<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0363</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Leasú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais le haghaidh riosca creidmheasa, riosca coigeartaithe luachála creidmheasa, riosca margaidh agus bonn aschuir</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0030/2023 -  Rapóirtéir: Jonás Fernández)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 24 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh priacal creidmheasa, priacal um choigeartú luachála creidmheasa, priacal oibriúcháin, priacal margaidh agus an t íosráta aschuir (COM(2021)0664 – C9-0397/2021 – 2021/0342(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2021)0664),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0397/2021),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ón mBanc Ceannais Eorpach an 24 Márta 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C 233, 16.6.2022, lch. 14.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Márta 2022<FOOTNOTE><FIELD> IO C 290, 29.7.2022, lch. 40.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 6 Nollaig 2023 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0030/2023),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>ag cur sonrú sa ráiteas ón gCoimisiún atá i gceangal leis an rún seo, a fhoilseofar i sraith C <STRING ITALIC="on">d’Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh</STRING>;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P9_TC1-COD(2021)0342</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 24 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a mhéid a bhaineann le ceanglais le haghaidh riosca creidmheasa, riosca um choigeartú luachála creidmheasa, riosca oibriúcháin, riosca margaidh agus an t-íosráta aschuir</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1623.)</STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST><TXTLST><ANNEX><TI>IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN RÚN REACHTACH</TI><STI><STRING BOLD="on">Ráiteas ón gCoimisiún i ndáil le hAirteagal 1, pointe (253), de Rialachán (AE) 2024/1623 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hAirteagal 518c de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013</STRING></STI>
Geallann an Coimisiún go ndéanfaidh sé measúnú cothrom agus cóir ar staid an Mhargaidh Aonair don bhaincéireacht, agus ceanglais stuamachta á gcur san áireamh go háirithe, lena n-áirítear leibhéal chur i bhfeidhm an íosráta aschuir agus na forálacha maidir le tarscaoileadh ceanglas caipitil agus leachtachta. Cuirfidh sé an sainordú sin i gcrích bunaithe ar ionchuir ón Údarás Baincéireachta Eorpach agus ón mBanc Ceannais Eorpach/Sásra Maoirseachta Aonair, agus rachaidh sé i gcomhairle le páirtithe leasmhara chun a áirithiú go ndéanfar breithniú iomchuí ar na dearcthaí éagsúla. Tíolacfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach bunaithe ar an tuarascáil.
</ANNEX></TXTLST></SDOCTA>