<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0359</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Tionscnamh EuroHPC i gcás gnólachtaí nuathionscanta chun borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpasan Intleacht Shaorga iontaofa</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0161/2024 -  Rapóirtéir: Maria da Graça Carvalho)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 a mhéid a bhaineann le tionscnamh EuroHPC le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta chun borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpa san Intleacht Shaorga iontaofa (COM(2024)0029 – C9-0013/2024 – 2024/0016(CNS))</STRING></TI><NOTE>(An nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2024)0029),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 187 agus don chéad fhomhír d’Airteagal 188 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0013/2024),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0161/2024),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag Parlaimint na hEorpa;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><OTTXT>
<STRING BOLD="on">Leasú		1</STRING>
<TI>LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA<FOOTNOTE><FIELD><STRING SUPERSCRIPT="on">*</STRING> Leasuithe: tá téacs nua nó téacs atá curtha in ionad téacs eile aibhsithe le cló trom iodálach; agus tá téacs scriosta léirithe leis an tsiombail ▌.</FIELD></FOOTNOTE></TI><TI>ar an togra ón gCoimisiún</TI><TI>---------------------------------------------------------</TI><TI>2024/0016(CNS)</TI></OTTXT></TXTLST><TXTLST><TCONSOLID><TI>Togra le haghaidh<BRK/><STRING BOLD="on">RIALACHÁN ÓN gCOMHAIRLE</STRING><BRK/><STRING BOLD="on">lena leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 a mhéid a bhaineann le tionscnamh EuroHPC le haghaidh gnólachtaí nuathionscanta chun borradh a chur faoi cheannaireacht na hEorpa san Intleacht Shaorga iontaofa</STRING><BRK/></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT>TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,</PRINIT><GRVISA><VISA>
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 187 agus Airteagal 188, an chéad mhír de,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don tuairim ó Pharlaimint na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> IO C , , lch. .</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa<FOOTNOTE><FIELD> Tuairim an.., IO C, lch.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
Ag gníomhú di i gcomhréir le nós imeachta reachtach speisialta,
</VISA></GRVISA><GRCONS><GRCINIT>De bharr an mhéid seo a leanas:</GRCINIT><CONS>
<NO.P>(1)</NO.P>Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (Gníomh um an Intleacht Shaorga) agus lena leasaítear gníomhartha áirithe reachtacha de chuid an Aontais (IO L ...).</FIELD></FOOTNOTE> lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga (‘Gníomh um an Intleacht Shaorga’) feabhas a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh trí chreat dlíthiúil aonfhoirmeach a leagan síos go háirithe maidir le forbairt, margú agus úsáid na hintleachta saorga i gcomhréir le luachanna an Aontais.
</CONS><CONS>
<NO.P>(2)</NO.P>Ó bhí 2021 ann, nuair a glacadh Rialachán (AE) 2021/1173<FOOTNOTE><FIELD> Rialachán (AE) 2021/1173 ón gComhairle an 13 Iúil 2021 maidir leis an gComhghnóthas Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpach a bhunú agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) 2018/1488 (IO L 256, 19.7.2021, lch. 3, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2021/1173/oj).</FIELD></FOOTNOTE> ón gComhairle, tá dul chun cinn teicniúil ollmhór déanta i réimse na hintleachta saorga (IS) agus tá sé ina réimse an-straitéiseach agus iomaíoch ar fud an domhain. Tá an tAontas ar thús cadhnaíochta sna hiarrachtaí chun tacú leis an nuálaíocht <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">eiticiúil agus</STRING></STRING> fhreagrach in IS iontaofa, agus san am céanna ráillí cosanta a leagan síos agus rialachas éifeachtach a fhorbairt.
</CONS><CONS>
<NO.P>(3)</NO.P>An 13 Meán Fómhair 2023, mar chuid de chur chuige cuimsitheach chun tacú le nuálaíocht fhreagrach in IS, d’fhógair an Coimisiún tionscnamh straitéiseach nua chun acmhainneacht ríomhaireachta ardfheidhmíochta an Aontais a chur ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha nuálacha in IS iontaofa chun a samhlacha a oiliúint. Comhlánaíonn sé sin obair maidir le ráillí cosanta le haghaidh IS trí Rialachán (AE) 2024/..., lena mbunaítear struchtúir rialachais, agus lena dtacaítear leis an nuálaíocht tríd an bPlean Comhordaithe um an Intleacht Shaorga.
</CONS><CONS>
<NO.P>(3a)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">D’fhonn leas a bhaint as a bhonneagar sár-ríomhaireachta agus chun éiceachóras IS nuálach Eorpach a chothú, lena n-áirítear trí Mhonarchana IS a bhunú ar fud an Aontais, leagtar amach leis an teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Eanáir 2024 maidir le ‘Borradh a chur faoi ghnólachtaí nuathionscanta agus nuálaíocht i ndáil le hintleacht shaorga iontaofa’ creat straitéiseach infheistíochta chun ligean do ghnólachtaí nuathionscanta agus do thionscal san Aontas a n-acmhainneacht a chomhlíonadh maidir le bheith chun tosaigh ar fud an domhain maidir le samhlacha, córais agus feidhmchláir IS ardteicneolaíochta iontaofa.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(4)</NO.P>Ós rud é go bhfuil an acmhainneacht sár-ríomhaireachta den chéad scoth is cumhachtaí atá ag an Aontas le fáil i saoráidí an Chomhghnóthais Ríomhaireachta Ardfheidhmíochta Eorpaigh (an ‘Comhghnóthas’), is iad na saoráidí sin ba cheart a chur ar fáil chun tionscnamh an Choimisiúin a fhíorú. Dá réir sin, is gá cuspóir breise a thabhairt isteach leis na sé chuspóir de chuid an Chomhghnóthais atá ann cheana, cuspóir lena gcumhdófaí an rannchuidiú arna dhéanamh ag sár-ríomhairí le tionscnamh IS nua an Aontais, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">rud lena n-áiritheofaí cothroime, trédhearcacht, iontaofacht agus tionchar dearfach sochaíoch agus lena bhfreagrófaí do riachtanais agus spriocanna an Aontais.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(5)</NO.P>Leis an gcuspóir nua, bheadh an Comhghnóthas in ann gníomhaíochtaí a dhéanamh sna réimsí a bhaineann le sár-ríomhairí tiomnaithe IS nó codanna de shár-ríomhairí a <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">uasghrádú nó</STRING></STRING> a fháil agus a oibriú chun meaisínfhoghlaim thapa agus oiliúint ar bhunsamhlacha móra <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">iontaofa agus eiticiúla</STRING></STRING> IS a chumasú, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">rud lena neartófaí iomaíochas agus bonn tionsclaíoch an Aontais in IS dá réir.</STRING></STRING> Ba cheart cead a bheith ag an gComhghnóthas freisin modh rochtana nua ar a acmhainní ríomhaireachta a chruthú <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">go háirithe</STRING></STRING> do ghnólachtaí nuathionscanta IS agus don phobal eolaíochta i gcoitinne atá gníomhach in IS agus chun feidhmeanna, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">samhlacha agus córais</STRING></STRING> atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">a bheidh optamaithe</STRING></STRING> chun rith ar a shár-ríomhairí a fhorbairt agus <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">rochtain oscailte,</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cothroime agus trédhearcacht á gcoimirciú ag an am céanna.</STRING></STRING> Chuirfí na hathruithe sin ar a chumas don Chomhghnóthas cumhacht ríomhaireachta saincheaptha agus seirbhísí ríomhaireachta saincheaptha a thairiscint chun oiliúint agus forbairt agus glacadh IS ar mhórscála a chothú san Aontas, rud nach bhfuil indéanta faoin Rialachán atá i bhfeidhm faoi láthair.
</CONS><CONS>
<NO.P>(5a)</NO.P>	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ba cheart don Chomhghnóthas ionad ilfhreastail a bhunú ar bhonn phrionsabail na rochtana oscailte, ar bhealach ina bhféadfaidh cineálacha éagsúla úsáideoirí acmhainneacht IS i réimse na sár-ríomhaireachta a ghiaráil go hiomlán. Ba cheart na deiseanna a chuireann Monarchana IS ar fáil a chur in iúl go forleathan do ghnólachtaí nuathionscanta, fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), an t-éiceachóras nuálaíochta agus taighdeoirí atá ag gabháil do chláir de chuid an Aontais, ag cur béime ar na tairbhí iomadúla is féidir le IS a thairiscint i bhfeidhmeanna sár-ríomhaireachta. Thairis sin, ba cheart go gcuirfeadh comhar ar leibhéal an Aontais idir Monarchana IS cumhacht ríomhaireachta ar fáil mar sheirbhís ar fud an Aontais, rud atá bunriachtanach do na seirbhísí tacaíochta a thairgtear, agus rochtain ar an mbonneagar ríthábhachtach sin á éascú tuilleadh. Ba cheart go bhfónfaidh sé sin freisin chun sár-ríomhairí EuroHPC atá dírithe ar an éileamh a fhorbairt, ag áirithiú go bhfreastalaíonn an bonneagar ar riachtanais athraitheacha úsáideoirí agus earnálacha ar fud an Aontais.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(5b)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Le rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Nollaig 2023 ar an nuálaíocht, an iomaíochas tionsclaíoch agus teicneolaíoch a mhéadú trí thimpeallacht fhabhrach do ghnólachtaí nuathionscanta agus do ghnólachtaí atá ag méadú,</STRING></STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0480.</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> cuirtear i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag gnólachtaí atá ag méadú maidir le nuálaíocht, cruthú post agus fás eacnamaíoch a spreagadh san Aontas agus iarrtar ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sainmhíniú ceart a ghlacadh ar ghnólachtaí atá ag méadú bunaithe ar inscálaitheacht, agus ag an am céanna an difríocht idir iad agus gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna a chur san áireamh. Ba cheart do bhord rialaithe an Chomhghnóthais coinníollacha a shainiú chun rochtain a fháil ar shár-ríomhairí den sórt sin atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga agus ar sheirbhísí tacaíochta ábhartha d’úsáideoirí catagóirí éagsúla, amhail gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá ag méadú, FBManna, institiúidí ardoideachais agus ionaid taighde, d’fhonn srianta costais agus easpa saineolais acmhainní a shárú.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(5c)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ós rud é go n-éilíonn úsáid sár-ríomhairí le haghaidh na hIntleachta Saorga níos mó sonraí, tá sé tábhachtach go mbeidís suite in aice láimhe nó nasctha le lárionad sonraí atá ann cheana nó atá beartaithe trí líonraí ardluais. Ina theannta sin, ba cheart go gcomhlíonfadh lárionaid sonraí den sórt sin go hiomlán na ceanglais a leagtar síos in Airteagal 12 de Threoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle</STRING></STRING><FOOTNOTE><FIELD><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> Treoir (AE) 2023/1791 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Meán Fómhair 2023 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2023/955 (athmhúnlú), (IO L 231, 20.9.2023, lch. 1).</STRING></STRING></FIELD></FOOTNOTE><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> agus ba cheart, amach anseo, iad a bheith idirnasctha leis na Spásanna Coiteanna Sonraí Eorpacha chun oiliúint samhlacha i bpríomhréimsí earnála a éascú. Ba cheart go mbeadh eintitis óstála in ann tacaíocht airgeadais ó na Spásanna Coiteanna Sonraí Eorpacha a úsáid go héifeachtach chun a mbonneagar a fheabhsú, lena n-áirítear chun lárionaid sonraí a fháil nó a uasghrádú. Ba cheart sineirgí idir na tionscnaimh éagsúla a chur chun cinn.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(5d)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Ós rud é go n-éilíonn úsáid sár-ríomhairí le haghaidh na hIntleachta Saorga méadú suntasach ar chumhacht ríomhaireachtúil, rud as a dtagann tomhaltas fuinnimh níos mó, ba cheart go mbeadh pleananna ag na heintitis óstála maidir lena n-éifeachtúlacht fuinnimh agus a n-inbhuanaitheacht comhshaoil. Ba cheart go n-áiritheofaí leis na pleananna sin go bhfuil rochtain ag an sár-ríomhaire ar nasc leis an eangach atá slán agus cobhsaí agus ar sholáthar leictreachais, de rogha trí fhuinneamh glan inacmhainne, lena n-áirítear comhaontuithe ceannaigh cumhachta a úsáid, ar féidir a bheith bunaithe freisin ar fhuinneamh in-athnuaite, agus úsáid leictreachais a ghintear go háitiúil. Ina theannta sin, ba cheart go gcomhlíonfadh samhlacha IS na ceanglais maidir le tomhaltas fuinnimh a leagtar síos i Rialachán (AE) 2024/... [An Gníomh um an Intleacht Shaorga]. Ní mór na hoibleagáidí tuairiscithe maidir le samhlacha ilchuspóireacha IS a leagtar síos sa Rialachán sin a chomhlíonadh.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(5e)</NO.P><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Soláthróidh Monarchana IS seirbhísí tacaíochta cuimsitheacha sár-ríomhaireachta do ghnólachtaí nuathionscanta IS, do chuideachtaí beaga nuálaíocha, agus don éiceachóras taighde agus nuálaíochta níos leithne. Tá na seirbhísí sin ríthábhachtach chun rochtain ar shár-ríomhairí a éascú, chun saoráidí tiomnaithe ríomhchláraithe agus tacaíocht algartamach a thairiscint chun samhlacha agus córais oiliúna IS a fhorbairt, a thástáil, a mheasúnú agus a bhailíochtú. Ina theannta sin, cuidíonn siad le cásanna úsáide núíosacha agus feidhmchláir atá ag teacht chun cinn a chruthú ar fud réimsí straitéiseacha an Aontais, lena n-áirítear róbataic agus monarú, ábhair nua agus ceallraí, aeraspás, soghluaisteacht, tiomáint nasctha agus uathoibrithe, sláinte agus cúram, biteicneolaíocht, fuinneamh, athrú aeráide agus oiriúnú, dinimic an chórais chasta, domhain fhíorúla agus leathchúplaí digiteacha, cibearshlándáil, cleachtais talmhaíochta, taighde agus nuálaíocht agus an earnáil phoiblí.</STRING></STRING>
</CONS><CONS>
<NO.P>(6)</NO.P>Chun dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a ailíniú le dáta chur i bhfeidhm fhorálacha Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos rialacha comhchuibhithe maidir leis an intleacht shaorga, ba cheart feidhm a bheith aige gan moill mhíchuí.
</CONS><CONS>
<NO.P>(7)</NO.P>Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán (AE) 2021/1173 a leasú dá réir,
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><DINIT>TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:</DINIT><GR.ART>
<TI.ART><STRING ITALIC="on">Airteagal 1</STRING></TI.ART><PARAG>Leasaítear Rialachán (AE) 2021/1173 mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(1)</NO.P>leasaítear Airteagal 2 mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>cuirtear pointí (3a) agus (3b) seo a leanas isteach:<CITATION>
<LIST LEVEL="1" TYPE="ARAB"><INT.LI LEVEL="0">‘(3b) 	ciallaíonn ‘Sár-ríomhaire atá tiomnaithe don intleacht shaorga’ sár-ríomhaire a dheartar go príomha chun oiliúint a chur ar shamhlacha mórscála intleachta saorga ilchuspóireacha <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">sibhialta</STRING></STRING> agus feidhmeanna intleachta saorga atá ag teacht chun cinn<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, agus chun teicneolaíochtaí agus córais a fhorbairt;</STRING></STRING></INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(3c)</SYMBOL>ciallaíonn ‘Monarcha na hIntleachta Saorga’ <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">éiceachóras oscailte</STRING></STRING> láraithe nó dáilte a sholáthraíonn bonneagar seirbhísí sár-ríomhaireachta Intleachta Saorga atá comhdhéanta de shár-ríomhaire atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">nó</STRING></STRING> cuid Intleachta Saorga de shár-ríomhaire, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">nó sár-ríomhaire EuroHPC arna uasgrádú le haghaidh na hIntleachta Saorga</STRING></STRING>, lárionad gaolmhar sonraí, rochtain thiomnaithe agus seirbhísí sár-ríomhaire atá dírithe ar an intleacht shaorga a dhéanann tallann <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">a fhorbairt, a mhealladh, a choinneáil agus a chomhthiomsú</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ar bhealach oscailte</STRING></STRING> agus <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">gníomhach</STRING></STRING> chun na hinniúlachtaí, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">na scileanna agus an t-eolas</STRING></STRING> is gá a sholáthar, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">a thugann cúnamh agus treoir</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">d’úsáideoirí</STRING></STRING> maidir le <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">húsáid</STRING></STRING> na sár-ríomhairí le haghaidh na hIntleachta Saorga<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, agus a sholáthraíonn na seirbhísí is gá chun iad a chothabháil</STRING></STRING>;’;</ITEM></LIST>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (9):<CITATION>
‘(9) 	ciallaíonn ‘sár-ríomhaire EuroHPC’ aon chóras ríomhaireachta atá faoi úinéireacht iomlán an Chomhghnóthais nó atá faoi chomhúinéireacht le Stáit Rannpháirteacha eile nó le cuibhreannas comhpháirtithe príobháideacha, ar féidir leis a bheith ina shár-ríomhaire clasaiceach (sár-ríomhaire ardleibhéil, sár-ríomhaire de ghrád tionsclaíoch, sár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga nó sár-ríomhaire lár-raoin), ina ríomhaire clasaiceach-candamach hibrideach, ina ríomhaire candamach nó ina ionsamhlóir candamach;’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(2)</NO.P>in Airteagal 3(2), cuirtear isteach an pointe (h) seo a leanas:<CITATION>
‘(h) 	Monarchana Intleachta Saorga a fhorbairt agus a oibriú chun tacú le héiceachóras Intleachta Saorga atá an-iomaíoch, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">inbhuanaithe, iontaofa agus eiticiúil</STRING></STRING> agus éiceachóras Intleachta Saorga nuálach a fhorbairt a thuilleadh san Aontas’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(3)</NO.P>in Airteagal 4(1), cuirtear isteach an pointe (h) seo a leanas:<CITATION>
<LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">‘(h) colún Monarcha na hIntleachta Saorga le haghaidh Intleacht Shaorga iontaofa agus eiticiúil, lena gcumhdaítear gníomhaíochtaí chun bonneagar seirbhísí sár-ríomhaireachta atá dírithe ar an Intleacht Shaorga a sholáthar, arb é is aidhm dó cumais agus scileanna nuálaíochta éiceachóras na hIntleachta Saorga a fhorbairt a thuilleadh; <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">tabharfaidh</STRING></STRING> na gníomhaíochtaí <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">sin</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">aghaidh,</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">inter alia</STRING></STRING>, ar an méid seo a leanas:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(i)</SYMBOL>fáil agus oibriú sár-ríomhairí atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga arna gcomhshuíomh le ▌lárionaid sonraí nó atá nasctha le lárionaid sonraí trí líonraí fíor-ardluais;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ii)</SYMBOL>sár-ríomhairí EuroHPC atá ann cheana a bhfuil cumas Intleachta Saorga acu a uasghrádú;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(iii)</SYMBOL>rochtain a sholáthar ar na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga nó ar na sár-ríomhairí EuroHPC arna n-uasghrádú le<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> cumais</STRING></STRING> Intleachta Saorga, lena n-áirítear a n-úsáid a leathnú chuig líon mór úsáideoirí poiblí agus príobháideacha, lena n-áirítear <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">gnólachtaí nuathionscanta, gnólachtaí atá ag méadú, FBManna, institiúidí ardoideachais agus an pobal eolaíochta i gcoitinne;</STRING></STRING></ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(iiia)</SYMBOL>	<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">na deiseanna a chuireann na Monarchana Intleachta Saorga ar fáil do ghnólachtaí nuathionscanta, do ghnólachtaí atá ag méadú agus do phobail taighde agus nuálaíochta a chur in iúl go forleathan</STRING></STRING>;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(iv)</SYMBOL>lárionaid seirbhísí sár-ríomhaireachta láraithe nó dáilte atá dírithe ar an Intleacht Shaorga a oibriú chun tacú le héiceachóras<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> nuathionscanta</STRING></STRING> taighde agus nuálach na hIntleachta Saorga<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, chun cúnamh agus treoir a thabhairt d’úsáideoirí, chun taighde idirdhisciplíneach a chothú</STRING></STRING> lena soláthraítear tacaíocht algartamach, tacaíocht chun samhlacha agus córais oiliúna Intleachta Saorga a fhorbairt tuilleadh, a chur faoi oiliúint, a thástáil, a mheas agus a bhailíochtú, agus tacaíocht chun forbairt feidhmeanna Intleachta Saorga ar mhórscála atá ag teacht chun cinn i réimsí straitéiseacha ▌;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(v)</SYMBOL>saoráidí ríomhchláraithe atá fabhrach don sár-ríomhaire a oibriú, lena n-áirítear chun feidhmeanna Intleachta Saorga a chomhthreorú chun an úsáid is fearr a bhaint as cumais sár-ríomhaireachta<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, agus feidhmiú seirbhísí sár-ríomhaireachta eile lena gcumasaítear an Intleacht Shaorga</STRING></STRING>;</ITEM></LIST>

<LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">  ▌</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(vii)</SYMBOL><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">trí phróiseas trédhearcach, comhionann agus oscailte</STRING></STRING> lena ndéantar tallann a mhealladh, a chomhthiomsú, ▌a chur faoi oiliúint <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus a choinneáil,</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">lena n-áirítear mic léinn, forbróirí, taighdeoirí, eolaithe agus an pobal úsáideoirí</STRING></STRING> chun a n-inniúlachtaí<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">,</STRING></STRING> ▌scileanna <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus a n-eolas</STRING></STRING>a fhorbairt maidir le húsáid na sár-ríomhairí EuroHPC le haghaidh na hIntleachta Saorga<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, chomh maith le cóitseáil shaincheaptha a sholáthar</STRING></STRING>;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(viii)</SYMBOL>idirghníomhú leis na Monarchana Intleachta Saorga eile, rochtain ar a seirbhísí a chur ar fáil ar fud na hEorpa, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ag tabhairt aird leanúnach ar chothromaíocht thíreolaíoch agus inscne,</STRING></STRING> agus comhoibriú le Lárionaid Inniúlachtaí agus Lárionaid Barr Feabhais EuroHPC, agus le tionscnaimh ábhartha Intleachta Saorga de chuid an Aontais, amhail moil na ngnólachtaí nuathionscanta um Intleacht Shaorga, na héiceachórais Intleachta Saorga agus sonraí, Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta na hIntleachta Saorga, an t-ardán lárnach Eorpach um an Intleacht Shaorga, na Moil Nuálaíochta Digití atá dírithe ar an Intleacht Shaorga, Pobail Eolais agus Nuálaíochta na hInstitiúide Eorpaí um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht a bhaineann leis an Intleacht Shaorga, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">na comhghnóthais agus</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">na comhpháirtíochtaí le Fís Eorpach a bhaineann le hIntleacht Shaorga,</STRING></STRING> bonneagair thaighde Eorpacha ábhartha agus tionscnaimh ghaolmhara eile.</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(viiia)</SYMBOL><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">sár-ríomhairí a bhfuil cumais intleachta saorga acu a chothabháil agus a bharrfheabhsú, ag áirithiú a n-iontaofachta agus a bhfeidhmíochta le haghaidh ardtascanna ríomhaireachtúla.’;</STRING></STRING></ITEM></LIST>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(4)</NO.P>▌<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">leasaítear</STRING></STRING> Airteagal 9(5) <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">mar a leanas:</STRING></STRING></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>cuirtear isteach an pointe (g) seo a leanas:<CITATION>
<LIST LEVEL="1" TYPE="LC"><INT.LI LEVEL="0">‘(g) 	i gcás na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga, beidh feidhm ag na critéir roghnúcháin bhreise seo a leanas maidir leis na heintitis óstacha:</INT.LI><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(i)</SYMBOL>gaireacht <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">nó nasc trí líonraí an-ardluais </STRING></STRING>le<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> lárionad sonraí pleanáilte nó </STRING></STRING>bunaithe<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">, i gcomhréir le hAirteagal 12 de Threoir (AE) 2023/1791</STRING></STRING>;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ia)</SYMBOL><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">fís agus pleananna an eintitis óstaigh maidir le héifeachtúlacht fuinnimh agus inbhuanaitheacht chomhshaoil an sár-ríomhaire atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga, ag baint úsáide as cur chuige saolré, infhaighteacht rochtana leordhóthanaí ar fhuinneamh glan inacmhainne, chomh maith le trí chomhaontuithe ceannaigh cumhachta a d’fhéadfadh a bheith bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite, agus úsáid leictreachais a ghintear go háitiúil</STRING></STRING>;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ii)</SYMBOL>fís, pleananna agus cumas an eintitis óstaigh chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin éiceachóras<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on"> nuathionscanta</STRING></STRING>, taighde agus nuálach na hIntleachta Saorga agus phobal úsáideoirí na hIntleachta Saorga, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">éiceachóras den sórt sin a fheabhsú trí shineirgí agus nuálaíocht a chur chun cinn, lena n-áirítear infheistíochtaí i dteicneolaíochtaí na todhchaí, agus rannchuidiú</STRING></STRING> le seirbhís tacaíochta láraithe nó dáilte sár-ríomhaireachta atá dírithe ar an Intleacht shaorga agus an tseirbhís sin a chur ar fáil;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(iii)</SYMBOL>cáilíocht agus ábharthacht na taithí agus an tsaineolais atá ar fáil ag an bhfoireann atá beartaithe agus a bheadh i gceannas ar thimpeallacht thacúil na seirbhíse sár-ríomhaireachta atá dírithe ar an Intleacht Shaorga;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(iv)</SYMBOL>pleananna le haghaidh idirghníomhaíochta agus comhair le Monarchana Intleachta Saorga eile, le Lárionaid Inniúlachta EuroHPC agus le Lárionaid Barr Feabhais EuroHPC agus le gníomhaíochtaí ábhartha Intleachta Saorga amhail moil <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ghnólachtaí</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">nuathionscanta</STRING></STRING> na hIntleachta Saorga, éiceachórais na hIntleachta Saorga agus na sonraí, Saoráidí Tástála agus Turgnamhaíochta na hIntleachta Saorga, agus ardán lárnach Eorpach maidir leis an Intleacht Shaorga, na Moil Nuálaíochta Digití atá dírithe ar an Intleacht Shaorga agus tionscnaimh ghaolmhara eile;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(v)</SYMBOL>cumais atá ann cheana agus pleananna amach anseo de chuid an eintitis óstaigh chun rannchuidiú le forbairt, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">mealladh, oiliúint agus coinneáil</STRING></STRING> na díorma tallainne <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus cruthú scileanna, cumais agus inniúlachtaí chun na sár-ríomhairí a úsáid, lena n-áirítear i bhfoirm tacaíochta do ghnólachtaí nuathionscanta trí chláir ghorlainne nó luasaire.’</STRING></STRING>;</ITEM><ITEM LEVEL="1"><SYMBOL>(ga)</SYMBOL><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">féadfaidh</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">eintiteas óstála atá ann cheana arna roghnú ag an mBord Rialaithe trí phróiseas cóir agus trédhearcach, agus tar éis glao ar léirithe spéise, Monarcha Intleachta Saorga a bhunú má chomhlíonann sé na critéir dá dtagraítear in Airteagal 9(5), pointe (g).</STRING></STRING>’;</ITEM></LIST>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(5)</NO.P>in Airteagal 9, cuirtear an mhír (6a) seo a leanas leis:<CITATION>
<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">‘</STRING></STRING>(6a) 	I gcás na sár-ríomhairí atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga dá dtagraítear in Airteagal 12a, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus i gcás na sár-ríomhairí EuroHPC dá dtagraítear in Airteagail 11, 12, 12a, 14, 15 chomh maith,</STRING></STRING> cruthóidh na <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">heintitis</STRING></STRING> óstála ionad ilfhreastail do na <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">gnólachtaí nuathionscanta</STRING></STRING>, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">na gnólachtaí atá ag méadú,</STRING></STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">FBManna</STRING></STRING> agus úsáideoirí eile chun rochtain ar a seirbhísí tacaíochta a éascú <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">agus chun tacú le forbairt a gcuid scileanna agus inniúlachtaí</STRING></STRING>.<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">’;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(6)</NO.P>in Airteagal 10(2), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (l):<CITATION>
‘(l) 	na coinníollacha sonracha is infheidhme nuair a oibríonn an t-eintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC le húsáid san earnáil tionsclaíochta, ▌<STRING ITALIC="on">nó sár-ríomhaire atá tiomnaithe don Intleacht Shaorga</STRING> <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">nó do shár-ríomhaire EuroHPC atá ann cheana agus arna uasghrádú le cumais Intleachta Saorga</STRING></STRING>.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(7)</NO.P>cuirtear isteach an tAirteagal 12a seo a leanas:<CITATION>
‘<STRING ITALIC="on">Airteagal 12a</STRING>

Fáil agus úinéireacht sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga

<NO.P>1.</NO.P>Gheobhaidh an Comhghnóthas sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga agus is é a bheidh ina úinéir orthu.

<NO.P>2.</NO.P>Cumhdóidh an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) suas le 50 % de na costais fála móide suas le 50 % de chostais oibriúcháin na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga.

Costas iomlán úinéireachta na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga a bheidh fágtha, cumhdóidh an Stát Rannpháirteach ina bhfuil an t-eintiteas óstach lonnaithe nó ag na Stáit Rannpháirteacha sa chuibhreannas óstach an costas sin, costas a fhéadfar a fhorlíonadh leis na ranníocaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 6.

<NO.P>3.</NO.P>Beidh roghnú sholáthróir an tsár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga bunaithe ar shonraíochtaí tairisceana a bheidh bunaithe ar an éileamh, a chuirfidh san áireamh riachtanais an úsáideora agus sonraíochtaí ginearálta an chórais arna sholáthar ag an eintiteas óstála roghnaithe ina iarratas ar an nglao ar léiriú spéise. Tabharfar aghaidh sa roghnú freisin ar shlándáil an tslabhra soláthair.

<NO.P>4.</NO.P>Féadfaidh an Comhghnóthas feidhmiú mar chéad úsáideoir sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga lena gcomhtháthaítear teicneolaíochtaí a fhorbraítear go príomha san Aontas.

<NO.P>5.</NO.P>Féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh sa chlár oibre, má tá údar cuí leis ar chúiseanna slándála, coinníoll a leagan síos do rannpháirtíocht soláthróirí agus na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga á bhfáil i gcomhréir le hAirteagal 12(6) de Rialachán (AE) 2021/694, nó chun rannpháirtíocht soláthróirí a theorannú ar chúiseanna slándála nó gníomhaíochtaí a bhaineann go díreach le huathriail straitéiseach an Aontais, i gcomhréir le hAirteagal 18(4) den Rialachán sin.

<NO.P>6.</NO.P>Beidh na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga lonnaithe in eintiteas óstach sár-ríomhaire EuroHPC atá lonnaithe san Aontas.

<NO.P>7.</NO.P>Gan dochar d’fhoirceannadh an Chomhghnóthais, dá dtagraítear in Airteagal 23(4) de na Reachtanna, <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">cúig</STRING></STRING> bliana ar a thúisce tar éis tástáil inghlacthachta rathúil an tsár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga arna shuiteáil in eintiteas óstach, féadfar úinéireacht an tsár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga a aistriú chuig an eintiteas óstach sin, é a dhíol le heintiteas eile nó a dhíchoimisiúnú ar chinneadh an Bhoird Rialaithe agus i gcomhréir leis an gcomhaontú óstach. I gcás aistriú úinéireachta sár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga, déanfaidh an t-eintiteas óstach luach iarmharach an tsár-ríomhaire a aistrítear a aisíoc leis an gComhghnóthas. Mura ndéantar aon aistriú úinéireachta chuig an eintiteas óstach ach má chinntear é a dhíchoimisiúnú, roinnfear na costais ábhartha go cothrom idir an Comhghnóthas agus an t-eintiteas óstach. Ní bheidh dliteanas ar an gComhghnóthas maidir le haon chostas a thabhófar tar éis úinéireacht an tsár-ríomhaire tiomnaithe don Intleacht Shaorga a aistriú nó tar éis a dhíolta nó a dhíchoimisiúnaithe.’
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(8)</NO.P>leasaítear Airteagal 15 mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:<CITATION>
‘1. 	Féadfaidh an Comhghnóthas glao ar léirithe spéise a sheoladh chun na sár-ríomhairí EuroHPC a bhfuil sé ina úinéir nó ina chomhúinéir orthu a uasghrádú, chun leibhéal feidhmíochta an tsár-ríomhaire a ardú gar don eicsea-scálú, nó chun cumais Intleachta Saorga an tsár-ríomhaire a mhéadú, nó chun feidhmíocht oibríochtúil an tsár-ríomhaire a mhéadú ar bhealach ar bith eile, lena n-áirítear luasairí candamacha.’<STRING ITALIC="on">;</STRING> scriostar mír 2;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:<CITATION>
‘5.	Beidh céatadán ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh chostais fála an uasghrádaithe mar an gcéanna leis an gcéatadán de ranníocaíocht airgeadais an Aontais don sár-ríomhaire EuroHPC bunaidh, arna dhímheas thar shaolré ionchasach an tsár-ríomhaire bunaidh. Beidh céatadán ranníocaíocht airgeadais an Aontais le haghaidh chostais oibríochtúla bhreise an uasghrádaithe mar an gcéanna leis an gcéatadán de ranníocaíocht airgeadais an Aontais don sár-ríomhaire EuroHPC bunaidh.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(9)</NO.P>leasaítear Airteagal 16 mar a leanas:</PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(a)</NO.P>cuirtear an mhír 1b seo a leanas isteach:<CITATION>
‘1b. 	Úsáidfear na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga agus na sár-ríomhairí EuroHPC arna n‑uasghrádú le haghaidh cumais na hIntleachta Saorga go príomha chun samhlacha oiliúna mórscála ilchuspóireacha intleachta saorga agus feidhmeanna intleachta saorga atá ag teacht chun cinn a fhorbairt, a thástáil, a mheas agus a bhailíochtú, chomh maith le forbairt bhreise a dhéanamh ar réitigh intleachta saorga san Aontas a éilíonn Ríomhaireacht Ardfheidhmíochta agus algartaim mhórscála intleachta saorga a fhorghníomhú chun fadhbanna eolaíochta a réiteach.’;
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(b)</NO.P>cuirtear an mhír 2b seo a leanas isteach:<CITATION>
‘2b. 	Saineoidh an Bord Rialaithe ▌coinníollacha speisialta rochtana do na sár-ríomhairí tiomnaithe don Intleacht Shaorga agus do shár-ríomhairí EuroHPC arna n-uasghrádú le haghaidh cumais intleachta saorga i gcomhréir le hAirteagal 17 agus riachtanais shonracha éiceachóras <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">nuathionscanta</STRING></STRING> agus taighde na hintleachta saorga á gcur san áireamh. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Féadfaidh an Bord Rialaithe coinníollacha sonracha rochtana a shainiú le haghaidh cineálacha éagsúla úsáideoirí nó feidhmchlár, lena n-áirítear</STRING></STRING> rochtain thiomnaithe ar <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">ghnólachtaí nuathionscanta, ar ghnólachtaí atá ag méadú agus ar FBManna. Beidh slándáil agus cáilíocht na seirbhíse mar an gcéanna do na húsáideoirí go léir laistigh de gach catagóir úsáideora.</STRING></STRING> Ní bheidh ach tograí chun samhlacha, córais agus feidhmchláir iontaofa agus eiticiúla um Intleacht Shaorga a fhorbairt atá i gcomhréir le <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">rialacha agus</STRING></STRING> luachanna <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">an Aontais, go háirithe na cinn a chumhdaítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,</STRING></STRING> incháilithe le haghaidh rochtana. <STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Déanfar na critéir rochtana, na modheolaíochtaí agus an treoir maidir le tosaíochtaí rochtana a shainiú i gcomhréir leis an gcur chuige um Eitic Trí Dhearadh don Intleacht Shaorga agus le tacaíocht ón Sásra um Measúnú Eitice d’Fhís Eorpach.</STRING></STRING>’<STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">;</STRING></STRING>
</CITATION></PARAG><PARAG NO="YES"><NO.P>(10)</NO.P>in Airteagal 17, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:<CITATION>
‘1. 	Beidh an sciar d’aga rochtana an Aontais ar gach sár-ríomhaire EuroHPC ardleibhéil, candamach, agus tiomnaithe don Intleacht Shaorga i gcomhréir dhíreach leis an ranníocaíocht airgeadais ón Aontas dá dtagraítear in Airteagal 5(1) le costas iomlán úinéireachta an tsár-ríomhaire EuroHPC, agus dá bhrí sin ní rachaidh sé thar 50 % d’aga rochtana iomlán an tsár-ríomhaire EuroHPC.’
</CITATION></PARAG>

<TI.ART><STRING ITALIC="on">	Airteagal 2</STRING></TI.ART><PARAG>Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an 20ú lá tar éis lá a fhoilsithe in <STRING ITALIC="on">Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>.</PARAG><PARAG>Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.</PARAG>
</GR.ART><SIGNATURE>
Arna dhéanamh i/in/sa ...,

<STRING ITALIC="on">		Thar ceann na Comhairle</STRING>

An tUachtarán
</SIGNATURE></DISPOSITIF></TEXT></TCONSOLID></TXTLST></SDOCTA>