leagtar amach in Airteagal 9 iad agus <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">déanfar</STRING></STRING> measúnú cuí ar thorthaí na staidéar sin agus cuirfear san áireamh iad <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">sula nglacfar na gníomhartha tarmligthe</STRING></STRING>.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>5.</NO.P>Tarchuirfear na sonraí chuig an gCoimisiún (Eurostat) i bhfoirm sonraí comhiomlánaithe, cé is moite de struchtúr topaice an tuillimh, dá dtagraítear i mír 1, pointe (a)(i), a dtarchuirfear micreashonraí ina leith maidir le fostaithe aonair agus maidir le haonaid áitiúla.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>6.</NO.P>Déanfaidh na Ballstáit na sonraí réamhsheiceáilte agus na meiteashonraí gaolmhara a tharchur trí fhormáid theicniúil a úsáid a shonraigh an Coimisiún (Eurostat) do gach tacar sonraí. Úsáidfear seirbhísí an phointe iontrála aonair chun na sonraí a chur ar fáil don gCoimisiún (Eurostat).</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>7.</NO.P>Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme ina sonrófar na gnéithe seo a leanas le haghaidh gach ábhair:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>liosta agus tuairisc ar na hathróga;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>aicmithe staidrimh agus miondealuithe sonraí;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(c)</NO.P>spriocanna beachtais;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(d)</NO.P>na meiteashonraí a bheidh le tarchur leis an tréimhsiúlacht, leis an tréimhse tagartha agus leis na spriocdhátaí céanna leis na sonraí dá dtagraíonn siad;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(e)</NO.P>na tréimhsí bailithe sonraí.</PARAG><PARAG>Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme seo a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) 12 mhí ar a laghad roimh thús na tréimhse tagartha ábhartha.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 5</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Meastacháin luatha</STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>Tarchuirfear meastacháin luatha maidir leis an innéacs costais saothair dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(ii) agus maidir leis na folúntais dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c)(i):</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>ag Ballstáit arb ionann a líon bliantúil fostaithe agus níos mó ná 3 % d’iomlán an Aontais, do gach ceann de na 3 bliana as a chéile is déanaí; agus</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>ag Ballstáit limistéar an euro arb ionann a líon bliantúil fostaithe agus níos mó ná 3 % d’iomlán limistéar an euro, do gach ceann de na 3 bliana as a chéile is déanaí;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar chion na bhfostaithe in iomlán an Aontais agus in iomlán limistéar an euro a luaitear i mír 1, bunaithe ar shonraí bliantúla an tsuirbhé ar an lucht saothair de chuid an Aontais atá ar fáil.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>3.</NO.P>I gcás ina mbeidh aon athrú ar liosta na mBallstát a bhfuil a líon bliantúil fostaithe níos airde ná na tairseacha dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, cuirfidh an Coimisiún (Eurostat) fógra chuig an mBallstát nó chuig na Ballstáit lena mbaineann laistigh de 6 mhí tar éis dheireadh na tréimhse a úsáideadh chun an tairseach 3 % a mheasúnú. Má thiteann cion nuashonraithe na bhfostaithe faoi bhun na dtairseach faoi seach dá dtagraítear i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 1, beidh cead ag an mBallstát nó ag na Ballstáit lena mbaineann stop a chur le meastacháin luatha a tharchur amhail ón ráithe thagartha den chéad bhliain féilire tar éis dháta an fhógra. Má tá an cion nuashonraithe os cionn na dtairseach sin, déanfaidh an Ballstát nó na Ballstáit lena mbaineann na meastacháin luatha a tharchur ón gcéad ráithe thagartha den tríú bliain féilire tar éis dháta an fhógra.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 6</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Aonaid staidrimh agus pobal staidrimh</STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>Tiomsófar staidreamh faoin Rialachán seo maidir le haonad staidrimh amháin nó níos mó díobh seo a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>fiontair;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>aonaid áitiúla;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(c)</NO.P>fostaithe.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>I gcás topaicí innéacs na gcostas saothair, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(ii) agus folúntais, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (c)(i), is é a bheidh sa phobal staidrimh gach fiontar nó gach aonad áitiúil a chónaíonn sa Bhallstát agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>áirítear a bpríomhghníomhaíocht eacnamaíoch in aon chuid d’aicmiú NACE<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Nollaig 2006 lena mbunaítear an t-aicmiú staidrimh gníomhaíochtaí eacnamaíocha d’Athbhreithniú 2 NACE agus lena leasaítear Rialachán (CEE) Uimh. 3037/90 ón gComhairle chomh maith le Rialacháin CE áirithe maidir le fearainn shonracha staidrimh (IO L 393, 30.12.2006, lch. 1)</FIELD></FOOTNOTE>, seachas ‘Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht’, ‘Gníomhaíochtaí teaghlach mar fhostóirí agus gníomhaíochtaí earraí – agus seirbhísí – neamhdhifreáilte, gníomhaíochtaí táirgthe ag teaghlaigh dá n-úsáid féin’ agus ‘Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí allchríche’ agus</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>go bhfuil 1 fhostaí nó níos mó acu.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>3.</NO.P>I gcás topaicí a bhaineann le struchtúr tuillimh, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(i), agus an bhearna phá idir na hinscní, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (a)(ii), a mhéid a bhaineann le sonraí faoin bhfostóir, is é a bheidh sa phobal staidrimh gach aonad áitiúil a chónaíonn sa Bhallstát agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>áirítear a ngníomhaíocht eacnamaíoch in aon chuid d’aicmiú NACE, seachas ‘Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht’, ‘Gníomhaíochtaí teaghlach mar fhostóirí agus gníomhaíochtaí earraí – agus seirbhísí – neamhdhifreáilte, gníomhaíochtaí táirgthe ag teaghlaigh dá n-úsáid féin’ agus ‘Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí allchríche’; agus</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>go bhfuil 1 fhostaí nó níos mó acu.</PARAG><PARAG>I gcás topaicí a bhaineann le struchtúr tuillimh agus leis an mbearna phá idir na hinscní, a mhéid a bhaineann le sonraí faoin bhfostaí, is é a bheidh sa phobal staidrimh gach fostaí a mbaineann a n-aonad áitiúil leis an daonra staidrimh a shainmhínítear faoi phointe (a) agus faoi phointe (b) den chéad fhomhír.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>4.</NO.P>De mhaolú ar phointe (a) agus ar phointe (b) de mhír 3, a mhéid a bhaineann le sonraí maidir leis an mbearna phá idir na hinscní don tréimhse thagartha 2026, cumhdófar leis an tarchur na haonaid áitiúla uile ar cuid d’fhiontair iad a bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó acu agus nach mbaineann, sa bhreis ar na gníomhaíochtaí a eisiatar i mír 3 pointe (a), leis an roinn ‘Riarachán poiblí agus cosaint phoiblí; slándáil shóisialach éigeantach’ d’aicmiú NACE.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>5.</NO.P>I gcás struchtúr topaice na gcostas saothair, dá dtagraítear in Airteagal 4(1), pointe (b)(i), is é a bheidh sa phobal staidrimh gach aonad áitiúil a chónaíonn sa Bhallstát agus a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>áirítear a ngníomhaíocht eacnamaíoch in aon chuid d’aicmiú NACE, seachas ‘Talmhaíocht, foraoiseacht agus iascaireacht’, ‘Gníomhaíochtaí teaghlach mar fhostóirí agus gníomhaíochtaí earraí – agus seirbhísí – neamhdhifreáilte, gníomhaíochtaí táirgthe ag teaghlaigh dá n-úsáid féin’ agus ‘Gníomhaíochtaí eagraíochtaí agus comhlachtaí allchríche’; agus</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>tá siad mar chuid d’fhiontair a bhfuil 10 bhfostaí nó níos mó acu.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>5a.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">I gcás gach topaic a liostaítear san Iarscríbhinn, baileoidh na Ballstáit sonraí ar leithligh i ndáil le fiontair shóisialta agus soláthróidh siad na sonraí sin.</STRING></STRING></PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 7</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Ceanglais maidir le sonraí </STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING></STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13, lena bhforlíontar an Rialachán seo tríd an bhfaisnéis atá le soláthar ag na Ballstáit ar bhonn <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> a shonrú, i gcás ina meastar, faoi raon feidhme an Rialacháin seo, gur gá faisnéis bhreise a bhailiú chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais bhreise staidrimh, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ar riachtanais iad nach féidir leo sin a chomhlíonadh.</STRING></STRING> Sonrófar an méid seo a leanas sna gníomhartha tarmligthe sin:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>na topaicí mionsonraithe a bheidh le cur ar fáil sa bhailiú sonraí <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> a bhaineann leis na fearainn agus na topaicí a shonraítear in Airteagal 4 agus na cúiseanna atá leis na riachtanais bhreise sin;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>na tréimhsí tagartha agus na spriocdhátaí tarchuir.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear i mír 1 a ghlacadh ag tosú leis an mbliain tagartha 2028 agus 2 bhliain ar a laghad idir gach bailiúchán <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING>.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>3.</NO.P>Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun an fhaisnéis <STRING ITALIC="on">ad hoc</STRING> dá dtagraítear i mír 1 agus na meiteashonraí a shonrú. Sonrófar sna gníomhartha cur chun feidhme sin na gnéithe teicniúla seo a leanas, i gcás inarb iomchuí:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>liosta agus tuairisc ar na hathróga;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>aicmithe staidrimh agus miondealuithe sonraí;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(c)</NO.P>sonraíochtaí mionsonraithe na n-aonad staidrimh a chumhdaítear;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(d)</NO.P>na meiteashonraí a bheidh le tarchur;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(e)</NO.P>na tréimhsí bailithe sonraí.</PARAG><PARAG>Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2) tráth nach déanaí ná 24 mhí roimh thosach na tréimhse tagartha ábhartha.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 8</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Ceanglais cháilíochta agus tuairisciú cáilíochta</STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>Glacfaidh na Ballstáit na bearta is gá chun go n-áiritheofar cáilíocht na sonraí agus na meiteashonraí arna dtarchur.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>Áiritheoidh na Ballstáit go dtugtar leis na sonraí, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">lena n-áirítear sonraí siarghabhálacha</STRING></STRING>, a fhaightear trí úsáid a bhaint as na foinsí a leagtar síos in Airteagal 3 cumhdach iomlán agus meastacháin chruinne ar na haonaid staidrimh agus ar an daonra a shainítear in Airteagal 6.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>3.</NO.P>Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na critéir cháilíochta a shainmhínítear in Airteagal 12(1) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>4.</NO.P>Déanfaidh na Ballstáit tuarascálacha cáilíochta a tharchur maidir leis na foinsí agus na modhanna a bhaineann le gach ceann de na topaicí a liostaítear in Airteagal 4.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>5.</NO.P>Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha cur chun feidhme chun socruithe praiticiúla a leagan amach le haghaidh na dtuarascálacha cáilíochta agus ábhar na dtuarascálacha cáilíochta sin. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>6.</NO.P>Cuirfidh na Ballstáit an Coimisiún (Eurostat) ar an eolas maidir le haon fhaisnéis nó aon athrú ábhartha maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar cháilíocht na sonraí a tharchuirtear. Tabharfar an fhaisnéis a luaithe is féidir agus tráth nach déanaí ná 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm aon athraithe den sórt sin.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>7.</NO.P>Arna ▐iarraidh sin don Choimisiún (Eurostat), cuirfidh na Ballstáit faisnéis bhreise ar fáil dó atá riachtanach chun meastóireacht a dhéanamh ar cháilíocht na faisnéise staidrimh.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>8.</NO.P>Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) measúnú ar cháilíocht na sonraí arna dtarchur, ar na foinsí agus ar na modhanna arna n-úsáid agus ar na frámaí samplála. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ullmhóidh agus foilseoidh an Coimisiún (Eurostat) tuarascálacha maidir le cáilíocht na sonraí arna dtarchur, na bhfoinsí agus na modhanna arna n-úsáid. Sna tuarascálacha sin, déanfaidh an Coimisiún (Eurostat) moladh a dhéanamh i dtaobh conas na foinsí a mheastar a bheith ar ísealcháilíocht a bhainistiú, agus conas na sonraí a bhailítear trí na foinsí sin a bhainistiú.</STRING></STRING></PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 9</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Staidéir indéantachta agus treoirstaidéir</STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>Chun staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí a fheabhsú nó chun an t-ualach <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">riaracháin agus airgeadais</STRING></STRING> ar fhiontair a theorannú, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">go háirithe do FBManna agus do mhicrifhiontair</STRING></STRING>, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) staidéir indéantachta agus treoirstaidéir a thionscnamh. Is é is cuspóir leis na staidéir sin <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ceann amháin ar a laghad de na gnéithe seo a leanas</STRING></STRING> a chur san áireamh:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>cáilíocht agus inchomparáideacht<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> na</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">sonraí </STRING></STRING>a fheabhsú;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>féidearthachtaí nua a fhiosrú agus gnéithe nua a chur chun feidhme chun freagairt do riachtanais úsáideoirí;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(c)</NO.P>comhtháthú idir suirbhéanna agus foinsí eile sonraí a fheabhsú;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(d)</NO.P>an t-ualach ar fhreagróirí a laghdú<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">;</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(e)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">feabhas a chur ar chost-éifeachtúlacht an bhailithe sonraí.</STRING></STRING></PARAG><PARAG>Cuirfear san áireamh sna staidéir forbairtí teicneolaíochta agus digiteacha.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>1a.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Na sonraí a bhaileofar mar chuid de na staidéir phíolótacha dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo, beidh siad teoranta do na fearainn agus do na topaicí a liostaítear in Airteagal 4(1) agus do na topaicí mionsonraithe a shonraítear san Iarscríbhinn. </STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>Féadfaidh na Ballstáit páirt a ghlacadh sna staidéir sin ar bhonn deonach. Áiritheoidh siad, i gcomhar leis an gCoimisiún (Eurostat), go mbeidh na staidéir ionadaíoch ar leibhéal an Aontais.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>3.</NO.P>Déanfaidh an Coimisiún (Eurostat), i gcomhar leis na Ballstáit agus leis na príomhpháirtithe leasmhara, meastóireacht ar thorthaí na staidéar sin,<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> lena n-áirítear compháirtithe sóisialta</STRING></STRING>. Ullmhóidh an Coimisiún (Eurostat) tuarascálacha ar thorthaí na staidéar i gcomhar leis na Ballstáit. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cuirfear na tuarascálacha sin ar fáil go poiblí.</STRING></STRING></PARAG><PARAG><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Sna tuarascálacha dá dtagraítear sa chéad fhomhír, féadfaidh an Coimisiún (Eurostat) moladh a dhéanamh i dtaobh conas ba cheart staidéir phíolótacha a chomhtháthú mar réitigh bhuana.</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>3a.</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumhachtaítear an Coimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 13, lena bhforlíontar an Rialachán seo, trí róil agus freagrachtaí na ngníomhaithe a dhéanann na staidéir dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo a shonrú a mhéid a dhéantar sonraí pearsanta a phróiseáil chun críche na staidéar sin.</STRING></STRING></PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 10</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Maoiniú</STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>Féadfar ranníocaíocht airgeadais a sholáthar ó bhuiséad ginearálta an Aontais do na hinstitiúidí staidrimh náisiúnta agus do na húdaráis náisiúnta eile dá dtagraítear in Airteagal 5(2) de Rialachán (CE) Uimh. 223/2009 chun:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>feabhas a chur ar fhoinsí, lena n-áirítear frámaí samplála, le haghaidh staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí, ón dáta a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2029 ar a dhéanaí;</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>feabhas a chur ar na modhanna le haghaidh staidreamh an mhargaidh saothair maidir le gnólachtaí, lena n-áirítear an staidéir indéantachta agus treoirstaidéir dá dtagraítear in Airteagal 9.</PARAG><PARAG>Ní mhaoineoidh an tAontas costais maidir le tiomsú rialta staidrimh atá le tarchur faoin Rialachán seo.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>Ní rachaidh an ranníocaíocht airgeadais sin ón Aontas thar <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">80 </STRING></STRING>% de na costais incháilithe.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 11</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Leasanna airgeadais an Aontais a chosaint</STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>Déanfaidh an Coimisiún bearta iomchuí lena áirithiú, nuair a chuirtear gníomhaíochtaí a mhaoinítear faoin Rialachán seo chun feidhme, go gcosnófar leasanna airgeadais an Aontais trí bhearta coisctheacha a chur i bhfeidhm i gcoinne na calaoise, an éillithe agus aon ghníomhaíochta neamhdhleathaí eile, trí sheiceálacha éifeachtacha a dhéanamh agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, tríd na méideanna a íocadh go mícheart a aisghabháil agus, i gcás inarb iomchuí, trí phionóis riaracháin agus airgeadais a ghearradh, a bheidh éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>Beidh an chumhacht ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí iniúchtaí a dhéanamh, ar bhonn seiceálacha ar dhoiciméid agus seiceálacha ar an láthair, ar gach tairbhí deontais, ar gach conraitheoir agus ar gach fochonraitheoir a fuair cistí de chuid an Aontais faoin Rialachán seo.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>3.</NO.P>Féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe a dhéanamh, lena n-áirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, i gcomhréir leis na forálacha agus na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Meán Fómhair 2013 maidir le himscrúduithe a dhéanann an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1073/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (Euratom) Uimh. 1074/1999 ón gComhairle (IO L 248, 18.9.2013, lch. 1).</FIELD></FOOTNOTE> agus Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle an 11 Samhain 1996 maidir le seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanann an Coimisiún chun leasanna airgeadais na gComhphobal Eorpach a chosaint i gcoinne na calaoise agus neamhrialtachtaí eile (IO L 292, 15.11.1996, lch. 2).</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle d’fhonn a fháil amach ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais i ndáil le comhaontú deontais nó le cinneadh deontais nó le conradh a mhaoinítear faoin Rialachán seo.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>4.</NO.P>Gan dochar do mhír 1, do mhír 2 agus do mhír 3, beidh forálacha i gcomhaontuithe comhair le tríú tíortha agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta, i gconarthaí, i gcomhaontuithe deontais agus i gcinntí deontais a thagann ón Rialachán seo a chur chun feidhme, lena dtabharfar cumhacht shainráite don Choimisiún, don Chúirt Iniúchóirí agus do OLAF na hiniúchtaí agus na himscrúduithe sin a dhéanamh i gcomhréir lena n-inniúlachtaí faoi seach.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 12</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Maoluithe</STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>I gcás ina gceanglaítear, le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo, nó leis na gníomhartha tarmligthe nó na gníomhartha cur chun feidhme a glacadh dá bhun, go ndéanfar mór-oiriúnuithe ar chóras staidrimh náisiúnta Ballstáit, féadfaidh an Coimisiún maoluithe <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">a bhfuil údar cuí leo</STRING></STRING> a dheonú, trí ghníomhartha cur chun feidhme, do Bhallstát ar feadh <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">1 bhliain</STRING></STRING> ar a mhéad. Déanfar na gníomhartha cur chun feidhme sin a ghlacadh i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 14(2).</PARAG><PARAG>Agus na maoluithe á ndeonú aige, cuirfidh an Coimisiún san áireamh inchomparáideacht staidreamh na mBallstát agus ríomh tráthúil na gcomhiomlán Eorpach ionadaíoch iontaofa is gá. Áiritheoidh an Coimisiún freisin go leanfar gan bhriseadh leis na ceanglais maidir le staidreamh, meiteashonraí agus cáilíocht a chumhdaítear faoin Rialachán seo agus a cumhdaíodh roimhe sin faoi na rialacháin aisghairthe a chomhlíonadh.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>Cuirfidh an Ballstát ábhartha iarraidh a bhfuil údar cuí léi faoi bhráid an Choimisiúin laistigh de 3 mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo nó na ngníomhartha tarmligthe nó cur chun feidhme a glacadh dá bhun.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 13</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">An tarmligean a fheidhmiú</STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>Tabharfar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">3(1a), </STRING></STRING>4(3)<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">,</STRING></STRING> 7(1) <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus 9(3a) </STRING></STRING>ar feadh tréimhse <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">5</STRING></STRING> bliana ón [Oifig na bhFoilseachán: cuir isteach dáta cruinn theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná 9 mí roimh dheireadh na tréimhse 5‑bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>3.</NO.P>Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">3(1a),</STRING></STRING> 4(3)<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">,</STRING></STRING> 7(1) <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus 9(3a)</STRING></STRING> a chúlghairm tráth ar bith. Leis an gcinneadh chun cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta a shonrófar sa chinneadh sin. Tiocfaidh sé i bhfeidhm an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING> nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>4.</NO.P>Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>5.</NO.P>A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>6.</NO.P>Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">3(1a)</STRING></STRING>, 4(3)<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">,</STRING></STRING> 7(1) <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus 9(3a)</STRING></STRING> i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">trí </STRING></STRING>mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">trí</STRING></STRING> mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 14</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Nós imeachta coiste</STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>Déanfaidh an Coiste um an gCóras Staidrimh Eorpach, a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 223/2009, cúnamh a thabhairt don Choimisiún. Is coiste de réir bhrí Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 a bheidh sa choiste sin.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>I gcás ina ndéantar tagairt don mhír seo, beidh feidhm ag Airteagal 5 de Rialachán (AE) Uimh. 182/2011.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 15</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Aisghairm</STRING></STI.ART><PARAG NO="YES"><NO.P>1.</NO.P>Aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 530/1999, Rialachán (CE) Uimh. 450/2003 agus Rialachán (CE) Uimh. 453/2008 le héifeacht ón 1 Eanáir 2026.</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>2.</NO.P>Déanfar tagairtí do na Rialacháin aisghairthe a fhorléiriú mar thagairtí don Rialachán seo.</PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 16</STRING></TI.ART><STI.ART><STRING BOLD="on">Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm</STRING></STI.ART><PARAG>Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>.</PARAG><PARAG>Beidh feidhm aige ó 1 Eanáir 2026.</PARAG><PARAG>Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.</PARAG>
</GR.ART><SIGNATURE>
Arna dhéanamh in/sa ...,

<STRING ITALIC="on">Thar ceann Pharlaimint na hEorpa	Thar ceann na Comhairle</STRING>

<STRING ITALIC="on">An tUachtarán	An tUachtarán</STRING>
</SIGNATURE><ANNEX><TI><STRING BOLD="on"><STRING UNDERLINE="on">IARSCRÍBHINN </STRING></STRING></TI><STI><STRING BOLD="on">Fearainn, topaicí agus topaicí mionsonraithe; tréimhsiúlacht an tsoláthair sonraí, na dtréimhsí tagartha agus an spriocdháta maidir le tarchur sonraí in aghaidh topaice</STRING></STI>

<TGROUP COLS="7"><COLSPEC COLNAME="C1" COLNUM="1" COLWIDTH="11.54*"/><COLSPEC COLNAME="C2" COLNUM="2" COLWIDTH="14.75*"/><COLSPEC COLNAME="C3" COLNUM="3" COLWIDTH="21.65*"/><COLSPEC COLNAME="C4" COLNUM="4" COLWIDTH="16.02*"/><COLSPEC COLNAME="C5" COLNUM="5" COLWIDTH="11.68*"/><COLSPEC COLNAME="C6" COLNUM="6" COLWIDTH="13.72*"/><COLSPEC COLNAME="C7" COLNUM="7" COLWIDTH="10.64*"/>
<ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C1">
Fearann
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C2">
Topaic
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Topaic mhionsonraithe
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C4">
Tréimhsiúlacht
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C5">
Tréimhse thagartha
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C6">
Spriocdháta tarchurtha sonraí <STRING SUPERSCRIPT="on">(1) (2)</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C7">
An chéad tréimhse thagartha
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C1">
Tuilleamh
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C2">
Struchtúr Tuillimh
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Tuilleamh

<STRING ITALIC="on">Tuilleamh bliantúil agus míosúil iomlán agus a gcomhpháirteanna uile, chomh maith le tuilleamh in aghaidh na huaire a íoctar le gach fostaí a sampláladh.</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C4">
Gach 4 bliana
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C5">
Bliain féilire
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C6">
T+16 mhí
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C7">
2026
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Saintréithe an fhostóra

<STRING ITALIC="on">Faisnéis eacnamaíoch, dhlíthiúil, gheografach agus fostaíochta ar an aonad áitiúil lena bhfuil gach fostaí sampláilte ceangailte, agus ar a fhiontar. </STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Saintréithe an fhostaí

<STRING ITALIC="on">Déimeagrafach aonair,</STRING><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> geografach lena n-áirítear an oibrí imirceach nó trasteorann é an fostaí, </STRING></STRING>

<STRING ITALIC="on">Faisnéis oideachasúil, chonarthach agus cheirde maidir le gach fostaí a sampláladh.</STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Tréimhsí oibre

<STRING ITALIC="on">Faisnéis maidir le tréimhsí oibre íoctha, do gach fostaí a sampláladh.</STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Míreanna teicniúla an tsuirbhé

<STRING ITALIC="on">Faisnéis samplála agus bailithe sonraí i dtaobh gach fostaí a sampláladh agus i leith a f(h)ostóra (e.g., ualaí). </STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C2">
An Bhearna Phá idir na hInscní
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Tuilleamh in aghaidh na huaire

<STRING ITALIC="on">Tuilleamh in aghaidh na huaire i dtaobh fostaithe fireanna agus baineanna de réir phríomhthréithe an fhostóra agus an fhostaí agus difríochtaí coibhneasta comhfhreagracha idir tuilleamh in aghaidh na huaire d’fhostaithe fireanna agus baineanna.</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C4">
Gach bliain
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C5">
Bliain féilire
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C6">
T+13 mhí
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C7">
2026
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Fostaithe

<STRING ITALIC="on">Líon na bhfostaithe fireanna agus baineanna de réir shaintréithe an fhostóra agus an fhostaí.</STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C1">

</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C2">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Pá Íosta</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">leibhéal an phá íosta reachtúil</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C4">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gach dhá bhliain</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C5">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bliain féilire</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C6">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">T+13 mhí</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C7">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">2026</STRING></STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">líon agus sciar na n-oibrithe atá cumhdaithe ag an phá íosta reachtúil</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C4">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gach dhá bhliain</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C5">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bliain féilire</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C6">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">T+13 mhí</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C7">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">2026</STRING></STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C2">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Cumhdach Cómhargála;</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">líon na n-oibrithe a chumhdaítear le comhaontuithe comhchoiteanna</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C4">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Gach dhá bhliain</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C5">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bliain féilire</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C6">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">T+13 mhí</STRING></STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C7">
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">2026</STRING></STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C1">
Costais saothair
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C2">
Struchtúr na gcostas saothair
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Costais saothair

<STRING ITALIC="on">Costais iomlána a íocann an fostóir as lucht saothair a fhostú agus comhpháirteanna de na costais sin.</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C4">
Gach 4 bliana
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C5">
Bliain féilire
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C6">
T+18 mí
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C7">
2028
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Uaireanta an chloig a oibríodh

<STRING ITALIC="on">Uaireanta an chloig iarbhír a oibríodh de réir príomhchineálacha fostaithe. </STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Uaireanta an chloig a íocadh

<STRING ITALIC="on">Uaireanta an chloig a íocadh de réir príomhchineálacha fostaithe.</STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Fostaithe

<STRING ITALIC="on">An líon fostaithe de réir príomhchineálacha.</STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C2">

</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Aonaid áitiúla

<STRING ITALIC="on">Faisnéis maidir le haonaid áitiúla sa sampla.</STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C2">
Innéacs na gcostas saothair.
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Innéacs ráithiúil na gcostas saothair in aghaidh na huaire a oibríodh

<STRING ITALIC="on">Innéacs ráithiúil na gcostas saothair in aghaidh na huaire a oibríodh, de réir chineál na gcostas; amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C4">
Gach ráithe
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C5">
Ráithe féilire
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C6">
<NO.P>—</NO.P>Meastacháin luatha: T+45 lá

<NO.P>—</NO.P>Sonraí deireanacha: T+65 lá
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C7">
An chéad ráithe den bhliain 2026
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Innéacs ráithiúil na gcostas saothair iomlán

<STRING ITALIC="on">Amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.</STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Innéacs ráithiúil na n-uaireanta a oibríodh

<STRING ITALIC="on">Amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.</STRING>
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Costais saothair bhliantúla

<STRING ITALIC="on">Leibhéil bhliantúla na gcostas saothair (ualaí) de réir chineál na gcostas.</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C4">
Gach bliain
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C5">
Bliain féilire
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C6">
Deireadh na chéad ráithe den bhliain T+1 + 65 lá
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C1">
Éileamh ar shaothar:
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C2">
Folúntais poist
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Poist fholmha

<STRING ITALIC="on">Faisnéis faoi phoist fholmha a taifeadadh; amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.</STRING>
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C4">
Gach ráithe
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C5">
Ráithe féilire
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C6">
<NO.P>—</NO.P>Meastacháin luatha: T+45 lá

<NO.P>—</NO.P>Sonraí deireanacha: T+70 lá
</ENTRY><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C7">
An chéad ráithe den bhliain 2026
</ENTRY></ROW><ROW><ENTRY ALIGN="JUSTIFY" COLNAME="C3">
Poist ghafa

<STRING ITALIC="on">Faisnéis faoi phoist ghafa a taifeadadh; amshraith neamhchoigeartaithe agus amshraith choigeartaithe.</STRING>
</ENTRY></ROW>
</TGROUP>

<NO.P>(1)</NO.P>Tar éis dheireadh na tréimhse tagartha ‘T’.

<NO.P>(2)</NO.P>I gcás ina mbíonn na spriocdhátaí thuasluaite ar an Satharn nó ar an Domhnach, is é an Luan dár gcionn roimh 12:00 am (CET) an spriocdháta éifeachtach.
</ANNEX></DISPOSITIF></TEXT></TCONSOLID></TXTLST></SDOCTA>