<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF3" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0373</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Meastacháin ar ioncam agus caiteachas don bhliain airgeadais 2025 - Roinn I - Parlaimint na hEorpa</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0180/2024 -  Rapóirtéir:Anna‑Michelle Asimakopoulou)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Aibreán 2024 maidir le meastacháin na Parlaiminte ar ioncam agus caiteachas don bhliain airgeadais 2025 (2023/2221(BUI))</STRING></TI><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 314 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012<FOOTNOTE><FIELD> IO L 193, 30.7.2018, lch. 1.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 ón gComhairle an 17 Nollaig 2020 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 11.</FIELD></FOOTNOTE> agus do na dearbhuithe comhpháirteacha a comhaontaíodh idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún sa chomhthéacs sin<FOOTNOTE><FIELD> IO C 444 I, 22.12.2020, lch. 4.</FIELD></FOOTNOTE>, agus na dearbhuithe aontaobhacha gaolmhara<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0357.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 16 Nollaig 2020 idir Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach maidir leis an smacht buiséadach, le comhar in ábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais, agus maidir le hacmhainní dílse nua, lena n-áirítear treochlár chun acmhainní dílse nua a thabhairt isteach<FOOTNOTE><FIELD> IO L 433 I, 22.12.2020, lch. 28.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil eatramhach uaidh an 3 Deireadh Fómhair 2023 ar an togra le haghaidh athbhreithniú meántéarma ar an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0335.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 15 Nollaig 2022 maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 a uas-scálú: buiséad athléimneach AE a bheidh oiriúnach do dhúshláin nua<FOOTNOTE><FIELD> IO C 177, 17.5.2023, lch. 115.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) 2024/765 ón gComhairle an 29 Feabhra 2024 lena leasaítear Rialachán (AE, Euratom) 2020/2093 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2021 go 2027<FOOTNOTE><FIELD><STRING ITALIC="on"> IO L, 2024/765, 29.2.2024, ELI: https://eur-lex.europa.eu/eli/reg/2024/765/oj).?locale=ga</STRING></FIELD></FOOTNOTE> (Athbhreithniú CAI),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 16 Bealtaine 2022 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais<FOOTNOTE><FIELD> COM(2022)0223.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1023/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 lena leasaítear Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh<FOOTNOTE><FIELD> IO L 287, 29.10.2013, lch. 15.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 20 Aibreán 2023 maidir le meastacháin Pharlaimint na hEorpa ar ioncam agus caiteachas don bhliain airgeadais 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0119.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do rún uaithi an 18 Deireadh Fómhair 2023 maidir le seasamh na Comhairle ar dhréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2023)0367.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2024<FOOTNOTE><FIELD> IO L 207, 22.2.2024.</FIELD></FOOTNOTE> agus do na ráitis chomhpháirteacha a comhaontaíodh idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún atá i gceangal leis seo,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuarascáil an Ardrúnaí chuig an mBiúró maidir le réamhdhréacht de mheastacháin Pharlaimint na hEorpa don bhliain airgeadais 2024 a tharraingt suas,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don réamhdhréacht de na meastacháin arna dtarraingt suas ag an mBiúró an 11 Márta 2024 de bhun Rialacha 25(7) agus 102(1) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do na dréachtmheastacháin arna dtarraingt suas ag an gCoiste um Buiséid de bhun Riail 102(2) de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 102 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0180/2024),
</VISA></GRVISA><GRCONS><CONS>
<NO.P>A.</NO.P>de bhrí gurb ionann an buiséad a mhol an tArdrúnaí an 26 Feabhra 2024 do réamhdhréacht de mheastacháin Pharlaimint na hEorpa do 2025 agus EUR 2 507 233 329 agus gurb ionann é sin agus méadú 5,21 % nó EUR 124 132 017 i gcomparáid le buiséad 2024;
</CONS><CONS>
<NO.P>B.</NO.P>de bhrí go dtuarann an Coimisiún gur 3 % in 2024 agus 2,5 % in 2025 a bheidh i ráta boilscithe AE i Réamhaisnéis Gheimhridh 2024 (Eatramhach); de bhrí go bhfuil leibhéal an chaiteachais i gCeannteideal 7 de CAI ó 2021 go 2027 bunaithe ar mhéadú bliantúil 2 %;
</CONS><CONS>
<NO.P>C.</NO.P>de bhrí go mbraitheann creidiúnacht Pharlaimint na hEorpa ar a cumas díriú ar a croí-obair bhuiséadach, reachtach agus ghrinnscrúdaithe ar an gcaighdeán is airde, agus ag an am céanna sampla a leagan síos vis-à-vis institiúidí eile de chuid an Aontais chun a caiteachas a phleanáil agus a dhéanamh go stuama agus go héifeachtúil agus chun na réaltachtaí eacnamaíochta forleathana a léiriú;
</CONS><CONS>
<NO.P>D.</NO.P>de bhrí go mbeidh 2025 ar an gcéad bhliain iomlán tar éis na dtoghchán agus, dá bhrí sin, go bhfillfear ar ghnáthluas na gcroíghníomhaíochtaí polaitiúla agus tacaíochta;
</CONS><CONS>
<NO.P>E.</NO.P>de bhrí gur chuir an Pharlaimint bailchríoch ar a próiseas um athchóiriú domhain ar cuireadh tús leis anuraidh, chun athbhreithniú a dhéanamh, ar thaobh amháin, ar a modhanna oibre inmheánacha lena ndéantar obair pharlaiminteach níos éifeachtúla, agus ar an taobh eile chun a ról institiúideach a neartú as a dtiocfaidh Parlaimint a fheidhmíonn níos fearr mar chomhreachtóir, mar bhrainse den údarás buiséadach, mar údarás um urscaoileadh agus cur lena cumas maoirseacht dhaonlathach a fheidhmiú;
</CONS></GRCONS></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Creat ginearálta</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>á chur in iúl gur cúis bhuartha di staid Cheannteideal 7 sa CAI reatha; á mheabhrú go bhfuil na srianta sin mar thoradh ar na laghdaithe a chuir an Chomhairle i bhfeidhm ar an togra tosaigh ón gCoimisiún a bhí an-íseal cheana féin nuair a tháinig sí ar chomhaontú maidir le CAI reatha 2021-2027; á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an Chomhairle i gcoinne an togra ón gCoimisiún chun uasteorainn Cheannteideal 7 in athbhreithniú CAI a mhéadú ó 2024 ar aghaidh; á chur i bhfios nár tugadh aghaidh ar shaincheist uasteorainn Cheannteideal 7 in athbhreithniú CAI; á thabhairt chun suntais go nglactar leis an gcorrlach diúltach réamh-mheasta do 2025 go n-úsáidfear ionstraimí speisialta i gCeannteideal 7 chun na críche sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil nach mór dhá thrian den bhuiséad socraithe ag oibleagáidí reachtúla; á mheabhrú go bhfuil réamhaisnéisiú déanta ag an gCoimisiún ar an innéacsú tuarastail, i gcomhréir leis na Rialacháin Foirne agus le Reacht Fheisirí Pharlaimint na hEorpa, do mhí Iúil 2024, do mhí Aibreáin 2025 agus do mhí Iúil 2025 agus go bhfuil an réamhaisnéisiú sin faoi láthair ag 5,3 %, 0,6 % agus 37 % faoi seach; ag tabhairt dá haire go n-áirítear innéacsú tuarastail de 3,4 % i mbuiséad 2024 ó mhí Iúil 2024; ag tabhairt dá haire go ndéanfaidh an Coiste um Buiséid faireachán ar éabhlóid thuartha oifigiúil an innéacsaithe tuarastail;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>ag formhuiniú an comhaontú ar thángthas air san Idir-réiteach idir an Biúró agus an Coiste um Buiséid an 9 Aibreán 2024 chun an méadú ar bhuiséad 2023 a shocrú ag 4,87 %, arb ionann é agus leibhéal foriomlán meastachán de EUR 2 499 233 329 do 2025, agus na leithreasuithe a mholtar ar na línte buiséid seo a leanas a laghdú dá réir le haghaidh iomlán EUR 11 000 000:
</ACTION><ACTION>
2 0 0 0 — Cíos, 2 0 0 7 — Tógáil foirgneamh agus feistiú áitreabh, 2 3 9 0 — gníomhaíochtaí EMAS agus inbhuanaitheachta, lena n-áirítear cur chun cinn, agus scéim fritháirithe carbóin Pharlaimint na hEorpa, 3 2 4 2 — Caiteachas ar fhoilsiú, ar fhaisnéis agus ar rannpháirtíocht in imeachtaí poiblí, 3 2 4 3 — Ionaid cuairteoirí Pharlaimint na hEorpa, 1 0 1 — Cúlchiste teagmhasach;
</ACTION><ACTION>
thairis sin, á chinneadh leibhéal caiteachais an réamhdhréachta den mheastachán a d’fhormheas an Biúró an 11 Márta 2024 a mhéadú EUR 3 000 000 agus na leithreasuithe a mholtar ar na línte buiséid seo a leanas a mhéadú dá réir:
</ACTION><ACTION>
3 2 4 4 — Grúpaí cuairteoirí a eagrú agus fáilte a chur rompu, an clár Euroscola agus cuirí d’éascaitheoirí tuairimíochta ó thríú tíortha 4 0 3 — Cistiú fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha
</ACTION><ACTION>
<NO.P>4.</NO.P>ag tabhairt dá haire, as an méadú EUR 116 mhilliún i gcomparáid le buiséad 2024, go bhfuil an méadú EUR 98 milliún mar thoradh ar oibleagáidí reachtúla, go príomha le haghaidh nuashonraithe tuarastail don fhoireann (EUR 54,7 milliún) agus caiteachas a bhaineann le cúnamh parlaiminteach (EUR 33,2 milliún); ag tabhairt dá haire nach mó ná 2 % an méadú ar chostais neamhreachtúla idir 2024 agus 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>5.</NO.P>ag tabhairt dá haire nach n-iarrann an Pharlaimint aon phoist bhreise do 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>6.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur baineadh den phlean bunaíochta 2025 na 98 bpost bhuana a cruthaíodh i mbuiséad 2023 chun cur i bhfeidhm Airteagal 29(4) den Rialachán Foirne a éascú;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Grúpaí cuairteoirí agus ionaid Europa Experience</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>7.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil grúpaí cuairteoirí i ngach áit oibre de chuid na Parlaiminte ina n-uirlis thábhachtach d’Fheisirí chun nascadh le toghthóirí agus chun a gcuid oibre parlaimintí a léiriú do thoghthóirí; á thabhairt chun suntais go rannchuidíonn grúpaí cuairteoirí le ról na Parlaiminte a chur chun cinn i measc vótálaithe ar fud an Aontais;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>8.</NO.P>á thabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, na deacrachtaí méadaitheacha a bhaineann le cuairteanna den sórt sin a eagrú mar gheall ar theorainneacha airgeadais an bhuiséid atá ann cheana, go háirithe d’Fheisirí ó Bhallstáit atá i bhfad ón mBruiséil agus ó Strasbourg go geografach; á iarraidh go mbeadh cistiú leordhóthanach ann chun speansais a bhaineann le taisteal agus cóiríocht a chumhdach, agus na rátaí boilscithe agus na praghsanna á gcur san áireamh, i dtíortha tionscnaimh na ngrúpaí cuairteoirí, agus sa Bhruiséil agus in Strasbourg araon; á chreidiúint go bhfuil gá le méadú 10 % ar an leithdháileadh in aghaidh an duine chun aghaidh a thabhairt ar na dálaí atá ann faoi láthair; á iarraidh ar an Ard-Rúnaí méadú ar na huasteorainneacha do na costais a chumhdaítear a mholadh do na Caestóirí a luaithe is féidir chun leanúint de thacaíocht na bhFeisirí agus feabhas a chur ar an tacaíocht sin chun cur ar chumas grúpaí cuairteoirí cuairt a thabhairt ar an bParlaimint;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>9.</NO.P>ag cur suntas, agus iad ina n-ábhar imní di, sna rialacha inmheánacha lena rialaítear grúpaí cuairteoirí FPEnna, rialacha a fhágann go gcaithfidh Cúntóirí Parlaiminteacha Creidiúnaithe (CPCanna) 30 % de na costais tosaigh a thabhú in imthosca áirithe; ag cur béim ar dhofheidhmitheacht na rialacha sin agus ar an ualach airgeadais a chuireann siad sin ar CPCanna; á iarraidh ar an mBiúró athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar na rialacha atá aige cheana lena rialaítear cuairteanna chun deacrachtaí a shárú maidir le cuairteanna a phleanáil agus a eagrú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>10.</NO.P>ag meabhrú chinneadh an Bhiúró an 25 Samhain 2019 ionaid Europa Experience a bhunú sna Ballstáit uile faoi dheireadh 2024; á chur in iúl gur oth léi na moilleanna ar ionaid Europa Experience a bhunú sna Ballstáit uile roimh thoghcháin Pharlaimint 2024 agus ag tabhairt dá haire nach bhfuil ach 12 acu i bhfeidhm faoi láthair; á aithint gur chuir roinnt tosca seachtracha, lena n-áirítear luaineacht na margaí réadmhaoine, leis na moilleanna sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>11.</NO.P>ag tabhairt dá haire go bhfuil sé beartaithe cúig ionad a oscailt in 2025 (san Aithin, i Ságrab, sa Háig, i Sóifia agus i mBúdaipeist); á iarraidh go mbunófaí ionaid Europa Experience sna Ballstáit uile a luaithe is féidir; á mheabhrú gur cheart go gcuirfeadh Europa Experiences ar chumas na saoránach uile tuiscint níos fearr a bheith acu ar fheidhmiú institiúidí an Aontais;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Bonneagar</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>12.</NO.P>ag tabhairt dá haire gur fhormheas an Coiste um Buiséid cinneadh an Bhiúró athchóiriú domhain a dhéanamh ar fhoirgneamh SPAAK, i gcomhréir le rún uaidh an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir leis an seasamh ón gComhairle i ndáil le dréachtbhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2023<FOOTNOTE><FIELD> Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2022)0366.</FIELD></FOOTNOTE>; á chur i bhfáth go bhfuil rátáil éifeachtúlachta fuinnimh an-íseal ag an bhfoirgneamh atá ann faoi láthair agus go bhfuil easpa solúbthachta ann a bhfuil géarghá léi chun bheith oiriúnach don fheidhm; á thabhairt chun suntais gur cheart don Pharlaimint a punann foirgneamh féin a bhainistiú ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh agus inbhuanaitheacht de chun ailíniú le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais; ag tabhairt dá haire go mbeidh coigilteas bliantúil suntasach agus laghdú suntasach ar astaíochtaí CO2 mar thoradh ar an athchóiriú agus go gcuideoidh sé le ceanglais na Treorach athbhreithnithe maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh agus na Treorach maidir le Feidhmíocht Fuinnimh  Foirgneamh a chomhlíonadh; á mheabhrú don Bhiúró go bhfuil gá le trédhearcacht, faisnéis chuí agus comhairliúchán leis an gCoiste um Buiséid, lena n-áirítear rochtain ar shonraí cuimsitheacha, sula nglacfaidh sé aon chinneadh mór maidir le saincheisteanna a bhaineann le tógáil agus lena mhaoiniú mar gheall ar a n-impleachtaí buiséadacha tábhachtacha;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>13.</NO.P>á aithint gur gá tús a chur le hoibreacha athchóirithe in 2025 ar fhoirgneamh TREVES II chun cóiríocht shealadach na foirne a easáiteofar mar chuid d’athchóiriú fhoirgneamh SPAAK a éascú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>14.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi beartas na Parlaiminte arb é is aidhm dó a áirithiú go mbainfidh daoine faoi mhíchumas úsáid iomlán neamhspleách as foirgnimh na Parlaiminte agus go dtacóidh sé le bearta agus le hoiriúnuithe breise a bheidh riachtanach i ndáil leis sin; á aithint gur gá feabhas a chur ar an rochtain ar an Seomra Iomlánach in Strasbourg do dhaoine faoi mhíchumas;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>15.</NO.P>á mheabhrú go bhfuil riarachán Parlaimint na hEorpa ag obair faoi láthair ar chur chuige cuimsitheach chun beartas tógála fadtéarmach Pharlaimint na hEorpa a shainiú agus breithniú á dhéanamh go háirithe ar oibleagáidí comhshaoil, costais agus srianta buiséadacha, éifeachtúlacht fuinnimh agus bainistiú dramhaíola i gcomhréir leis an bpacáiste ‘Oiriúnach do 55’ agus ag dréim leis go gcuirfear na torthaí ar fáil don phobal; á iarraidh go ndéanfaí breithniú ar bhealaí solúbtha oibre atá tagtha chun cinn mar thoradh ar an bpaindéim, agus á aithint ag an am céanna go bhfuil láithreacht fhisiciúil le haghaidh caibidlíocht pholaitiúil, díospóireachtaí nó malartú tuairimí níos éifeachtúla chun beartas poiblí a cheapadh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>16.</NO.P>ag cur suntas sa chleachtas ‘aistriú fuílleach’ deireadh bliana chun rannchuidiú le tionscadail tógála; á thabhairt dá haire go ndéantar ‘aistriú fuílleach’ den sórt sin go córasach ar na caibidlí céanna agus ar na teidil chéanna agus go minic ar na línte buiséid céanna; á thabhairt dá haire gur féidir leis an gcleachtadh bliantúil ‘aistriú fuílleach’ freastal ar chuspóirí eile freisin seachas tionscadail a bhaineann le foirgnimh a mhaoiniú;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>17.</NO.P>á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí agus na bearta leanúnacha atá curtha i bhfeidhm ag an bParlaimint chun a lorg comhshaoil a laghdú; á athdhearbhú go dtacaíonn sí go hiomlán le spriocanna chóras bainistíochta comhshaoil (EMAS) Pharlaimint na hEorpa do 2024; ag dréim leis go mbainfidh an Pharlaimint spriocanna príomhtháscairí feidhmíochta uile EMAS amach faoi dheireadh 2024 agus go nglacfaidh sí spriocanna uaillmhianacha nua do na blianta atá le teacht; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go ndearnadh roinnt éachtaí i ndáil leis sin, lena n-áirítear laghdú 44 % ar astaíochtaí carbóin ó 2006, laghdú 66 % ar úsáid páipéir i gcomparáid le 2014, sciar maith den fhoireann a bheith ag siúl nó ag rothaíocht go dtí an obair, laghduithe suntasacha ar úsáid plaisteach, agus leathadh amach rathúil an bhonneagair fuinnimh in-athnuaite, ar ghin an Pharlaimint 458 MWh fuinnimh ghréine ann in 2023;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>18.</NO.P>ag tabhairt dá haire an méadú ar phraghsanna creidmheasa carbóin; á mheabhrú gur modh maith iad infheistíochtaí san éifeachtúlacht fuinnimh chun luach ar airgead a bhaint amach; á chur in iúl gur geal léi na hinfheistíochtaí san fhuinneamh in-athnuaite agus na hinfheistíochtaí chun deireadh a chur de réir a chéile le breoslaí iontaise, agus á mholadh go ndéanfaí na hinfheistíochtaí sin, go háirithe i bhfianaise na géarchéime fuinnimh agus an chomhthéacs gheopholaitiúil agus á mholadh go léireofaí é sa chéad straitéis tógála ilbhliantúil eile; ag tabhairt dá haire go bhfuil painéil ghréine fhótavoltacha suiteáilte ag Parlaimint na hEorpa, agus go bhfuil cinn eile á suiteáil aici go fóill, chun an sciar d’fhuinneamh in-athnuaite a tháirgtear ar an láthair a mhéadú tuilleadh chun sprioc 25 % a bhaint amach; ag meabhrú gurb é iompar daoine is siocair le beagnach dhá thrian de lorg carbóin Pharlaiminte na hEorpa; á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí na Parlaiminte astaíochtaí CO<STRING SUBSCRIPT="on">2</STRING> a laghdú trí thraenacha cairte a úsáid agus á iarraidh go ndéanfaí na hinfhaighteachtaí a mhéadú chun taisteal a aistriú idir na trí ionad oibre chun oiliúint a fháil;
</ACTION></ACTLST><ACTLST><ACTINIT><STRING BOLD="on"><STRING ITALIC="on">Nithe eile</STRING></STRING></ACTINIT><ACTION>
<NO.P>19.</NO.P>ag meabhrú go bhfuil an tAontas rannpháirteach i streachailt leanúnach chun luachanna Eorpacha a chosaint agus sláine ár bpróiseas daonlathach a chaomhnú; á chur in iúl gur geal léi na gníomhaíochtaí a rinne an Pharlaimint chun na cuspóirí sin a bhaint amach, maidir leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise agus na cúblála faisnéise; á iarraidh ar AS COMM agus Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa (EPLOnna) leanúint de straitéisí éifeachtacha a fhorbairt agus a chur chun feidhme chun an bhréagaisnéis agus an ionramháil ar fhaisnéis a chomhrac; á thabhairt chun suntais go bhfuil cumarsáid dhearfach atá bunaithe ar fhíorais maidir le gníomhaíochtaí na Parlaiminte ar cheann de na hairm is cumhachtaí i gcoinne na bréagaisnéise;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>20.</NO.P>á mheabhrú go dtacaíonn an Pharlaimint go láidir leis an ilteangachas agus go gcuireann sí cearta na mionlach náisiúnta, réigiúnach agus teanga chun cinn; á mheas gur féidir leis an bParlaimint rannchuidiú go gníomhach leis an gcomhrac i gcoinne na bréagaisnéise trína cumarsáid a dhoimhniú freisin i measc mionlaigh teanga agus i dteangacha pobal i gcás inarb iomchuí; á cheangal ar an mBiúró an méid táirgthe agus scaipthe ábhar cumarsáide a dhéanann an Pharlaimint a leathnú, arb ábhair iad atá i gcomhréir le riachtanais mionlach náisiúnta, réigiúnach agus teanga sna Ballstáit, mar shampla in EPLOnna agus in Ionaid Europa Experience mar bhealach chun cur i gcoinne aon iarrachta a dhéantar brath ar dhifríochtaí teanga chun bac a chur ar chomhtháthú; á mheabhrú, sa chiall sin, go bhfuil iarrachtaí déanta ag Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa i dtíortha Baltacha chun faisnéis a sholáthar do shaoránaigh san Úcráin agus sa Rúis ó thús chogadh foghach na Rúise san Úcráin, agus béim ar leith á leagan ar chur i gcoinne bhréagaisnéis agus bholscaireacht na Rúise agus á mholadh go leanfaí de thacaíocht a thabhairt do ghníomhaíochtaí den sórt sin agus iad a chur chun cinn in Úcráinis agus i Rúisis; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá rannpháirtíocht ghníomhach EPLO i gcur chun feidhme obair na Parlaiminte maidir le hoideachas saoránachta trí iliomad clár a bhfuil pobail áitiúla, scoileanna agus ollscoileanna rannpháirteach iontu;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>21.</NO.P>á chur i bhfios go láidir acmhainneacht na hIntleachta Saorga (IS) chun tacú leis na Feisirí a sainordú a fheidhmiú agus le haghaidh gníomhaíochtaí éagsúla riarachán na Parlaiminte; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil tionscadail in IS ar na bacáin cheana féin le haghaidh 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>22.</NO.P>ag tacú leis an bhfógra a rinne an tArd-Rúnaí sa Choiste um Buiséid chun an t-ualach riaracháin agus an maorlathas a laghdú do na Feisirí agus dá n-oifigí, agus dlús á chur le digitiú na bpróiseas laistigh den riarachán ag an am céanna; á chur i bhfáth go bhfuil toradh ar an infheistíocht á ghiniúint sa mheántéarma ag infheistíochtaí sa digitiú agus nár cheart moill a chur orthu ar mhaithe le coigiltis chostais sa ghearrthéarma;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>23.</NO.P>á iarraidh ar an bParlaimint leanúint de mheasúnuithe rialta a dhéanamh ar eagrú a riachtanas pearsanra, chun an leas is fearr is féidir a bhaint as athdháileadh na foirne in Ardrúnaíocht na Parlaiminte, go háirithe trí phoist fholmha a ath-leithdháileadh idir seirbhísí chun leibhéil foirne sheasta a choinneáil a mhéid is féidir; á iarraidh ar an Ardrúnaí measúnú a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann le líon méadaitheach gníomhairí ar conradh a fhostú, lena n-áirítear an baol struchtúr foirne dhá shraith a chruthú laistigh de Pharlaimint na hEorpa; á áitiú gur cheart do bhaill foirne bhuana príomhphoist agus príomhchúraimí buana a dhéanamh;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>24.</NO.P>á thabhairt chun suntais gur cuid thábhachtach de chruthú seirbhíse poiblí fíor-Eorpaí é cothromaíocht gheografach chóir a áirithiú; á thabhairt dá haire, thar na blianta, go bhfuil roinnt beart déanta ag an bParlaimint ina leith sin; á thabhairt dá haire go bhféadfaí feabhas a chur ar chúrsaí fós; á thabhairt dá haire gur chruthaigh an Biúró an creat dlíthiúil chun comórtais a bhaineann go sonrach le náisiúntacht a eagrú agus gur chinn sé an chéad cheann de na comórtais sin a eagrú; á thabhairt chun suntais gur cheart comórtais a bheith bunaithe ar fhiúntas i gcónaí;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>25.</NO.P>ag cur suntas sa nós imeachta atá i bhfeidhm cheana le haghaidh iarrataí ó úsáideoir comhlachta pharlaimintigh ar ateangaireacht Teanga Chomharthaíochta Idirnáisiúnta ag cruinniú; á iarraidh ar an Ard-Rúnaí leanúint d’fhéidearthachtaí eile a fhiosrú, amhail uirlisí Caint-go-Téacs agus meaisínaistriúcháin i ndáil le prionsabal na rochtana comhionainne do gach saoránach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>26.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata, arna glacadh roinnt uaireanta ar leibhéal an tSeisiúin Iomlánaigh, go gcuirfeadh an Biúró tús leis an obair ar athbhreithniú a dhéanamh ar na Rialacha Nós Imeachta lena gcuirfi ar chumas na bhFeisirí a gceart vótála a fheidhmiú go cianda, agus iad ag tairbhiú de shaoire mháithreachais nó atharthachta, le linn breoiteacht fhadtéarmach nó i gcásanna <STRING ITALIC="on">force majeure</STRING>, agus leas á baint as na ceachtanna a foghlaimíodh le linn na paindéime maidir le gnéithe teicniúla an mhodha vótála sin;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>27.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar an mBiúró a ráthú go ndéanfaidh gach bialann laistigh den Pharlaimint a gcaighdeáin cháilíochta, éifeachtúlachta agus inacmhainneachta a choinneáil ar bun, agus rialú rochtana a thabhairt isteach arís ag na bealaí isteach chuig an mbialann féinseirbhíse le linn buaic-ama; á chur in iúl gur geal léi cur chun feidhme na rialuithe rochtana ag bealach isteach bhialann fhéinseirbhíse WEISS in Strasbourg le linn na bpáirtseisiún;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>28.</NO.P>á iarraidh go mbeadh tiomantas dílis ann chun prionsabal an ilteangachais a bhaint amach;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>29.</NO.P>ag athdhearbhú a hiarrata ar Chomhdháil na nUachtarán agus ar an mBiúró athbhreithniú a dhéanamh ar na forálacha cur chun feidhme lena rialaítear obair na dtoscaireachtaí agus na misean lasmuigh den Aontas; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbreithneofaí, leis an athbhreithniú sin, an fhéidearthacht go mbeadh tionlacan CPCanna, faoi réir coinníollacha áirithe, ag na Feisirí atá ar thoscaireachtaí oifigiúla agus ar mhisin oifigiúla Pharlaimint na hEorpa; á thabhairt chun suntais nach mbeadh aon athrú ar an imchlúdach mar thoradh ar an athrú sin agus go mbeadh sé neodrach ó thaobh an bhuiséid de;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>30.</NO.P>ag dréim leis gur cheart iarrataí a ndearnadh vótáil orthu sa Seisiún Iomlánach a chur chun feidhme mar ábhar ardtosaíochta;
</ACTION><SEPARATION>

</SEPARATION><ACTION>
<NO.P>31.</NO.P>ag glacadh na meastachán don bhliain airgeadais 2025;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>32.</NO.P>á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na meastacháin a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST></SDOCTA>