<?xml version="1.0" encoding="UTF-8" standalone="no"?><SDOCTA xmlns:xsi="http://www.w3.org/2001/XMLSchema-instance" STATUS="DEF1" xsi:noNamespaceSchemaLocation="TA.xsd"><IDENT><STRING BOLD="on">P9_TA(2024)0378</STRING></IDENT><TI><STRING BOLD="on">Creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpas a neartú</STRING></TI><HIDDEN><STRING HIDDEN="on" ITALIC="on">(A9-0343/2023 - Rapóirtéir: Christian Ehler)</STRING></HIDDEN><TXTLST><RESOL><TI><STRING BOLD="on">Rún reachtach ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Aibreán 2024 ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta táirgí teicneolaíochta glan-nialasachta na hEorpa a néartú (An Gníomh um an Tionscal Glan-nialasachta) (COM(2023)0161 – C9-0062/2023 – 2023/0081(COD))</STRING></TI><NOTE>(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)</NOTE><TEXT><PREAMBLE><PRINIT><STRING ITALIC="on">Tá Parlaimint na hEorpa,</STRING></PRINIT><GRVISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2023)0161),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0062/2023),
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 13 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C 349, 29.9.2023, lch. 179.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún an 5 Iúil 2023<FOOTNOTE><FIELD> IO C, C/2023/254, 26.10.2023, ELI: http://data.europa.eu/eli/C/2023/254/oj.</FIELD></FOOTNOTE>,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta agus don gheallúint a thug ionadaí na Comhairle i litir dar dáta an 16 Feabhra 2024 go ndéanfadh sí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach,
</VISA><VISA>
<NO.P>–</NO.P>ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0343/2023),
</VISA></GRVISA></PREAMBLE><DISPOSITIF><ACTLST><ACTION>
<NO.P>1.</NO.P>ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>2.</NO.P>á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
</ACTION><ACTION>
<NO.P>3.</NO.P>á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
</ACTION></ACTLST></DISPOSITIF></TEXT></RESOL></TXTLST><TXTLST><IDENT TCLINK="YES"><STRING BOLD="on">P9_TC1-COD(2023)0081</STRING></IDENT><OTTXT><TI><STRING BOLD="on">Seasamh ó Pharlaimint na hEorpa arna ghlacadh ar an gcéad léamh an 25 Aibreán 2024 chun go nglacfaí Rialachán (AE) 2024/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat beart a bhunú chun éiceachóras monaraíochta teicneolaíochta glan nialasachta na hEorpa a neartú agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1724</STRING></TI><NOTE><STRING ITALIC="on">(Ós rud é gur tháinig an Pharlaimint agus an Chomhairle ar chomhaontú, comhfhreagraíonn seasamh na Parlaiminte don ghníomh reachtach críochnaitheach, Rialachán (AE) 2024/1735.) </STRING></NOTE></OTTXT></TXTLST></SDOCTA>